Page:An Crann Geagach.djvu/26

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


An ghaoth imeasg na gcrann! A amadáin an tsaoghail seo....

Fuaim eile: crann mór cnóchapaill bhí ar mo láimh dheis agus d’éirigh sna craobhachaibh b’uachtaraighe dá raibh air. Bhí rud mór trom éigin ag tuitim anuas ar thalamh agus ag bualadh i n-aghaidh na ngéag agus na gcraobh bhí roimhe sa tslighe. Céard bhí ann? Bhí an ceól bhí sna lom-gheaghaibh ar ball beag thart faoi seo, agus an oidhche chomh ciúin le aon oidhche dá dtáinic ariamh agus gan fuaim le clos acht an torann seo bhí i n-áirde i ngéagaibh uachtaracha an chrainn chnóchapaill—rud mór trom éigin ag tuitim anuas ó chraoibh go craoibh go mall agus go millteach i gciúineas na hoidhche.... Tháinic sgannradh ar mo chroidhe agus mé ’mo luighe annsin faoi’n gcrann ’san oidhche; acht ní sgannradh saoghalta tháinic orm. Ní headh ar chor ar bith acht uamhan roimh chomhachtaibh diamhra nár thuigeas...

Bhí sé ag tuitim anuas, ag tuitim anuas i gcomhnaidhe agus an torann bhí uaidh ag dul i méid gur cheapas go raibh aingeal nimhneach feargach ag caitheamh réaltóg liom nach raibh mé dílis do m’anam féin...

Sa deireadh thuit an rud le m’ais. Ar lic thuit sé—an torann sin i gciúineas na hoidhche! Agus gan ann acht cnó-capaill, an ceann deireadh dá raibh ar an gcrann sílim.

Dúisigheadh éan beag sa sgeich. Bhain an chréatúr bocht creathadh as féin. Thug léim ó’n

22