Page:An Crann Geagach.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

tig linn annsin ar ndóigh, aghaidh thabhairt ar shráid-bháile éigin, dul isteach i dteach ósta, suidhe teineadh ann, fíon Spáinneach d’ól ann, aithne chur ar dhaoine ann, comhluadar dhéanamh ann, an oidhche chur thart ann—nó imtheacht linn ar ár mbealach agus ar ár slighe féin arís.

* * *

Éirigh, a chara na gcarad, agus siubhail uait liomsa go leighsighidh mé do ghalar dubhach. Cuir umat agus gluais liomsa amach faoi na beannaibh árda maordha, faoi choillte duaibhseacha giumhaise, thar sruthánaibh ceólmhara, le bruach linnte fuara sléibhe mar a gcomhnuidheann na mílte éanlaith.

Siubhail uait liomsa agus ná déan aon mhóill....

13