Page:An Crann Geagach.djvu/32

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


na lasracha sin nach raibh le feiceál i n-aon tuar ceatha ariamh, agus dá mbéadh an t-eólas agam d’fhéadfainn innseacht cé’n cineál ádhmuid as ar fhás gach lasair díobh. Acht ní raibh an t-eólas sin agam an uair sin faraoir.

Chuirfeadh fiadhántas agus sgréachaoil na lasracha uamhan ar do chroidhe. Má bhí dath faoi leith ar gach lasair díobh de réir a bhunúis, bhí ceól faoi leith ag gach lasair díobh freisin, agus níor sáruigheadh a gceól ná a bgfiadhántas siúd acht ag teanga mná nimhnighe. . . .

Ceól na n-ádhmad n-éagsamhail, agus mo cheól féin, agus an chaoi lasadh suas an choill mór dtimcheall ar na teine ba siocair leis an dáil éanlaith bhí thart ann. Dá n-abrainn go raibh níos mó ná fiche cineál díobh ann ní shílim go mbéinn ag déanamh aibhéise. Bhíodar annsin thart ann ar na craobhachaibh go socair marbhánta: ní bheadh ort acht éirghe agus lámh a shíneadh amach uait le breith ar dhosaén díobh. Rugas féin ar suas le deich gcinn de dhruideógaibh gan aon duadh. Chas mé a muineál agus sháith mé isteach i sac iad, agus is maith an béile rinne mé dhíobh n-a dhiaidh sin. . . .

Acht maidir le m’asal beag dubh—ní fios dom an codladh nó tuirse nó dithleaghadh bhí air; níor chuir sé suim dá laghad i n-aon nidh dá raibh ’n-a thimcheall acht é chomh solamhanta diamhair le árd-chonstábla go mbéadh príosúnach poilitidheach i ngreim aige.

Ní raibh fonn codalta orm agus d’fhan mé thart ar an teine, ag bailiú brosna agus mionn-ádhmuid agus ghá dhóigheadh go raibh an lá ann beagnach....

28