Page:An Crann Geagach.djvu/27

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


gcraoibh go bhfuair áit comhnaidhthe agus codalta dhó fhéin ar chraoibh eile. Ní fhacas féin é acht bhí fhios agam go ndeárna sé mar dubhras, mar chuir sé dá ghíog uaidh ceann ar gach aon chraoibh sul má tháinic a shuan agus a shámh-chodladh air arís. Éan eile bhí ann, ulchabhán de chinéal nach bhfeictear agus nach gcluintear acht go fíor-annamh, agus chuir seisean cor codramánta dhe. Labhair sé go codlatach agus go tuirseach n-a chanamhaint féin, díreach is dá mbéadh sé ag iarraidh chur i gcéill do mhíoltaibh is d’éanlaith na hoidhche cé’n doilgheas bhí ar a chroidhe go raibh a chineadh beagnach sguabtha de thalamh na hÉireann. Acht níor tugadh aon áird ar a ghlór ná ar a bhrón acht an oiread is tugadh ar ghlór luinduibh chuir an chéad shiolla dá cheól áthasach féin dhe.

Agus bhí a lán eile de chlannaibh na ngob agus na sgiathán ann a dhúisigh, agus thug cor agus rinne ceól de réir a ndúthchais, acht nach raibh eólas beacht agam féin cé na treibheacha de sheacht sgór dár díobh iad. Ní raibh d’eólas agamsa acht gur dhúisigh gach ceann díobh: gur thug cor, gur labhair ar a nós féin; ’tuige ar chorruigheadar agus ’tuige ar labhradar agus gan baoghal air bheith n-a lá?

Bhí asal ceangailte i n-aice liom—m’asal beag dubh féin. Bhí sé n-a luighe ar an talamh gan cor as. Thóg seisean a cheann agus labhair sé go bríoghmhar dána. Rinne bó bhí sgathamh uaim géimneach. Rinne searrach seitreach. Rinne caora méidhleach. Rinne mé féin brón agus doilgheas....

23