Mo Sgéal Féin/8

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
An audio file of the chapter being read by native speaker in the Cork Gaeltacht, Mairéad Uí Lionáird, June 4th 2009
[ 54 ]

VIII

Trí liathróidí dubha

Tá faid mhaith sa tslígh ó Lios Caragáin go Caraig an Ime, agus slígh gharbh anacair iseadh an tslígh. Nuair a bhíodh an aimsir fliuch fuar do chaithinn fanmhaint sa bhaile. Bhíodh an aimsir fliuch fuar minic go leór. Do thuig m’ athair, beannacht Dé le n’ anam, go raibh a lán de’n aimsir ag imtheacht gan tairbhe uaim. Bhí [ 55 ]sgoil i Maghchromtha an uair sin, agus bhí árd cháil uirthi féin agus ar an máighistir a bhí uirthi. Is dóich liom go mb’ fhéidir go raibh Cormac ua Luasa ag caint le m’ athair agus go ndúbhairt sé leis gur mór an truagh gan mo sheans a thabhairt dom i sgoil Maghchromtha.

Tímpal na h-aimsire céadna san d’éirigh clampar dlíghe airís idir thineóntaithe an bhaile agus an máighistir. D’fhan duine des na tineóntaithe gan a chíos do dhíol nuair a bhí an cíos ag glaodhach. An t-agent a bhí os a gcionn Broderick ab ainim dó. Cladhaire rógaire ab eadh é. Do leig sé do’n fhear a bhí ag fanmhaint siar ó’n gcíos a dhíol fanmhaint siar go dtí go raibh cuid mhaith gan díol aige. Do dhein sé an méid sin i dtreó go bhféadfadh sé teacht ortha go léir leis an éileamh. Bhí súil aige go ndiúltóchaidís do’n éileamh. Bhí fhios aige go raibh cuid acu agus gur bh’ ar éigin a bhíodar ábalta ar a gcuid féin de’n chíos do chur le chéile agus gan bac do’n éileamh eile. Dá ndiúltuighdís bhéadh an léas briste, agus d’fhéadfadh sé iad go léir do chaitheamh amach, agus árdughadh cíosa dh’fhághail do’n mháighistir, agus breab mhaith a dh’fhághail dó féin as gach feirm bheag d’á dtabharfadh sé do thineóntaidhe nua.

Do chuir na tineóntaithe le chéile agus do chosnadar an dlígh. Chuireadar le chéile, ach ba dheacair leó cur le chéile. Thagaidís chun ár dtíghe-na ag déanamh cómhairle, mar b’ é an tigh ba chómhgaraighe dhóibh go léir é. Is cuimhin liom go maith lá agus iad bailighthe istigh sa tigh againn. Thugadar an lá go léir ag caint agus do theip ortha socarughadh ar cad ba cheart dóibh a dhéanamh.

“Tá sé i n’ oídhche,” arsa duine acu. “Tá sé chómh maith againn dul abhaile anois agus teacht anso airís [ 56 ]Dé Céadaoin seo chúghainn. Tá aimsir ár ndóithin fós againn chun labhairt le n‑ár n‑atúrnae.”

Bhí Seághan ua Laoghaire, mac do sheana Dhiarmuid ua Laoghaire, ag éisteacht leis an gcaint sin. Do labhair sé. (Ní raibh aon fhocal Béarla d’á labhairt sa chómhairle sin.)

“Seadh!” arsa Seaghan ua Laoghaire. “Tá an lá go léir caithte ansan agaibh ag caint agus ní’l aon rud déanta agaibh. Ní’l socair agaibh ar cad tá le déanamh agaibh ach chómh beag agus bhí nuair a thánabhair anso ar maidin. Imtheóchaidh sibh abhaile anois. Tiocfaidh sibh anso airís Dé Céadaoin seo chúghainn. Tiocfaidh Seághan ua Luasa anso agus gur cuma nó watch gach aon tsúil leis. Tiocfaidh Micheál ua Laoghaire anso agus gur fiú chúig phúint gach aon fhocal uaidh. Tiocfaidh Barnaby anso agus gur cuma é nó Socrates. Tiocfaidh sibh go léir anso agus coimeádhfaidh gach aoinne agaibh a aigne bheag aige féin, agus ní dhéanfaidh sibh aon tsocarughadh an lá san ach chómh beag agus ’tá déanta indiu agaibh. Sleamhnóchaidh an aimsir uaibh go dtí go mbeidh sé ró dhéanach chun labhartha le h‑aon atúrnae. Ansan beidh Broderick agus Saunders anuas sa bhraiceal oraibh go léir, agus neart dóibh a rogha cor a thabhairt daoibh.”

Bhíodar go léir ag cur an anama amach ag gáirí nuair a bhí deire ráidhte aige. Do shocaruigheadar ar dhul láithreach agus labhairt leis an atúrnae, agus an dlígh chur i bhfeidhm chun iad féin do chosaint. Do buadhdar ar an máighistir sa dlígh. Do díoladh cíos an fhir a bhí i ndiaigh lámha, agus do tugadh dóibh an fheirm a bhí aige go dtí go mbéadh a gcuid féin tar n‑ais acu aisti.

Nuair a bhí an méid sin clampair i leith taoibh do [ 57 ]shocaruigh m’ athair ar mé chur ar sgoil síos go Maghchromtha, ar feadh tamaill ar aon chuma. Ba ró dheacair dó é dhéanamh. Bhíos díreach ag tosnughadh ar bheith ábalta ar raint oibre dhéanamh, agus bhí gádh leis an gcongnamh aige d’á shuaraighe é. Ach bhí an dúil sa léighean aige féin riamh, agus theastuigh uaidh raint éigin de a thabhairt d’á mhac, pé cuma ’n‑a dtiocfadh sé air.

Bhíos i Maghchromtha go minic roimis sin. Is cuimhin liom go rabhas ann tamall maith roimis sin, agus go rabhas am’ sheasamh ag ceann an drochaid, ag bun Bhóthar na Sop. Bhíos ag féachaint anonn ar na gcaisleán atá thall ag an gceann eile de’n drochad. Chonac, ar aghaidh an chaisleáin amach, ar an dtaobh thoir de’n tsráid bheag ar a dtugtar Sráid an Chaisleáin, tigh éigin mór agus fallaí árda daingeana ’n‑a thímpal, agus trí slata caola árda ’n‑a seasamh anáirde as, agus mar bhéadh liathróidín dubh anáirde ar fad ar bhara gach slaite acu. Ní raibh aon phioc d’á fhios agam an uair sin cad é an brígh a bhí leis na slataibh sin agus na liathróidí beaga anáirde ortha. Abhfad ’n‑a dhiaigh san iseadh do h‑innseadh dom gur sparaí iarainn gur bh’ eadh na slata san, agus gur trí plaoisgeana gur bh’ eadh na trí liathróidí beaga. B’shiniad trí cinn na bhfear a crochadh mar gheall ar Mh’leachlainn na Dúbhgáin. Cárthaigh ab eadh iad, agus triúr drithár ab eadh iad, Cormac agus Ceallachán agus Tadhg. Do chuir Malachi fheuchaint ar Chormac Bob Hutchinson do lámhach. Ansan do dhearbhuigh sé ar Chormac. Ansan bhí eagal air go ndéanfadh duine éigin de’n bheirt drithár díoghaltas air féin mar gheall ar an ndearbhughadh, agus isé rud a dhein sé ’ná dearbhughadh ar an dtriúr i n‑aonfheacht. Do crochadh an [ 58 ]triúr i n‑aonfheacht, agus do cuireadh a dtrí cinn ansúd anáirde ar na sparaíbh caola árda úd, agus do fágadh ann iad ar feadh mórán blianta. Do chonac-sa ann iad agus mé am’ sheasamh ag ceann an drochaid an lá úd. Níor ró fhada ’n‑a dhiaigh san gur tógadh anuas na trí plaoisgeana. Bhí náire ar na h‑uaislibh iad fhágaint ann níba shia.

Do lean an gníomh san, agus gníomhartha eile do dhein sé ’n‑a dhiaigh san, d’á gcasadh mar asachán le Malachi agus le gach aoinne d’á ghaoltaibh riamh ó shin. Níor mhaith le h‑aoinne aon bhaint a bheith aige leó, bhí a leithéid sin de ghráin ag an bpoibilidheacht go léir ortha. Ba mhór an éagcóir é sin, ámhthach, mar daoine galánta macánta ab eadh a bhformhór, chómh galánta chómh macánta le h‑aon treabhchas eile daoine a bhí sa dúthaigh.

Bhí Diarmuid ua Tuathaig, athair Mháire ní Thuathaig, athair mo sheana mháthar-sa, ’n‑a chómhnuighe ar Gleann Daimh. Tá sruthán idir an áit ’n‑a raibh sé ’n‑a chómhnuighe agus feirm eile atá lastiar de’n fheirm sin. Bhí an fheirm thiar le cur. Cé thiocfadh agus thógfadh an fheirm thiar ach fear n‑ar bh’ ainim dó Dómhnall ua Dúbhgáin, gaol gairid do Mhalachi. Bhí Diarmuid ua Tuathaig ar buile, a rádh go mbéadh aoinne de’n droch aicme sin chómh cómhgarach dó. Ní fada bhí Dómhnall ua Dúbhgáin laistiar de’n tsruthán ’n‑a chómhnuighe nuair a bhuail sé féin agus Diarmuid ua Tuathaig umá chéile maidin bhreagh shamhraidh.

“Dia ’s Muire dhuit, a Dhiarmuid uí Thuathaig!” arsa Dómhnall.

Thug Diarmuid a chúl leis agus bhuail sé thairis gan labhairt. Do ghluais an aimsir. Níor bh’ fhada go dtug Diarmuid fé ndeara gur chómharsa ana mhaith, ana shíothchánta, ana chneasta, Dómhnall, pé gaol a [ 59 ]bhí le Malachi aige. Bliain díreach ó’n lá a bheannuigh Dómhnall do Dhiarmuid do bhuail an bheirt umá chéile airis.

“Dia ’s Muire dhuit, a Dhómhnaill uí Dhúbhgáin”, arsa Diarmuid.

Thug Dómhnall a chúl leis agus bhuail sé thairis, díreach mar a dhein Diarmuid an chéad lá úd. Bliain eile díreach ó’n lá san do bhuail an bheirt umá chéile an trímhadh h‑uair.

“Ó, Dia ’s Muire ’s Pádraig duit, a Dhiarmuid uí Thuathaig!” arsa Dómhnall, díreach mar a déarfadh sé dá mba an neómat san a bhéadh Diarmuid tar éis beannughadh dhó. Má thug Diarmuid bliain gan labhairt thug Dómhnall bliain gan freagairt. Do gháir an bheirt go sultmhar agus bhíodar ana mhuinteardha le n‑a chéile as san amach.

Tháinig an t‑am chuige, agus an chaoi air, agus do cuireadh síos go Maghchromtha mé go dtí an sgoil a bhí ag fear d’ár bh’ ainim Micheál de Bhál. Bhí an sgoil chómh maith san go dtagadh sgoláirí chúichi ó’n ndúthaigh do léir mór-thímpal. Is cuimhin liom go maith go raibh an measgán mearaidhe céadna ar an máighistir sin a bhí ar Chormac ua Luasa i gCaraig an Ime, i dtaobh cad é an rang sa sgoil ’n‑ar cheart mé chur. Bhí cuid de’n eólus ró mhaith agam d’aon rang íseal, agus gan cuid de maith a dhóithin agam do rang uachtarach. Ach do socaruigheadh an sgéal. Is cuimhin liom, leis, nuair a bhímís ag sgrúdughadh na gceacht ins na leabhraibh léighinn, go mbíodh gasradh des na buachaillíbh am’ thímpal, ag brúth isteach orm ar gach aon taobh, agus a leabhar ag gach duine acu, agus mé ’ghá innsint dóibh conus na focail do rádh agus cad é an brígh a bhíodh leó. Níor chóir, ámhthach, aon [ 60 ]chreideamhaint a thabhairt dómh-sa mar gheall air sin. An t‑eólus a tugadh dómh-sa sa bhaile ar leabhraibh agus ar léighean an Bhéarla níor tugadh dóibh-sin riamh é.

I mBóthar na Sop, i dtigh fir n‑ar bh’ ainim do Seághan ua Séadha, iseadh bhínn ar lóisdín. Bhí aithne aige féin agus agam’ athair ar a chéile. Fear fial deagh-chroídheach ab eadh é. Níor thóg sé aon leathphinne díoluigheachta riamh as mo lóisdín, agus bhíos ann tamall maith, cúpla bliain nó trí. Théighinn suas abhaile go Lios Caragáin gach aon tSatharn. Tá mac do’n Seághan ó Séadha céadna san sa tsráid chéadna san ’na chómhnuighe anois, agus Seághan ua Séadha is ainim dó, agus tá sé chómh bunúsach chómh creideamhnach d’fhear agus atá le fághail sa bharúntacht.

Tar éis raint aimsire bheith caithte agam sa sgoil sin Mhichil de Bhál i Maghchromtha, ní cuimhin liom anois i gceart cad é mhéid aimsire, do labhair Micheál de Bhál le m’ athair. Bhuaileadar suas Bóthar na Sop le cois a chéile agus iad ag caint.

“Is mór go léir an truagh,” arsa Micheál, “gan caoi thabhairt do’n gharsún san ar na teangthachaibh a dh’fhoghluim. Ní’l a thuille agam-sa le múineadh dhó, ’sé sin a thuille go mbéadh aon tairbhe dhó ann. Agus an méid atá múinte agam dó,” ar seisean, “cad é an tairbhe dhó anois é má’s thuas sa bhaile cheapan tú é choimeád?”

D’innis m’ athair dó go n‑airigheadh sé mise ’ghá rádh i gcómhnuighe riamh gur bh’ fhearr liom ’ná a bhfeaca riamh gur am’ shagart a bheinn.

“Ach cad é an mhaith bheith ag trácht air sin,” ar seisean, “agus gan aon bhreith agam-sa ar chailleamhaint leis chun sagairt a déanamh dé!”

“Ní bhéadh an chailleamhaint chómh mór i n‑aon chor [ 61 ]agus is dóich leat é,” arsa’n fear eile. “Tá sgoil Laidne anso i Maghchromtha anois. D’fhéadfá a chur ar an sgoil sin anois agus ní bhéadh agat le díol as ach púnt sa rátha. I gcionn cúpla bliain nó trí, ó’n aithne atá curtha agam-sa air, do raghainn i n‑uradhas duit air, go mbéadh oiread Laidne agus Gréigise foghlumtha aige agus bhéarfadh isteach i gColáisde Mhaighe Nuadhat é. Ansan ní bhéadh ort aon leathphinne eile do chailleamhaint leis, agus i gcionn sé no seacht de bhlianaibh, dá mb’ é toil Dé go seasóch’ a shláinte, bhéadh sé ag teacht chúghat abhaile ’n‑a shagart. Tá an chúil-fhéith ann chun na foghluma agus an éirim. Má choimeádan tú sa bhaile é ní bheidh puínn d’á bhárr agat. Ní fhásfaidh sé ró mhór choídhche. Ní bheidh an téagar ná an neart ann ba ghádh chun sglábhaidheachta dhéanamh ar an bhfeirm, agus dá mbéadh féin tá do dhóithin conganta agat sa chuid eile de’n chlainn.”

B’ é crích an sgéil é gur shocaruigh m’ athair ar mé chur ag foghluim na Laidne.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.