Page:An Crann Geagach.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

agus fuinneamh i gceól na n‑éan. Eireóchaidh sinn, agus ceól n‑ár gcroidhe agus ar ár mbéal féin. Buailfimid isteach sa gcoill, agus má bhíonn aon rath linn beidh coinín maith againn i gcomhair ár mbricfasta.

Ní bheidh an ghrian i bhfad n‑a suidhe go mbeidhmid ar an mbóthar arís, agus gluaisfimid linn gan duadh gan doicheall, mise agus tusa agus an t‑asal beag dubh; agus nuair thiocfas teas san ngréin, amach faoi mheadhon an lae, toghfaidh sinn an áit is feileamhnaighe le n‑ar sgíth a leigint agus le béile a chaitheamh.

Agus cuirfimid laethe breághtha gréine, an earraigh thart ar an dóigh sin go socair suaimhneach sásta....

* * *

Éirigh, a chara na gcarad, tréig an chathair agus an imnidhe, agus siubhail uait liomsa amach faoi’n bhfásach. Tá a lán agam le bronnadh ort: suaimhneas agus socamhlacht, sonas agus sástacht, eólas agus aithne ar mhór-mhíoltaibh agus ar mhionn-mhíoltaibh Dé, aoidheacht agus aoibhneas—agus an ghaoth andeas chuirfeas ag gáire tú gidh trom do chroidhe anocht....

Má thig báisteach agus droch-shíon orainn nó sioc agus sneachta as a dtráth, bhéaraidh mé fosgadh agus folach dhuit nach n‑aithneóchaidhe tú má’s fliuch tirm an lá, má’s fuar meirbh an oidhche go sgaoilidh tú anuas díot an brón agus an doilgheas croidhe atá ort anois. Má airigheann tú thú féin ag eirghe túirseach, nó uaigneas na hoidhche ag cur ort go ró-mhór,

12