Page:An Crann Geagach.djvu/14

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


tú isteach i dteach díobh, agus tú ag gabháil thart liomsa, b’fhéidir go dtiocfaidh cineál uaignis ort agus orm féin. Acht ní fiú trácht ar a leithéid de thocht. Ní mhaireann sé aon achar. Imthigheann sé mar lóchrann roimh an ngaoith.

Agus beidhmid ag imtheacht linn ar ár socamhlacht go sroichimid coill bheag ghiumhaise atá ar eólas agamsa. Is annsin chuirfeas sinn ár gcéad oidhche tharainn.

,Crochfaidh mé an puball ar a chuid cliath. Cruinneóchaidh an bheirt againn brosna. Fadfaidh mise teine i mbéal an phubaill ós mise is feárr chuige: acht caithfidh tusa an chéird sin, agus an uile chéird eile bhaineas leis an saoghal bhéas againn faoi’n spéir a fhoghluim—beidh mé crosta go leór leat mara mbeidh tú i n-ann teine fhadú i ndíg fhliuch le craobhachaibh glasa lá baistighe, mara mbéidh tú i n-ann béile taithneamhach dhéanamh de shean-chnámh agus cúpla creathán, an puball a chrochadh ar na cliathaibh, breith ar an asal beag dubh ar maidin, laincís a chur air i gcomhair na hoidhche, na leapeacha a chóiriú, uisge folláin aithneachtáil thar droch-uisge, agus suantraigh a ghabháil dom má bhíonn a leithéid i n-easbaidh orm aon oidhche!

Múinfidh mé an méid sin d’ealadhain an tseachránaidhe dhuit. Acht i dtosach, ar chaoi ar bith, fadfaidh mé an teine, gheobhfaidh mé an fíor-uisge, gléasfaidh mé an biadh, deasóchaidh mé na leapeacha—fan go bhfeicidh tú dhá leabaidh gleóite compóirdeacha luasgacha dhéanfas mé as an tsean-tseól! Ní bheidh fonn ort taobh

10