Page:An Crann Geagach.djvu/12

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


mborruighthear do mheanmna, go leighseóchar do ghalar dubhach, go bhfáiltighmid beirt roimh an earrach agus roim aithbheóchaint an tsaoghail....

* * *

Sé an chaoi a rachamuid an chuid is mó de’n bhealach de shiubhal cos; acht beidh an t-asal beag dubh linn, agus an charr glas uaithne gleóite cheannuigh mé dhó n-a dhiaidh, agus ár n-earraidhe uile go léir istigh ann ionnós nach mbeidh ualach ar bith orainn má chaitheann tusa dhíot an brón agus an doilgheas croidhe....

Agus ní ualach mór bhéas ar an asal bocht acht oiread: ní bheidh air acht rudaí bhéas ag teasdáil uainn i gcomhair ár dturais—puball rinneas féin de sheantseól báid, le drúcht agus fliche na hoidhche choinneál amach uainn, bosga agus ádhbhar bidh ann agus gléas le n-a ullmhú, dá phíosa de’n tseantseól dá ndeárnas mo phuball a dheanfas dhá leabaidh tirim dúinn; seadh, sin a bhéas againn ar an gcárr, acht an cúpla súsa thiubhras tú féin leat.

Nach againn bhéas an saoghal! An bóthar breágh fada bán sínte amach rómhainn ghár mealladh agus ghár ngríosadh chun siubhail, cumhracht an earraigh ag éirghe aníos as an ithir, teas bog ó’n ngréin, leoithne andeas lochtaighthe le bolthaidh aoibhne na créafóige agus na n-úrghas, agus mise agus tusa ag gluaiseacht linn ar ár gcomhairle agus ar ár dtoil agus ar ár suaimhneas.

Tiocfaidh blátha de’n uile chineál amach ag baint bárr áilne dá chéile. Gabhfaidh tusa ag

8