Mo Sgéal Féin/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
[ 157 ]
XXII
AN SGOIL SA RÁTH

Bhailigheas chúgham mo chuid triosgáin agus mo chuid leabhar agus siúd ó-thuaidh mé. Chuas chun cainte leis an sagart paróiste thuaidh. D’inis sé dhom conus a bhí gach aon rud le socarughadh; gur i seómra am’ thigh cómhnuighthe féin a bhéadh an sgoil; go ndíolfadh gach duine des na sgoláiríbh a deich fichid sa rátha. .i. sé púint sa mbliain; go dtosnóchadh obair an lae ar a deich ar maidin agus go gcríochnófaí ar a dó sa lá. An t-airgead a dhíolfadh na sgoláirí as a sgolaidheacht go gcurfí sa chiste é, i dteannta na h-ofrála, agus ansan go rainnfí ar na sagartaibh é díreach mar a rainntí an ofráil. Ar an gcuma san go mbéadh mo chion dé ag teacht chúgham-sa fé mar a bhí mo chion de’n ofráil ag teacht chúgham. Go mbéadh ar na sagartaibh eile gnó na paróiste dhéanamh agus ná béadh orm-sa a dhéanamh ach obair na sgoile.

D’éisteas leis an socarughadh san gan aon fhocal do rádh amach as mo bhéal. Do h-osgaladh an sgoil. Tháinig raint buachaillí. Chuireas ag obair iad. I gcionn raint laethanta tháinig cuid dem’ buachaillíbh féin chúgham. Tháinig beirt nó triúr ó Ráth Chormaic agus duine ó Maghchromtha. Agus tháinig Toirdhéalbhach ua Siadhail ó Bhaile Mhistéala. Thógadar lóisdín dóibh féin sa tsráid. Chuireas isteach sa n-obair iad, fé mar a bhíodar oireamhnach chuige.

Bhí an obair ar siúbhal ansan, ach bhí aon nídh amháin ag déanamh buartha dhómh-sa. Chonac an cruinneas a thaisbeáin an sagart paróiste i dtaobh an airgid, [ 158 ]agus tháinig machtnamh dom. Chómh luath agus d’fhéadas é do ghlacas caoi ar labhairt leis an sagart paróiste i dtaobh an mhachtnamh a bhí am’ aigne.

“A leithéid seo, a Athair,” arsa mise leis. “Tá raint buachaillí tagaithe anso am’ dhiaigh. Bhíos ’ghá múineadh i Maghchromtha agus i Ráth Chormaic. Ní raibh aon trácht riamh eadrainn ar aon airgead, nídh nár bh’ iongnadh. Ní foláir an múineadh a gheóbhaid siad anso do thabhairt dóibh i n-aisge, fé mar a bhíodar ’ghá fhághail i Ráth Chormaic agus i Maghchromtha.”

Do chroth sé a cheann.

“Ó,” ar seisean, “ní dhéanfadh san an gnó i n-aon chor! Caithfid siad díol anso ar nós gach sgoláire eile d’á bhfuil ag teacht chun na sgoile.”

Do stadas, agus admhuighim gur choruigh mo chuid fola. Dhéanfainn sgéal ana ghairid dó dhé mura mbéadh aon nídh amháin. Mura mbéadh an t-aon nídh amháin sin déarfainn leis mar seo: “Má ’sí sin aigne atá agat i dtaobh na sgoile seo, caithfir duine éigin eile do sholáthar chun na sgoile do mhúineadh.” Ní dúbhart an chaint sin. Choimeádas istigh í. Chuireas srian leis an bhfeirg. Nuair a bhí mo lámh daingean agam ar an sriain do labhras mar seo.

“Tá go maith, a Athair,” arsa mise, “ach ó ’sé an t-Easbog a chuir mise anso, caithfidh an t-Easbog an puínte seo do shocarughadh eadrainn.”

Nuair a tháinig an t-Easbog do h-innseadh an sgéal dó. Dúbhairt sé láithreach go raibh an ceart agam-sa.

Déarfaidh duine, b’fhéidir, “Cad ’n-a thaobh nár eirighis as an obair láithreach nuair a h-iaraidh ort an bheart spriúnlaithe sin do dhéanamh?”

Neósfad-sa san duit. D’innseas cheana conus mar a bhí an leabharlann i gCill Úird fé chomairce [ 159 ]Bhríghde Naomhtha againn, agus conus mar a bhí an leabharlann i Ráth Chormaic, agus an banna práis, agus an ceól, fé chomairce Bhríghde againn. Bhí an obair go léir fé chomairce Bhríghde. Chómh luath agus d’osgalas an sgoil sa Ráth chuireas an sgoil agus an obair agus mé féin agus gach aon rud a bhain leis an ngnó, fé chomairce Bhríghde. Agus go mór mór, bhí an staonadh ó gach deoch meisgeamhail fé n-a comairce agam. Bríghid Naomhtha, Muire na nGaedhal, isí fé ndeara dhómh-sa an fhearg do bhrúth fúm an uair úd, nuair a h-iaraidh orm an bheart spriúnlaithe úd a dhéanamh. Ní fhéadainn gan gáire dhéanamh, i gcaitheamh an lae ’n-a dhiaigh san, nuair a chuimhnighinn ar a luighead d’á fhios a bhí ag an sagart bocht úd gur bh’ ar Bhríghid Naomhtha ba cheart dó a bhuidheachas a bheith aige nár chaitheas chuige an sgoil, agus ná dúbhart leis, “Má’s maith leat airgead a dhéanamh as an sgoil, múin féin í, dein féin an obair.”

Bhí cúis eile agam, leis, le gan an sgoil do chaitheamh chuige. Theastuigh uaim an gnó do chríochnughadh dos na buachaillíbh a lean mé. Dá gcaithinn uaim an sgoil do chaillfinn ortha san. Bhéadh san spriúnlaithe, leis. Ní fheadar ná gur thúisge leó an t-airgead do dhíol ’ná mise d’eirighe as an obair. Is dóich liom gur thúisge. Ach pé ’cu ba thúisge nó nár thúisge ní thógfainn-se aon airgead uatha.

D’á éaghmuis sin airís, bhí cuid des na buachaillíbh a bhí tagaithe chun na sgoile ó’n sráid agus ó’n gcómharsanacht, agus bhí aithne curtha agam ortha, agus bhí fághalta amach agam go raibh árd éirim aigne acu. Thuigeas gur bh’fhiú iad raint d’á nduagh dh’fhághail. Do bhrúthfainn a lán feirge fúm ní ba thúisge ’ná mar a stadfainn d’iad a mhúineadh agus iad chómh maith [ 160 ]san chun an eóluis do ghlacadh. D’á éaghmuis sin go léir, bhí an gheallamhaint i dtaobh staonadh ó’n ndeoch meisgeamhail déanta ag an uile dhuine des na buachaillíbh a bhí tagaithe chúgham ó’n áit. Dá n-eirighinn as an obair an uair sin bhí gach aon chontabhairt go raghadh an gheallamhaint sin ar neamhnídh i n-aigne a lán de’n mhuíntir a bhí tar éis í dhéanamh. Bhí greim eile leis, orm. An obair a bhí agam ’á dhéanamh chómh fada roimis sin i n-onóir do Bhríghid Naomhtha, i n-onóir do Mhuire na nGaedhal, obair ab eadh í ná féadfainn a chur uaim. Gan amhras bhí iongnadh ar na daoine a chonaic mé ag déanamh na h-oibre sin, ach níor thuigeadar na greamana a bhí orm. Do socaruigheadh ná béadh aon chuid d’obair na paróiste orm, ach neamhnídh ab eadh an socarughadh san. Dheineas mo chion d’obair na paróiste chómh maith le cách. Is dóich liom gur mheas a lán daoine gur díth céille a bhí orm. Níor bh’ aon iongnadh iad ’ghá rádh. Ach níor thuigeadar na greamana a bhí orm.

“Fágaimís siúd mar atá sé!”

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.