Mo Sgéal Féin/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 198 ]

XXIX
BAILE MHISTÉALA

I lár an choímeasgair a bhí ar siúbhal i nDún ar Aill, idir thineóntaithibh agus máighistirí talmhan, do shrois tuairisg sinn ar choímheasgar eile a bhí eirighthe i mBaile Mhistéala thoir. Do shuidh cúirt i mBaile Mhistéala. Bhí beirt ghiúistísí ar an mbínse ann, .i. fear d’ár bh’ ainim Eaton, R. M. agus Captaen Stokes, R.M. Agus bhí aturnae coróinneach ann agus Edward Carson ab ainim dó; Sir Edward Carson a tugtar air anois, sa bhliain seo d’aois an Tighearna míle [ 199 ]naoi gcéad a dódhéag. Ach isé an Carson céadna é a bhí ’n-a aturnae coróinneach ansúd sa bhliain úd d’aois an Tighearna míle ocht gcéad cheithre fichid a seacht. Níor chuir na chúig bhliana fichid atá imthighthe ó shin aon fheabhas air.

Is chuige do shuidh an chúirt sin ’ná chun Liam ua Briain, M.P., agus Seághan Mandeville do chur ar a dtriail mar gheall ar chaint éigin phoibilídhe a bhí curtha ’n-a leith, agus a bhí, dar le riaghaltas na h-uaire sin, i gcoinnibh na dlíghe.

Bhí órdughadh fághalta ag an mBrianach agus ag Seághan Mandeville teacht agus a dtriail do sheasamh i dtaobh na cainte a bhí curtha ’n-a leith. Níor thug aoinne acu aon toradh ar an órdughadh. Níor thánadar chun na cúirte. Murar thánadar-san, amhthach, tháinig daoine eile, agus ní chun na cúirte do thánadar. Thánadar go Baile Mhistéala chun a chur i n-úil go raibh fearg agus fíoch ortha féin agus ar an bpoibilidheacht go léir mar gheall ar an éagcóir a bhí le déanamh sa chúirt sin an lá san, nuair a bhí briseadh dlíghe le chur i leith daoine toisg gur labhradar ar son an chirt agus i gcoinnibh éagcóra.

Chuaidh mórán daoine ó Dhún ar Aill go Baile Mhistéala an lá san. Chuas féin ann i n-aonfheacht leó. Nuair a shroiseamair Baile Mhistéala ní fheacamair puínn daoine ann. Bhí na daoine a shrois an áit romhainn bhíodar imthighthe amach as an sráid, ar bhóthar Luimníghe, i gcoinnibh na ndaoine a bhí ag teacht an treó san, chun go ndéanfaidís siúbhal i n-aonfheacht leó thar n-ais isteach sa tsráid. Bhíomair-ne tamall maith ag feitheamh leó ag dorus tíghe an Athar Tomás mac Muiris. Tá spás breagh fada fairsing ó’n dtigh go raibh an sagart ’n-a chómhnuighe [ 200 ]ann, ó-thuaidh agus ó-dheas agus soir síos go dtí bóthar poibilidhe na sráide. Bhíomair ag feitheamh, ag féachaint soir síos ar tighthibh na sráide, agus i n-inead aon choinne bheith againn go n-eireóchadh toirmeasg is amhlaidh a bhí eagal orainn ná béadh againn ach cruinniughadh ana bheag.

Fé dheire chonacamair an tsluagh ag teacht. Is cuimhin liom féin go bhfeaca Seághan Díolúin sa tsluagh. Bhí sé ’n-a shuidhe i gcaráiste. Chómh luath agus tháinig sé i radharc an chearnaigh mhóir mar a raibh an cruinniughadh le bheith, thóg sé a cheann agus d’fhéach sé suas mór-thímpal an chearnaigh. Bhí an áit go léir folamh. Bhíos ag féachaint air agus is dóich liom go raibh diombádh air. Ach fé mar a tháinig an tsluagh isteach do shiúbhluigheadar suas i dtreó tíghe an tsagairt. Ansan do thosnuigh an áit ar bheith ag líonadh. Ar ball bhí cruinniughadh maith daoine ann i dtreó go rabhamhair geall le bheith sásta. Bhí dó nó trí charáistíbh fada curtha ar aghaidh dorais tíghe an tsagairt amach i dtreó go bhféadfadh na cainteóirí seasamh anáirde ar na caráistíbh sin agus labhairt leis na daoine.

Bhí a lán daoin’uaisle anall ó Shasana ann. Thánadar díreach mar a thánamair go leir, ’ghá chur i n-úil go raibh gráin acu ar an gcuma ’n-a raibh dlighthe d’á gcur i bhfeidhm i n-Éirinn. Bhí Henry Labouchère, M.P., ann, agus John Brunner, M.P., agus Thomas Ellis, M.P., agus tuille nár bh’ iad. Tháinig mná uaisle anall ó Shasana, leis, ar a raibh Miss Mander. Bhí fir eagair ann ó-s na páipéaraibh móra thall, ar a raibh Fred Higginbotham agus Bennett Burleigh, agus Seághan mac Dómhnaill ó’n Daily News.

Bhí an t-Athair Párthalán mac Cárthaigh, D.D., sa [ 201 ]chathaoir, agus na h-uais ale bhí chun cainte dhéanamh bhíodar ar na caráistíbh fada lasmuich de dhorus tíghe an Athar Tomás mac Muiris. Chómh luath agus chonaic na daoine go raibh an chaint le tosnughadh do bhrúghadar isteach tímpal ar na caráistíbh fada. Deir daoine a bhí ann agus do thuig an sgéal, go raibh tímpal ocht míle duine bailighthe isteach tímpal ar na caráistíbh. Má bhí, do gheóbhadh, gan aon dabht, fiche míle duine slígh ar an gcearnach. Bhíos féin ar cheann des na caráistíbh, agus bhí radharc maith agam ar na daoine a bhí ann agus ar an slígh a bhí lasmuich dhíobh mór-thímpal. Ní fheaca oiread agus aon “pheeler” amháin i n-aon áit ar an bhfatha, ná thíos ar an sráid.

Ní raibh an chaint ach díreach ag tosnughadh nuair a thugas fé ndeara suathadh éigin thoir thíos ar imeal an tslóigh. Bhí tímpal fiche “peeler” agus fear nótaí thógaint eatartha, agus iad a d’iaraidh é bhreith leó suas chun na h-áite ’n-a raibh an chaint le déanamh. Ní raibh aon bhac i n-aon chor ortha gabháil tímpal, agus níor thímpal mhór é, ar an dtaobh thuaidh nó ar an dtaobh theas des na daoine. Ní raibh aon bhreith i n-aon chor acu ar é bhreith leó isteach tré lár na ndaoine, mar bhí na daoine ró bhrúighte ar a chéile. I n-inead gabháil tímpal is amhlaidh a bhrúghadar isteach ins na daoine. Bhí na daoine a d’iaraidh slígh dhéanamh dóibh, ach bhí san ag teip ortha, nídh nár bh’ iongnadh. Ansan, nuair ná déanfadh na daoine an rud nár bh’ fhéidir a dhéanamh, d’árduigh na “peelers” a mbaitíní agus bhuaileadar na daoine. Má bhuaileadar, bhí baitíní lámh ag formhór na ndaoine agus nuair buaileadh iad do bhuaileadar i bhfreagairt. Do theith na “peelers” láithreach, iad féin agus an fear nótaí. Cheapas go mbéadh suaimhneas againn ansan, ach ní [ 202 ]suaimhneas a bhí ag teacht. I gceann tímpal chúig neómataí tháinig deichniúbhar agus dachad des na “peelers” agus a ghuna ag gach fear díobh. Bhí, go dtí san, lasmuich des na daoine a bhí ’n-a gcois, mórán fear agus iad ar a gcapaillibh. Nuair a chonacadar an bhreis des na “peelers” ag teacht agus na gunaí acu, siúd tímpal iad go dtí go rabhadar ’n-a marcshluagh láidir daingean idir na daoine agus na “peelers.” Ní raibh aon bhreith, ansan, ag na “peelers” ar fhear na nótaí do bhreith leó suas chun na cathaoireach. Bhí tímpal trí fichid fear acu ann, agus ní raibh aon ghnó eile acu le déanamh ach an fear san do bhreith leó suas.

Dá ngabhaidís tímpal bhéadh sé thuas acu gan aon ríghneas, agus rud eile, dhéanfaimís slígh thuas dó láithreach. Ní raibh aon chur ’n-a choinnibh ag aoinne. I n-a inead san is amhlaidh a mheasadar é bhreith leó suas tré idir mharcshluagh agus daoine. Chromadar ar na capaill do bhualadh. Má chromadar d’iompuigh na marcaigh cosa deirigh na gcapall leó agus bhrúghadar na capaill siar isteach ’n-a measg. Thóg na “peelers” na gunaí agus bhuaileadar idir chapaill agus marcaigh leó. D’iompuigh na marcaigh ortha agus bhuaileadar iad chómh maith agus d’fhéadadar é le pé arm a tháinig chun lámha. Bhí an obair go teith acu ar feadh tímpal chúig neómataí sar ar theith na “peelers” as an áit. Do lean raint des na daoine ar a dtóir. Chuaidh na “peelers” isteach sa bharrac uatha. Bhí gach aon rud go breagh socair ansan. Bhíos am’ sheasamh ar an gcaráiste, ag brath air ná béadh a thuille toirmisg againn. Ba ghearr gur airigheas, go breagh láidir fuaiminteamhail, urchar ó’n mbarrac. Bhí iongnadh orm. Ní raibh troid ná cómhrac ar siúbhal. [ 203 ]Cad chuige an t-urchar agus gan aon namhaid ag cur ortha? Tháinig an tarna h-urchar. Do léim Seaghan Díolúin anuas de’n charáiste, agus siúd síos i dtreó an bharraic é féin agus an t-Athair Pádraig ua Ceallacháin. D’airigheas an trímhadh h-urchar. Chómh fada agus théighean mo chuimhne níor airigheas ach na trí h-urchair. Do h-innseadh dom ’n-a dhiaigh san go ndeigh Seághan Díolúin agus an sagart isteach sa bharrac agus suas chun na finneóige, thuas i mbara an tighe mar a raibh an “peeler” ar a leath ghlúin agus é ag lámhach agus ag líonadh, agus gur rug Seághan air agus gur strac sé siar ó’n bhfinneóig é. Mura mbéadh san go mbéadh a lán eile marbh aige sar a gcurfadh aoinne d’á uachtaránaibh féin cosg leis. Nuair a fuair na daoine go raibh triúr marbh, do sgaipeadar. Chuaidh na mná uaisle Gallda isteach i dtigh an tsagairt.

Do h-innseadh dom go raibh raint saighdiúirí sa tsráid agus nuair airigheadar an lámhach gur thánadar amach. Pé fear a bhí ’n-a cheann ortha chonaic sé láithreach ná raibh aon chiall leis an lámhach. Dhein sé cordon des na saighdiúiríbh a bhí aige, agus bhí na daoine ar thaobh de’n chordon agus na “peelers” ar an dtaobh eile agus choimeád sé amach ó n-a chéile iad. Mura mbéadh san do mharbhóchadh na “peelers” tuille. Bhíodar féin agus na h-uachtaráin a bhí ortha as a meabhair glan. Duine des na h-uachtaránaibh sin ab eadh an Captaen Pluincéad úd a fuair, i n-Eóchaill thoir, suím beag aimsire roimis sin, ó Bhaile Átha Cliath, an t-órdughadh úd, “Don’t hesitate to shoot.” Níor bh’ iongnadh fonn lámhaigh air.

D’airigheas ’n-a dhiaigh san gur thuit rud amach i gcaitheamh an lae sin agus gur chuir sé iongnadh a [ 204 ]chroídhe ar an nduin’uasal Gallda Henry Labouchère. Bhí súsa aige ’n-a charáiste féin agus súsa de chlúmh ana dhaor ab eadh é. Nuair a bhí cruinniughadh ag sgaipeadh agus gach aon rud tré n-a chéile, bhí Labouchère deimhnightheach ná feicfeadh sé an súsa breagh go deó airís. Tháinig sé chun na h-áite ’n-a raibh an caráiste. Fuair sé an súsa ann roimis, gan aon nídh imthighthe air ach raint daoine dhé agus ’ghá rádh leó féin gur dheacair d’aon fhuacht dul tríd isteach.

“Seadh!” arsa Labouchère, “dá mba thall i Lúndain, nó i n-aon áit eile sa domhan, a thuitfeadh an méid sin amach dómh-sa, is ró bheag an bhreith a bhéadh agam ar mo shúsa dh’fheisgint airís! Deirim anois, agus déarfad as so amach é; isiad muíntir na h-Éirean na daoine is macánta sa domhan.”

Chun na beirte, Liam ua Brian agus Seághan Mandeville, do thriail iseadh do shuidh an chúirt an lá san. Níor fhreagair aoinne de’n bheirt an ghlaodh, nídh nár bh’ iongnadh. Do chuir an chuirt barántas amach chun beirthe ortha agus iad do thabhairt chun lámha. Do rugadh ortha agus do cuireadh isteach i bprísún iad. Nuair a tháinig an t-am chuige do tugadh go Baile Mhistéala iad, chun na cúirte céadna, chun iad do thriail, mar ’dh eadh. Deirim “mar ’dh eadh,” mar bhíos féin ag an gcúirt agus chonac an “triail,” agus go deimhin ní raibh sa triail ach “triail mar ’dh eadh.” Do glaodhadh an chúis. B’é Liam ua Briain an prísúnach an lá san. Do glaodhadh fínné ’n-a choinnibh. An “peeler” a thóg nótaí a chainte a bhí mar fhínné ’n-a choinnibh. D’inis sé a sgéal. Thaisbeáin sé an páipéar beag ar ar sgríbh sé na nótaí. [ 205 ]Tadhg ó h-Arrachtáin[1] a bhí mar aturnae ag cosaint an Bhrianaigh.

“Leig dom féachaint ar an bpáipéar san,” arsa Tadhg.

Do síneadh chuige an páipéar. D’fhéach sé air go géar. Ansan d’fhéach sé ar an bhfínné go géar.

“Ní h-é seo an páipéar ar ar thógais-se na nótaí seo ar dtúis,” ar seisean.

“Isiad san na nótaí a thógas,” arsa’n fínné.

“Tabhair dhom an páipéar ar ar thógais ar dtúis iad,” arsa Tadhg. Do stad an fínné bocht agus d’fhéach sé ar atúrnae na coróinneach agus suas ar an mbínse.

“Ní’l fhéachaint ort ach na nótaí thabhairt dó,” arsa aturnae na coróinneach.

“Ní chuirfidh an cás cor eile dhé,” arsa Tadhg, “go dtí go dtabharfar an páipéar eile dhómh-sa.”

Do lean an t-aighneas ar feadh tamaill. Fé dheire bh’ éigean do’n fhínné bhocht a lámh a chur isteach ’n-a phóca agus a sparán do thabhairt amach agus an seana pháipéar do thógaint as an sparán agus é shíneadh anonn chun Taidhg. Thóg Tadhg an seana pháipéar leath-bhriste agus d’fhéach sé air agus do léigh sé é. Chuir sé gáire bheag as agus thaisbeáin sé an páipéar do’n Bhrianach. Chuir an Brianach gáire mhaith láidir as. Cad a chuir ag gáirí iad? Sidé an rud a chuir ag gairí iad. Bhí an páipéar tar éis dul go Baile Átha Cliath agus teacht thar n-ais, agus bhí órdughadh ó’n Rúnaire Mór i mBaile Átha Cliath sgríobhtha treasna air, .i. “Not to be used.” Féach air sin! Órdughadh ó Bhaile Átha Cliath gan aon úsáid a dhéanamh, [ 206 ]i gcoinnibh an Bhrianaigh, des na nótaíbh a tógadh d’á chaint nuair a bhí an chaint ag teacht as a bhéal, ach úsáid a dhéanamh ’n-a choinnibh des na nótaíbh eile úd a cuireadh le chéile ’n-a dhiaigh san! Sin dlígh agat! Ar an gcuma san díreach a bhí dlígh Shasana ’á cur i bhfeidhm i n-Éirinn gach aon lá riamh, ó’n lá san i mBaile Mhistéala, siar ar fad go dtí an lá úd a chuir Tomás Dubh Wentworth dlígh Shasana i bhfeidhm ar uaislibh Conacht, ní h-eadh, ach siar go dtí an chéad lá a tháinig dlígh Shasana isteach i n-oileán na h-Éirean.


An t-é mhachtnóchadh air is dóich liom go dtuigfeadh sé nár deineadh marbhadh daoine riamh a bhí níba ghráinne níba dhéistiníghe, níba neamhghátaraíghe, ’ná an marbhadh san a deineadh i mBaile Mhistéala an lá san. Ba mhar a chéile díreach é agus dá dtugtí aghaidh ar aonach, nó ar phobul Aifrinn, agus tosnughadh ar na daoine do lámhach gan chúis gan adhbhar. Dá ngabhtí tímpal, mar a raibh an tslígh folamh, d’fhéadfaí fear na nótaí do chur ar cheann des na caráistíbh fada chómh luath agus chuaidh aoinne des na cainteóiríbh suas ortha. Dá gcurtí teachtaireacht ag triall ar fhear na cathaoireach ’ghá iaraidh go leigfí fear na nótaí suas ann, do dhéanfaimís go léir slígh dhó láithreach, nídh nách iongnadh. Cad chuige go raibh caint againn le déanamh ach i dtreó go raghadh ár gcaint chun cinn ag triall ar mhuíntir an riaghaltais? Pé sgéal é, ní raibh le déanamh ach cead d’iaraidh agus bhí an cead le fághail.

Nuair a bhíos-sa sa Ráth, díreach nuair a bhí an chaismirt ag tosnughadh idir thineóntaithibh agus máighistiríbh talmhan, do cuireadh tuairisg chúgham lá, go raibh cruinniughadh mór tineóntaithe le bheith thiar i dTulach Lias agus ’ghá iaraidh orm dul ann. Chuas [ 207 ]ann. Bhí cruinniughadh breagh ann. Nuair a bhí an obair ag tosnughadh agus na cainteóirí ag dul suas ar an árdán, chuas féin suas air. Cé chífinn guala le gualainn liom ar an árdán ach fear na nótaí. Do h-iaraidh cead dó agus do fuaradh, agus bhí sé ansúd thuas agus gan aon chur isteach ag aoinne ’á dhéanamh air. Bhí sagart sa chathaoir againn, an t-Athair Maitias mac Mathghamhna, sagart paróiste an Bhóthair Bhuidhe, áit atá tímpal sé nó seacht de mhíltibh siar ó Cheann Tuirc. Bhí an t-Athair Séamus ua Mórdha ’n-a Chóadiútor an uair sin i dTulach Lias agus is air a bhí cúram oibre an lae, agus ba mhaith an díol air é. Tá sé ’n-a shagart paróiste anso am’ aice anois, i Ráth Chormaic, agus ’n-a Chanónach. Chuir sé gach aoinne i n-a áit féin, agus do ghluais an chaint, do réir úird. Dhein fear na cathaoireach a chuid cainte. Dhein an t-Athair Séamus a chuid cainte, agus ba mhaith agus ba stuamdha an chaint a dhein sé. Níor mhisde an gnó fhágaint fé.

Tháinig an t-am dom féin chun mo chuid cainte dhéanamh. Bhí fhios agam go raibh an Ghaeluinn go maith an uair sin ag na daoine a bhí ag éisteacht liom, agus i dtreó go mbéadh raint spóirt agam ar fhear na nótaí, a bhí agam’ ghualainn, do chromas ar mo chaint a dhéanamh as Gaeluinn. Do las súile na ndaoine go léir láithreach leis an spórt. Thugas fé ndeara gach ’re bhféachaint ag gach aoinne ’á thabhairt orm féin agus ar fhear na nótaí. Diarmuid ab ainim dó, Diarmuid Stringer. Chomáineas liom ar feadh tamaill go dtí go raibh na daoine go léir ag sgigeadh. Ansan d’iompuigheas agus d’fhéachas ar Dhiarmuid. Bhí sé ansúd ’n-a sheasamh agus a phinsil ’n-a bhéal aige. Do stadas ag féachaint air, agus [ 208 ]mé ag gáirí, go dtí go raibh na daoine go léir ag faire féachaint cad ’déasfainn, ansan d’iompuigheas chun na ndaoine agus, “Ní deirim,” arsa mise, “ná go bhfuil breall ar Dhiarmuid.” Níor fhéadas a thuille do rádh, d’eirigh a leithéid d’uaill gháirí. Mheasas go dtuitfeadh an t-Athair Maitias as an gcathaoir tháinig a leithéid sin de thritheamh gáirí air.

Dheineamair ár ngnó agus ní raibh lámhach ná marbhadh againn. Thug an t-Athair Séamus (an Canónach anois), thug sé dínnéar breagh brothalach dúinn. Do deineadh a lán cainte ag an ndínnéar, leis. Bhí cuid de’n chaint feargach, feargach go maith. Ach bhí an chúil-fhéith chómh maith san ag an Athair Séamus, agus an stuaim chómh daingean san ann, go mbaineadh sé an faobhar de’n fheirg i gcómhnuighe sar a bhféadadh sí aon díobháil a dhéanamh.

Dá ndeintí an gnó i mBaile Mhistéala an lá úd mar a deineadh i dTulach Lias tímpal seacht mbliana roimis sin, agus mar a deineadh i n-a lán áiteana eile i gcaitheamh na h-aimsire, ní bhéadh lámhach ná marbhadh ann.

  1. Timothy Harrington.
Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.