Page:An Crann Geagach.djvu/24

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


é choinneál. Chuireadh sé cluas air féin i dtosach; annsin chraitheadh sé é féin ar nós madra bhéadh thar éis theacht as an uisge; agus sul a mbéadh fhios agad, bhéadh sé ag imtheacht leis n-a feire-glinte. Bhí liom.

Cheangail mé de gheata é. Isteach liom sa gcoill. Bhain mé lán mo ghabháil d’úrdhuil-leabhar. Rinne mé fleasg dhe, gur chuir mé faoi n-a mhuineál agus ós cionn a dhá chluais é nuair bhíomar ag imtheacht as an gcoill.

An beithidheach bocht! Ní faca tú ariamh acht an siubhal rinne sé. Níor cheap sé acht go raibh sé sa gcoill i gcomhnaidhe leis an ceól bhí ’n-a chluasaibh. Nuair shroicheamar Baile Uí bhFíodhcháin, tháinic muinntir an bhaile uile go léir amach go bhfeicfidís an t-iongnadh— mé féin agus m’asal beag dubh a raibh an choróin chraobhach ar a cheann……

Tá an t-asal beag dubh agam go fóill agus beidh go gcaillfear é. Is iomdha míle fada chuireamar dhínn le chéile faoi fhearthainn agus faoi bháistigh, faoi shioc agus faoi sneachta. Sgar sé le cuid dá dhroch-nósaibh leis an aimsir— rud nár eirigh liomsa dhéanamh. Agus sílim go bhfuil a fhios sin ag m’asal beag dubh chomh maith le duine……

Acht ní fhaca tú ariamh acht an eirghe ’n-áirde tá ann ó cheannuigheas cárr beag glas uaithne gleóite dhó! Ag dul i n-óige atá sé, an beithidheach bocht!


20