Page:An Crann Geagach.djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

fhághail ar aon leabaidh eile le do bheó arís. Acht tá faitchíos orm go mbeidh tú roinnt sgannruighthe an chéad oidhche bheas tú liomsa sa gcoill.

Cloisfidh tú fuaimeanna nár chuala tú ariamh cheana: coill ghiumhaise atá sa gcoill seo, agus bíonn ceol ag an ngiumhais nach mbíonn ag aon chrann eile dá bhfásann—ceól caol cruaidh is minice bhíos ag an gcrann sin agus é ag síor-chaoinead na marbh. Má bhíonn gaoith mhór ann, cloisfidh tú tormán uathbhásach i mbárr na gcaol-ngéag spíonta—taisí agus ain-sprid na hoidhche agus na gcoillte ag tógáil clampair agus achrainn, d’eile? Acht má bhíonn an oidhche ciúin, cloisfidh tú a mhalairt de cheól ós do chionn, ceól bog suanmhar chuirfeadh dúnmharbhthóir chun codalta....

Cuirfidh tú aithne freisin ar thafaint nimhneach uaigneach an tsionnaigh, agus é ar thóir bidh faoi mheadhon oidhche; ar ghíog eaglach an choinín; ar sgréach an ghirrfhiaidh; ar fhead truaigh-mhéiléach na luchóige coille, agus í i ngreim; acht ’siad éanlaith na coille is mó chuireas ort go mór-mhór roimh an lá. Éan beag nach n‑aithnighim féin, ’sé sin thosuigheas an obair, acht go bhfuil ceól aige atá an-chosamhail le ceól na spideóige—acht fainic, má bhíonn tú ’do dhúiseacht ag éisteacht le aon fhuaim d’fhuaimeanna oidhche na coille, cuma cé’n lúthgháir bhéas ort nó méala, ná dúisigh mise ar a bhfaca tú ariamh: má dhúisigheann, creid mise ann, go cloisfear gleó sa gcoill nach gcloistear ann acht go hannamh....

Tiocfaidh an chéad léas de sholus an lae. De réir a chéile tiocfaidh brígh agus borradh

11