Mo Sgéal Féin/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 208 ]

XXX
Ó DHÚN AR AILL GO CAISLEÁN UA LIATHÁIN

An fhaid a bhíos i nDún ar Aill tháinig taom breóiteachta orm agus ba ró dhóbair dó mé bhreith as an saoghal. Bhíos am’ lán neart an lá sar a dtáinig sé orm. Tháinig sé orm go h-ana oban, fé mar a tabharfaí [ 209 ]nimh do dhuine. Bhíos am’ luighe leis ar feadh dó nó trí sheachtmhainibh. Ansan b’é toil an Tighearna gur chuireas díom é. Bhí dochtúir maith tuisgionach de mhuíntir Ríordáin sa tsráid an uair sin, agus thug sé aire mhaith dhom. Tá sé tar éis bháis, beannacht Dé le n-a anam!

Níor thuigeas an uair sin cad fé ndeár an taom san do theacht orm, agus mé chómh láidir, chómh deagh-shláinteach, díreach sar a dtáinig sé orm. Do thuigeas ’n-a dhiaigh san é go maith.

Tá an Abha Bheag ag gabháil aniar ó Chill na Mullach go Dún ar Aill. Gabhan sí fé dhrochad atá thuaidh ag bun sráide Dhún ar Aill. Aba bheag shalach iseadh í. Is isteach inti a théighean salachar sráide Chill na Mullach agus salachar na tíre go léir as san soir go Dún ar Aill agus ansan salachar Dhún ar Aill féin, i dtreó nách féidir do ’n uisge gan bheith lán de nimh an tsalachair sin. Ní bhíodh aon chothrom uisge againn i nDún ar Aill ach buachaill agus asal aige agus tubán aige, istigh i dtrucailín an asail, agus é ag tarang an uisge chun na ndóirse, chun na ndaoine, agus na daoine ag díol as an uisge. Thógadh sé an t-uisge ag an ndrochad, díreach mar a raibh an salachar go léir, ó’n sráid, ag dul isteach sa n-abhainn. Théigheadh muíntir mo thíghe-se agus thugaidís uisge búird leó ó thobar fíoruisge a bhí tamall ó’n sráid, mar bhíodh an t-eagal againn roim uisge na h-abhan. Nuair a bhí an sgéal ar an gcuma san ba ró dheacair gan dearmhad a dhéanamh uaireanta, agus uisge na h-abhan do chur ar an mbórd agus é dh’ól. Pé ’r domhan é, do buaileadh isteach am’ aigne-se gur bh’ é uisge na h-abhan san a chuir an taom breóiteachta orm.

Bhí sagart paróiste sa tsráid, agus do thuig sé [ 210 ]contabhairt an uisge, agus bhíodh sé go minic a d’iaraidh a chur fhéachaint ar Bhórd na mBocht cothrom uisge do thabhairt isteach sa tsráid tré phíopaíbh, ó thobar éigin fíoruisge sa chómhgaracht. Ach do theipeadh air. Dá ndéintí é do chaithfeadh muíntir na cómharsanachta breis bheag éigin cánach a dhíol as. Ní thoileóchaidís chuige sin. “An t-uisge a bhí maith a ndóithin dóibh riamh roimis seo tá sé maith an ndóithin dóibh anois,” adeiridís.

Na daoine gan chiall! Ba chóir go dtuigfidís, dá dtagadh droch bhreóiteacht sa tsráid, ó bheith ag úsáid an uisge sin, go leathfadh an droch bhreóiteacht ar fuaid na tuatha agus ansan go ndíolfadh muíntir na tuatha go daor as an spriúnlaitheacht.

Chómh fada agus théighean mo chuimhne is dóich liom gur tar éis mé theacht ó’n dtaom san a chuas go Cill Chaoi go dtí an sáile, agus gur b’ é sin uair a bhuail an Sbáinneach úd umam a thug dom an labhairt cheart ar “Don Quixote” .i. “Don Cíochóté”; nó b’fhéidir gur uair éigin eile é, mar bhíos cúpla uair eile sa n-áit.

Sa bhliain d’aois an Tighearna míle ocht gcéad cheithre fichid a deich, ag déanamh amach ar dheire na bliana, do leath eadrainn an sgéal, go raibh an sagart paróiste a bhí anso i bparóiste Chaisleáin Ua Liatháin, go raibh sé ag dul chun báis. Fuair sé bás i ndeire an chéad mhí de ’n bhliain nua. Beannacht Dé le n-a anam! Ansan, an deichmhadh lá de’n tarna mí de’n bhliain míle ocht gcéad cheithre fichid a h-aondéag, do chuir an t-Easbog leitir chúgham-sa ’ghá rádh liom dul am’ shagart paróiste go paróiste Chaisleáin Ua Liatháin. Táim anso ó shin.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.