Na deartháireacha

From Wikisource

Jump to: navigation, search

[edit] Orthographic text

Na deartháiracha

Bhí sin ann fadó fear bocht agus bean bhocht, agus bhí triúr clainne acu. Ní raibh aon tslí bheatha acu ach an fear ag obair i muileann. Tháinig an fear seo isteach lá, chuig bean an tí, agus d'fhiafraigh sé dhi cén tslí bheatha a bhí acu. Dúirt sise leis nach raibh slí ar bith acu, ach gach a saothródh sé sa lá, é a chaitheamh san oíche. Bhí ceann den chlainn nár shiúil ariamh, is nár labhair ariamh, agus dúirt an fear léi ansin, dhá gcuireadh sí an chlann do dhíth, go mbeidís saibhir sách an fhad is mhairfidís.

"Ó, cad é an chaoi a ndéanfainn sin?" adúirt sise.

"Cad é an chabhair dhófa bheith ag fáil bháis leis an ocras?" adúirt sé.

Thug sí toil ansin déanamh chun bealaigh leofa; agus nuair a tháinig a fear abhaile san oíche, d'inis sí an scéal dhó.

"Is cad é an chaoi a ndéanadh muid chun bealaigh leofa?" adúirt fear an tí.

"Cad é an chabhair dhófa féin agus dhúinn féin", adeir sí, "bheith ag fáil bháis leis an ocras?"

Thug sé iarracht ansin tabhairt isteach dhi; agus dúirt sí leis iad a chur amach sa scioból, a bhí ansin amuigh, agus tine a thabhairt dó, san oíche.

Bhí go maith, más go maith é. Cuireadh amach iad. Bhíodar istigh sa scioból ansin, an triúr acu, agus an té nár labhair aon fhocal roimhe sin, dúirt sé leofa éirí amach as sin; go mbeadh an scioból ina thine go gairid.

"Muise", deir ceann acu leis an gceann eile, "ná raibh forás ort, mur deas an chéad fhocal comhrá a tháinig duit ó rugadh thú!"

Bhuel, ní rabhadar ag tabhairt isteach dhó, agus dúirt seisean, "Fanaigí ansin má thograíonn sibh é", is shiúil sé leis amach, rud nach ndearna riamh roimhe. Dúradar le chéile ansin gur dóichí go raibh a fhios aige rud éicinteacht. Bhí an triúr acu amuigh cois chloidhe nuair a chonaiceadar an scioból ina thine. D'imigh leofa ansin, an triúr acu, is tháinigeadar go dtí trí crosbhóithre. Dúradar le chéile, ceann acu a ghoil ar gach aon bhóthar, agus dhá mbeidís beo, iad míotáil aríst ann bliain ón lá sin. Bhuaileadar leofa, agus bhí an fear seo—nach raibh aon tsiúl aige—ag imeacht leis, agus casadh duine uasal dhó. D'fhiafraigh sé dhó cé raibh sé ag goil. Dúirt sé leis go raibh sé ar thuairisc máistir.

"Is maith mar atá", adúirt an máistir, "tá mé ar thuairisc buachaill. Is é an jab a bheas agamsa dhuit anois", adúirt sé, "ag cumhdach caisleán; agus níl aon duine dhá dtéann ann nach mbíonn marbh ar maidin."

"Déanfaidh sin", adeir an buachaill, "níor maraíodh go fóill muid!"

Thug sé leis é, agus fuair sé a shuipéar go maith, agus thug sé go dtí an caisleán é.

"An bhfuil leabhar maith agat?" adeir an buachaill.

"Tá", dúirt sé.

"Agus tabhair dhom coinneal", adeir sé, "agus las ar an mbord í."

Rinne sé sin. D'fhág sé beannacht aige, agus ghabh sé go dtí n-a theach féin. Amach san oíche, am éicinteacht, bualadh rap ar fud an tí, a chrith an caisleán; agus tháinig sé aríst, ní ba mhó ná sin, agus an tríú rap shiúil an fear aniar chuige. "Is buachaill maith thú", adúirt an fear leis. "Is iomaí buachaill maith a maraíodh sa teach seo, d'uireasa a ndíol misnigh a bheith acu."

"Bhuel, cad é an t-éagruas atá ort?" adeir a buachaill.

"Bhí mé ansin i mo thiarna talún", deir sé, "agus chuir mé amach baintreach as a teach, agus níl aon uair a dtéann sí ar a glúine, maidin ná tráthnóna, nach bhfuil sí tabhairt a míle mallacht orm. Agus mura ndéanfaidh tusa maith dhom", adeir sé, "níl aon duine eile in ann maith a dhéanamh dhom."

"Cad é an chaoi a ndéanfaí maith dhuit?"

"Tá", deir sé, "déarfaidh tú le mo mhac bocht agus nocht a chruinniú, tine chnámh a dhéanamh, ól agus ithe a bheith ann; agus, dhá bhféadfá ar chaoi ar bith é, an bhaintreach sin a thabhairt leat ar a mbanais; agus nuair a bheas a bhanais caite, ghoil thart ar an teach agus gach uile dhuine guibhe ar an té ar bailíodh an bhanais sin air."

"Cad é an chaoi a dtiúrfainnse an bhean sin ann?"

"Tabhair leat ar chaoi ar bith í, má fhéadann tú é."

Tháinig an máistir isteach ar maidin an lae sin, agus d'fhiafraigh sé dhó cén chaoi a raibh sé, ná raibh aon scéal nuaidh aige. Dúirt sé leis nach raibh, ach go raibh sé ag caint lena athair aréir.

"Buachaill maith!" adeir sé, "cad éard dúirt sé leat?" D'inis sé dhó.

"Déanfaidh sin", adeir an mac. Ach meas tú cad é an chaoi a ngeobhfá an bhean sin," adeir sé, "a thabhairt chuig an bhféasta?"

"Déanfaidh mise mo dhícheall lena tabhairt ann."

Bhí an lá leagtha amach leis an bhféasta a bheith acu. Fuair an buachaill capall ón mac, agus diallaid. D'imigh leis agus níor stop sé go dtáinig sé chuig an teachín a raibh sí féin agus an iníon ina cónaí ann. Cheangail sé a chapall ar an gcloidhe taobh amuigh. Fuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín uirthi.

"Muise", deir sí, "an sórt teach atá agam, níl sé sách maith ag duine ar bith le cur suas ann, ach", adeir sí, "bhí teach maith agam roimhe seo, agus mo sheacht míle mallacht don té ba siocair le mo chur anseo!"

"Ó", deir sé, "ná habair sin! Maith dhó!"

"Faraor", adúirt sí, "níl mé in ann!"

"Tá tú in ann!" adúirt sé. Chaitheadar an oíche ansin ag caint le chéile.

"Tiocfaidh mise chugat a leithéid seo de lá", adeir sé aríst, "agus beidh féasta ann, agus tiúrfaidh mé ann thú."

"Is cad é an chaoi rachainnse ina leithéid sin d'áit, ar an gcaoi a bhfuil mé?"

"Ná bac leis sin", adúirt sé, "tiocfaidh mise agus gléasfaidh mé thú."

Bhí go maith is ní raibh go dona. Nuair a bhí an lá leagtha amach leis an bhféasta a bheith ann, fuaidh sé—é féin is a chóiste—ar thóir na seanmhná agus an iníon. Thug sé ann iad, agus bhí ól agus ithe ann. Ansin, d'iarr sé orthu a ghoil thart ar an tine agus guibhe ar an té ar bailíodh an féasta sin air. Fuadar thart ar an tine agus chuireadar beannach Dé le hanam an té sin, agus tháinig seisean ós a gcionn, ina phláinéid gheal, agus fuaidh sé go na flaithis. Fuair sise an góltas a bhí ag an iarla, í féin agus an iníon; agus fuadar abhaile, chuile cheann acu ag tarraingt ar a áit féin.

Ansin, nuair a tháinig sé chuig an lá agus bliain, dúirt an buachaill go gcaithfeadh sé éirí amach agus lá a bheith aige dhó féin. Thug an máistir capall agus diallaid agus srian dó, agus d'imigh leis go ndeachaigh sé go dtí na trí crosbhóithre ar imigh sé féin is a bheirt deartháir ó chéile lá agus bliain roimhe sin.

Bhí sé scaitheamh ag goil siar is aniar ansin ar a chapall, go dtáinig ceann de na deartháireacha chuig an gcrosbhóthar. Bheannaigh seisean don deartháir, ach níor aithnigh an deartháir é. Bhíodar scaitheamh ann, ag comhrá, nuair a tháinig an deartháir eile chomh fada leofa. Shuigheadar síos ag ligean an scíth, is chuir seisean caint orthu. Dúirt sé leofa gur dóichí go raibh éagruas éicin6 orthu. Dúradar leis nach raibh, ach "Bliain sa lá inniu, bhí muid anseo cheana, agus bhí triúr againn ann, ach tháinig muide ann, agus is dóichí nach bhfuil an ceann eile ag maireachtáil. Go deimhin," adúirt siad, "ní raibh sé láidir in aon am!"

"An aithneodh sibh bhur ndeartháir?" adúirt sé.

"Ba cheart dúinn go n-aithneodh," adúirt siadsan, "dhá bhfeicfeadh muid é."

"Bhuel, tá sibh ag caint leis," adeir sé. "Anois," adeir sé, "gabhfaidh mise go dtí an teach ar tóigeadh muid"; agus fuaidh.

Tháinig sé isteach chuig a mháthair. D'fhiafraigh sé dhi cén tslí bheatha a bhí acu. Dúirt sise leis go rabhadar go beo bocht. "An raibh aon duine clainne riamh agaibh?" dúirt sé.

"Ní raibh," adúirt sí.

"Á, a chaile," dúirt sé, "mar sin a bheas tú!" D'imigh leis chuig na deartháireacha aríst. "Anois," adeir sé, "má thagann sibh liomsa, ní dhéanfaidh sé dochar dhaoibh."

"Ní fearr dhúinn rud dhá ndeánfadh muid," adúirt siadsan.

Ghabh siad leis. Ghléas mac an iarla suas iad, é féin is iad féin, agus bhí áit an duine uasail acu chúns mhair siad.

[edit] Phonetic transcription

Nə d´r´iha:rəxi:

v´i: s´in´ a:n fado: f´ar boxt əgəs b´an woxt əgəs v´i: t´r´u:r klaN´ə ku: | N´i: rəu e:N´ t´l´i: v´ahə ku: ax ə f´ar ə gobər´ ə mil´əN | ha:n´ək´ ə f´ar s´o s´t´ax La: eg´ b´an ə t´i: agəs´ d´iərhə s´e: ɣix´ k´e:N´ t´l´i: v´ahə v´i: aku: | du:rt s´is´ə l´es´ Nəx ro s´L´i: b´ix´ əku: ax gax ə si:rho:t´ s´e: sə La: e: xahə sə Ni:x´ə | v´i: k´aN gən xlaN´ Na:r x´u:l´ əˈr´iəv əs Na:r ləuər´ əˈr´iəv agəs du:rt´ ə f´ar l´e:x´ ən´s´ən´ a: gir´ət´ s´i:n xlaN gə ji: gə m´ed´i:s´ sev´ər´ sa:x ə Nats war´hid´i:s´

o: gə t´e:n xi: N´i:nhin´ s´in´ əˈdu:rt s´is´

gə t´e:n xəuər o:fə v´eh ə fa:l´ wa:s´ l´es´ ə Nukrəs əˈdu:rt s´e:

hug s´i: til´ ən´ˈs´in´ d´i:nu:m´ b´ali: l´o:fə agəs Nuər´ ə ha:n´ək´ ə f´ar əˈwal´i: səN i:x´ə d´iN´əs´ s´i:n´ s´k´e:l ɣo:

sgə t´e:n xi: N´i:nəx mid´ əm b´ali: l´o:fə du:rt´ f´ar ə t´i:

gə t´e:n xəuər o:fə he:n´ əgəs ɣu:N´ he:n´ əˈd´er s´i: v´eh ə fa:l´ wa:s´ l´es´ ə Nukrəs

hug s´e: iərəxt ən´ˈs´in´ to:rt´ əˈs´t´ax ix´ agəs du:rt s´i: l´es´ e:d ə xur əˈmax sə s´k´ubo:l ə v´i:n´ s´in´ əˈmix´ əgəs t´in´i: ho:rt do: sə Ni:x´ə

v´i: gə max´ ma:s gə max´ e: | kir´u: max iəd | v´i:dər əˈs´t´i sə s´k´ubo:l ən´ˈs´in´ ə t´r´u:r əku: agəs ə t´e: Na:r ləuər´ e:N okəl riv´ə s´in´ du:rt s´e: l´o:f əir´i: max as´ s´in´ gə m´ex ə s´k´ubo:l əNə hin´i: gə gar´əd´

mis´ə d´er´ k´aN əku: l´es´ ə g´aN el´i: Na:rə fra:s ort mur d´as ə x´e:d okəl ko:ra: ha:n´ək´ dit´ o: rugu: hu:

wel´ N´i: rəuədər ə to:rt´ əˈs´t´ax o: əgəs du:rt s´es´ən fanəg´i:n´ s´in´ ma: hugri:n´ s´iv´ e: əs x´u:l´ s´e: l´es´ əˈmax rud Nəx N´a:rNi: r´iəv riv´ə | du:rədər l´e:

x´e:l´i: n´s´in´ gər do:hi: gə rəuəs eg´ə rud əˈk´i:n´əxt | v´i:N´ t´r´u:r əku: mix´ kes´ xləiə Nuər´ ə han´ək´ədər ən´ s´k´ubo:l əNə hin´i: | d´im´ə l´o:fə n´s´in´ ə t´r´u:r əku: əs ha:n´ək´ədər gə d´i: t´r´i: kruswo:r´hi: | du:rədər l´e: x´e:l´i: k´aN əku: ɣel´ er´ ə xe:n wo:hər agəs a: m´ed´i:s´ b´o: iəd m´i:t̠a:l´ əˈr´i:s´t´ a:n b´l´iən´ o:N La: s´in´ | wuəl´ədər l´o:f agəs v´i:n f´ar səu Nəx rəu e:N´ t´u:l eg´ə g´im´əxt l´es´ agəs kasu: din´ uəsəl ɣo: | d´iərhə s´e: ɣo: t´e: [sic] ro s´e: gel´ | du:rt s´e: l´es´ gə ro s´e:r´ huər´əs´k´ ma:s´t´ər´

sma mər ta: əˈdu:rt´ ə ma:s´t´ər´ ta: m´e:r´ huər´əs´k´ boxəL´ | s´e:n d´z´ab ə v´e:s agəmsə ɣit´ əˈn´is´ əˈdu:rt s´e: ə ku:dəx kis´L´a:n agəs´ N´i:l´ e: Nin´ə ɣa: d´e:N a:N Nəx m´i:N maru: er´ mad´ən´

d´i:nhə s´in´ əˈd´er´ ə boxəL´ N´i:r mari:x gə fo:L´ mid´

hug s´e: l´es´ e: gəs fuər s´e: hip´e:r gə max´ əgəs hug s´e: gə d´i:n kis´L´a:n e:

wiL´ L´əuər max´ ad əˈd´er´ ə boxəL´

ta: du:rt s´e:

əgəs torəm kiN´əL əˈd´er s´e: gəs Las er´ ə mord i:

riN´ə s´e: s´in´ | da:g s´e: b´aNəxt eg´ə agəs ɣo s´e: gə d´i: Nə hax he:n´ | max sə Ni:x´ə am əˈk´i:n´əxt buəl´u: rap er´ fud ə t´i: ə x´r´ix´ ə kis´L´a:n əgəs ha:n´ək´ s´e: r´i:s´t´ d´i: [sic] bə vu: Na: s´in´ agəs ə t´r´i:hu: rap x´u:l´ ə f´ar əˈN´iər heg´ə | əs boxəL´ max´ hu: əˈdu:rt´ ə f´ar l´es´ | sumi: boxəL´ max´ ə mari:x sə t´ax s´əu ger´əsi: N´i:l m´is´N´i: v´ex aku:

wel´ gə t´e:N´ t´e:gruəs əˈta: ort əˈd´er´ ə boxəL´

v´i: m´e: n´s´in´ ə mə hiərNə talhu:nə d´er s´e: agəs xir´ m´e: max baN´t´r´əx as ə t´ax agəs´ N´i:l´ e:N uər´ ə d´e:n´ s´i: er´ ə glu:n´i: mad´əN Na: tərˈhno:nə Nəx wil´ s´i: to:rt´ ə m´i:l´ə maLəxt orəm | agəs murə N´i:nə tisə [sic] ma ɣum əˈd´er s´e: N´i:l´ e: Nin´ el´i: Nan max´ ə ji:nə ɣum

gə t´e:n xi: N´i:nhi: ma ɣit´

ta: d´er s´e: d´e:rhə tu: l´e: mə wak boxt əgəs Noxt ə xriN´u: t´in´ə xra:v ə ji:nu: o:l əgəs ix´ə v´ex a:n agəs a: v´e:ta: er´ xi: b´ix´ e: ən waN´t´r´əx s´in´ ə ho:rt l´at er´ ə manəs´ agəs Nuər´ ə v´e:s ə wanəs´ kat´i: ɣel´ hart er´ ə t´ax agəs xil´ə ɣin´ə giv´ er´ ə t´e:r bali:x ə wanəs´ s´in´ er´

gə t´e:n xi: d´u:rhin´s´ən v´an´ s´in´ a:n

to:r l´at er´ xi:r b´ix´ i: ma: e:dəN tu: e:

ha:n´ək´ ə ma:s´t´ər´ əˈs´t´ax er´ mad´ən´ ə le: s´in´ əgəs´ d´iərhə s´e: ɣo: k´e: xi: ro s´e: Na: rəu e:n´ s´k´e:L Nu:j eg´ə | du:rt s´e: l´es´ Nəx rəu ax gə ro s´e: kan´t´ l´e:N ahər´ əˈre:r´

boxəL´ max´ əˈd´er s´e: gə t´e:r du:rt´ s´e: l´at | d´iN´əs´ s´e: ɣo:

d´i:nhə s´in´ əˈd´er´ ə mak | ax m´as tu: t´e:n xi: ŋ´ofa:n v´an´ s´in´ əˈd´er s´e: ə ho:rt´ eg´ ə v´e:stə

d´i:nhə m´is´ə mə jihəl´ l´e:Nə to:rt´ a:n

v´i:N La: L´aki: max l´es´ ə v´e:stə v´ex´ aku: | fuər´ ə boxəL´ kapəL o:n mak əgəs´ d´iəLəd´ | d´im´ə l´es´ əgəs´ N´i:r stop s´e: gə da:n´ək´ s´e: eg´ ə t´axi:n´ ə ro s´i: he:n´ əgəs ə N´in´i:n´ əNə ku:ni: a:n | x´aŋəl´ s´e: xapəL er´ ə gləiə ti: mix´ | fuə s´e: s´t´ax əgəs´ d´iər s´e: Lo:s´t´i:n´ orhi:

mis´ə d´er s´i: ən so:rt´ t´ax əˈta: am N´i:l´ s´e: sa:x max´ eg´ din´ə b´ix´ l´e: kur suəs a:n ax əˈd´er s´i: v´i: t´ax max´ am riv´ə s´əu agəs mə haxt m´i:l´ə maLəxt gəN´ t´e: bə s´ukər´ l´e: mə xur ən´ˈs´əu

o: d´er s´e: Na: habər s´in´ | ma ɣo:

fari:r əˈdu:rt´ s´i: N´i:l´ m´e: Nan

ta: tu: Nan əˈdu:rt´ s´e: | xax´ədər ə Ni:x´ə n´s´ən´ ə kan´t´ l´e: x´e:l´i:

t´ukə m´is´ə ugəd ə l´ehəd´ə s´o gə la: əˈd´er s´e: r´i:s´t´ agəs b´e: f´e:st a:n agəs´ t´u:rhə m´e: a:n hu:

sgə t´e: xi: raxən´s´ə Nə l´ehəd´ə s´in´ ga:t´ er´ ə gi: wil´ m´e:

Na: bak l´es´ s´in´ əˈdu:rt´ s´e: t´ukə m´is´ə gəs g´l´e:sə m´e: hu:

v´i: gə max´ əs´ N´i: ro gə danə | nuər´ ə v´i:N La: L´aki: max l´es´ ə v´e:st v´ex a:n fuə s´e: e: he:n´ sə xo:s´t´ə er´ ho:r Nə s´anvra: əgəs ə N´in´i:n´ | hug s´e: a:n iəd agəs v´i: o:l əgəs ix´ a:n | ən´ˈs´in´ d´iər s´e: orhu: ɣel´ hart er´ ə t´in´i: gəs giv´ er´ ə t´e:r bali:x ə f´e:stə s´in´ er´ | fuədər hart er´ ə t´in´i: gəs xir´ədər b´aNəx d´e: l´e: hanəm ə t´e: s´in´ agəs ha:n´ək´ s´es´ən as ə g´iN əNə fla:n´e:d´ jal əgəs fuə s´e: gə Nə flax´əs´ | fuər s´is´əŋ go:Ltəs ə v´i: eg´ ə N´iərLə i: he:n´ əgəs ə N´in´i:n´ agəs fuədər əˈwal´i: xil´ə x´aN əku: tariN´t´ er´ a:t´ he:n´

ən´ˈs´in´ Nuər´ ə han´ək´ s´e: eg´ ə La: gəs b´l´iən´ du:rt´ ə boxəL´ gə gax´ət´ s´e: əir´i: max əgəs La: v´ex eg´ə ɣo: he:n´ | hug ə ma:s´t´ər´ kapəL əgəs´ d´iəLəd´ əgəs´ s´riəN do: əgəs´ d´im´ə l´es´ gə N´axə s´e: gə d´i: Nə t´r´i: krusvo:r´hi: ər im´ə s´e: he:n´ sə v´ert´ d´r´iha:r o: x´e:l´i: La: gəs b´l´iən´ riv´ə s´in´

v´i: s´e: skahu: gel´ s´iər səˈN´iər ən´ˈs´in´ er´ ə xapəL gə da:n´ək´ k´aN gə Nə d´r´iha:rəxi: eg´ ə grusvo:hər | v´aNə s´es´ən gəN´ d´r´iha:r´ ax N´i:r an´hi:N´ d´r´iha:r´ e: | v´i:dər skahu:a:n ə ko:ra: Nuər´ ə ha:n´ək´ ə d´r´ih:ar´ el´i: xə fadə l´o:f | hijədər s´i:s ə L´ig´ən ə s´k´i: əs xir´ s´es´ən kaN´t´ orhu: | du:rt´ s´e: l´o:fə gər do:hi: gə rəu e:gruəs əˈk´i:n´ orhu: | du:rədər l´es´ Nəx rəu ax b´l´iən´ sə La: N´uv v´i: mid´ ən´ˈs´o hani: agəs v´i: t´r´u:r əgəN´ a:n ax ha:n´ək´ mid´i: a:n agəs sdo:hi: Nəx wil´ ə k´aN el´i: mar´əxta:l´ | gə d´iv´ən´ əˈdu:rt´ s´iəd N´i: ro s´e: La:d´ər´ ə N´e:N am

ə Nan´ho:t´ s´iv´ ə N´r´iha:r´ əˈdu:rt´ s´e:

bə x´art du:N´ gə Nan´ho:x əˈdu:rt´ s´iədsən a: v´ek´əx mis´t´ e:

wel´ ta: s´iv´ ə kan´t´ l´es´ əˈd´er s´e: | n´is´ əˈd´er s´e: gofə m´is´ə gə d´i:N´ t´ax ər to:g´u: mid´ agəs fuəj

ha:n´ək´ s´e: s´t´ax eg´ ə wa:hər´ | d´iərhə s´e: ɣix´ə k´e:N´ t´l´i: v´ahə v´i: aku: | du:rt´ s´is´ə l´es´ gə rəuədər gə b´o: boxt | rəu e: Nin´ə klaN´ə r´iəv əgi: du:rt´ s´e:

N´i: rəu əˈdu:rt´ s´i:

a: xal´ə du:rt´ s´e: mər s´in´ ə v´e:s tu: | d´im´ə l´es´ eg´ Nə d´r´iha:rəxi: r´i:s´t´ | n´is´ əˈd´er s´e: ma: hagən´ s´iv´ l´umsə N´i: ji:nhə s´e: doxər i:v´

N´i: f´a:r u:N´ rud a: N´i:nəx mid´ əˈdu:rt´ s´iədsən

ɣo s´iəd l´es´ | jl´e:s mak ə N´iərLə suəs iəd e: he:n´ siəd he:n´ agəs v´i: a:t´ ə din´ uəsəl´ əku: xu:ns war s´iəd


Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.
Personal tools