Page:An Crann Geagach.djvu/25

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


CROIDHE-BHRUGHADH NA CRUINNE

An raibh sé n-a lá?

Ar osgailt na súl dhom chonnaiceas réaltóg mhór gheal crochta ar an spéir ós mo chionn n-a lóchrann áluinn aoibhinn agus í ag deallramh anuas orm trí lom-ghéagaibh crainn fuinnseóige bhí le m’ais; bhí bealach na bó finne n-a bhothar airgid treasna na spéire—an té go mbéadh a anam n-a dhúiseacht i gceart chidhfeadh sé na sluaighte aingeal ag gabháil an tslighe sin; réaltóg eile nár aithnigheas ag bun na spéire thoir, agus leis an spréacharnaigh bhí ó’n réalt sin sílteá go raibh ceól neimhe ghá ghabháil aici acht nach bhféadfá an ceól sin a chlos mar gheall ar locht éigin daonna ar do chluais nó i do chroidhe féin.

Corruigheadh na géaga loma bhí ar an gcrann fuinnseóige ós mo chionn; corruigheadh gach luibh agus lus dá raibh thart orm; seadh an ghaoth imeasg na gcraobh dar leat-sa, acht ní chreidim-se a leitheid, agus nach bhfuil an oiread de’n cheart agamsa a rádh nach cumhacht saoghalta, nach í an ghaoth bhí ag déanamh an ghnímh is tá agat-sa a mhalairt a rádh?

Bhí an oidhche chomh ciúin is a bhfaca tú ariamh, gan smathamh as aér, gan torann dhá laghad, gan fuaim dhá laige le clos, go dtí gur thosuigh an ceól seo sna craobhachaibh—má cheapann tú gurbh é ceól na gaoithe bhí ann an misde dhuit innseacht dom cé’n chaoi ar chualas mar bheadh na mílte míle fear beag bídeach ag tarraint síoda drithleannach ar an bhféar feósaidhe le m’ais?


21