Mo Sgéal Féin/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
[ 70 ]
X
SIUBHAL NA GCNUC

Ó’n uair a thosnuigheas ar na teangthachaibh d’fhoghluim i Maghchromtha bhínn thuas sa bhaile go minic. Théighinn abhaile gach aon tSatharn, agus ansan thagainn anuas airís ar maidin Dé Luain. D’á éaghmuis sin bhínn thuas sa bhaile nuair a tugtí laethanta saoire do lucht na sgoile. Do leanadh na laethanta saoire cúpla seachtmhain nó trí. An fhaid a bhínn sa bhaile bhínn ag obair ar an bheirm bheag i dteannta na cod’ eile de’n chlainn. Thug san taithíghe mhaith dhom ar gach aon tsaghas oibre sglábhaidheachta dhéanamh. Bhíos ábalta ar ráinn do láimhseáil nó ar shluasaid do láimhseáil. Ní h-anamh a bhí teinneas am’ ghéagaibh agus am’ dhrom ó bheith ag baint fhéir le speil, nó ag baint mhóna le sleán, nó ag baint choirce le corán. Bhí fhios agam an ’mó dias a dhéanfadh teidhal agus an ’mó teidhal a dhéanfadh dórnán, agus an ’mó dórnán a dhéanfadh punan. Bhí fhios agam conus súiste do chasadh agus láithreán arbhair do bhualadh, gach ’re mbuille i gcoinnibh buailteóra eile, agus mo bhuille do bhualadh ar an gcuma dob’ fhearr chun an ghráinne bhaint as an dtuighe.

Uaireanta is ag aedhreacht a curtí mise nuair a bhíodh an chuid eile ag obair. Deirtí liom go bhféadfainn bheith ag gabháil do’n leabhar i dteannta na h-aedhreachta dhéanamh. Is cuimhin liom lá agus mé ag déanamh na h-aedhreachta go bhfeaca gamhna iasachta i dteannta na mbó. Thall ar an muing mbig a bhí na ba agam. Cheapas, nídh nár bh’ iongnadh, gur anoir ó bhuaibh na Cathairíneach a tháinig na gamhna iasachta. [ 71 ]Chromas ar na gamhna iasachta, dar liom, do dheighilt amach ó n-ár mbuaibh féin agus do chomháint soir abhaile. Ní raighdís soir dom. Pé dícheal a dhéanfainn ar iad a chomaint soir ní raighdís soir dom. Chonaic an mhuintir eile mé agus iad ag obair i bPáirc na n-Abhan. Bhíodar ag faire orm agus iad ag gáirí. D’innseadar dom ar ball gur linn féin na gamhna a bhí agam ’á chomáint chun siúbhail. Is amhlaidh a bhí na gamhna imthighthe as m’ aithne toisg mé bheith as baile chómh mór. Do castí liom go minic ’n-a dhiaigh san an dearmhad a dheineas. “Siné,” a deirtí, “an buachaill nár aithin a ghamhna féin!”

Lá éigin eile d’á dtánag abhaile bhí cúpla gabhar le tabhairt adtuaidh ó Leaba Dhiarmuda.

“Raghad-sa agus tabharfad liom iad,” arsa mise. Bhí an fonn orm chun an chnuic do shiúbhal. Chuireas an cnuc ó-thuaidh díom. Do shuidheas ar Fhaill na bhFiach ag féachaint uaim síos agus ag féachaint am’ thímpal ar na sléibhtibh. Nuair a bhí tamall maith caithte ansan agam bhuaileas an cnuc siar agus thugas tamall am’ shuidhe i n-áit eile. Fé dheire chuas síos go dtí an áit ’n-a raibh an dá ghabhar. Bhíodar ceangailte dh’á chéile. Chomáineas rómham iad an cnuc suas i dtreó go bhféadfainn teacht cómhgar an chnuic abhaile leó. B’fhearra dhom gur bh’ é an tímpal a gheóbhainn, soir go Caraig an Stáca, mar a raibh an cosán fé m’ chois agam. Ní h-é sin a dheineas, ach aghaidh a thabhairt ar an gcnuc. Ní raibh fhios agam go raibh oiread de’n lá caithte agam ag féachaint am’ thímpal. Um an dtaca ’n-a rabhas féin agus na gabhair ar mhullach an chnuic bhí sé i n’ oídhche dhubh. I dteannta é bheith i n’ oídhche dhubh bhí ceó tagaithe ar an gcnuc. Leis an ndoircheacht agus leis an gceó is ar éigin fhéadainn na gabhair a [ 72 ]dh’fheisgint agus iad romham amach ar an bhfionán. Chromas ar an dtalamh fé m’ chosaibh agus am’ thímpal do bhreithniughadh, chómh fada agus d’fhéadas é sa doircheacht, le h-eagla go raighinn amú. Bhí m’ aghaidh, dar liom, lom díreach, síos ar an áit ’n-a raibh ár dtigh féin. Bhíodh an dá ghabhar a d’iaraidh gabháil soir i n-inead gabháil siar ó-dheas i dtreó na h-áite ’n-a raibh ár dtigh, dar liom-sa. Do tánag rómpa agus chasas anoir iad cúpla uair. Fé dheire do ritheadar uaim soir, agus níor fhéadas teacht rómpa go dtí gur chuadar isteach i gclós éigin. Siúd gadhair ag amhstaraigh láithreach. Do leanas na gabhair isteach sa chlós. Bhí dorus an tíghe ar m’ aghaidh amach. Tháinig bean amach. “Cé h-é sin?” ar sise. D’aithnigheas í laithreach. D’innseas di cé ’r bh’ é mé. Cailín de mhuíntir Luasa ab eadh í. Nuair a bhíos ag dul isteach sa chlós san thabharfainn an leabhar gur isteach i gclós Mhichíl Bhreathnaig thoir ar Gleann Daimh a bhíos ag dul. Nuair a chonac an tigh mheasas, bhíos deimhnightheach dé, gur bh’é thigh Mhichíl Bhreathnaig a bhí agam. Nuair a labhair an cailín liom isí céad cheist a tháinig chun m’ aigne ’ná “Cad a thug anso a leith go thigh Mhichíl Bhreathnaig í sin?” I ndiaigh chéile do léirigheadh dom gur bh’ amhlaidh a bhí measgán mearaidhe tar éis teacht orm. Is ag an dá ghabhar a bhí an ceart. Bhíos-sa a d’iaraidh na ngabhar do chomháint as an slígh chóir d’á n-aimhdheóin. Choimeád na gabhair mise ar an slígh chóir dom’ aimhdheóin. D’á dtugadh na gabhair mo shlígh féin dómh-sa an oídhche sin, is siar chun Millín na Móna a thabharfaimís aghaidh, áit a bhí lán an uair sin de phollaibh doimhne uisge. Ní bhéadh aon bhreith againn gan dul isteach i bpoll éigin acu. Gan aon dabht ar domhan do báthfaí mise an oídhche sin mura [ 73 ]mbéadh an dá ghabhar úd a bheith ag taisbeáint na slíghe dom.

Lá éigin, an fhaid a bhíos ag dul ar sgoil go Ceann Tuirc, thug mo neamhthuisgint féin contabhairt eile orm, agus ba ró dhóbair dom gan teacht saor as. D’fhágas Lios Caragáin lá Domhnaigh agus d’éisteas Aifreann i gCaraig an Ime. Ansan thugas aghaidh ó-thuaidh bóthar Shráid a’ Mhuillinn, chun dul go Doire na Móna an oídhche sin agus bheith i n-am chun dul go Ceann Tuirc ar maidin Dé Luain a bhí chúghainn. Nuair a bhíos ag gabháil Céim Caraige síos do chonac ar m’ aghaidh anonn Caisleán Chille Míde agus cnuc Cláraighe. Bhí an lá go h-áluinn agus an spéir ana ghlan. Dúbhart liom féin ná raibh aon teóra leis an radharc le breaghthacht a bhéadh agam ar an ndúthaigh go léir mór-thímpal dá mbeinn ar mhullach an chnuic sin. Dúbhart liom féin go bhféadfainn gabháil suas fan an chaisleáin go bárr an chnuic agus féachaint am’ thímpal, agus ansan ruith le fánaidh síos isteach sa tsráid, agus go mbeinn sa tsráid chómh luath, nach mór, agus dá ngabhainn an bóthar. Siúd suas mé chun an chnuic chómh luath agus thánag ar aghaidh an chaisleáin. Níor shroiseas bara an chnuic chómh luath agus mheasas do shroisfinn é. Um an dtaca n-a rabhas ar bhara an chnuic bhí an ghrian abhfad níba shia siar, agus síos, ná mar a cheapas a bhéadh sí. Bhí an radharc go breagh gan amhras. Bhí Mullach an Ois agus Claedeach, agus na cnuic mhóra eile go léir, laistiar díom agus laisteas díom, agus iad

“Ag bagairt a gcínn de dhruím a chéile,”

agus gan aon bhlúire ceóigh ortha, ach iad chómh glan san gur dhóich le duine gur nighte a bhíodar. Bhí [ 74 ]Muisire ar m’ aghaidh soir agus é chómh nighte leó. Ní raibh an cómhartha soininne air:

“Ceó ar Mhuisire ’s Clárach lom
An cómhartha soininne is fearr ar domhan.”

Bhí Dúth ’alla go léir leathta amach ansúd fém’ shúilibh, soir, agus ó-thuaidh agus siar, agus an ghrian ag taithneamh air, agus é chómh breagh chómh mór chómh leathan! Bhí na cnucáin bheaga thíos ag bun an chnuic, agus bíodh go rabhadar árd go maith dá mbeifeá laistíos díobh, ní mhothófá aon aoírde i n-aon chor ionta nuair a bheifeá ag féachaint síos ortha ó mhullach an chnuic. Ba dhóich leat gur talamh leibhéalta ar fad iad.

Ach bhí an ghrian ag druidim ró fhada síos chun na gcnuc a bhí laistiar díom, agus do ritheas le fánaidh síos i dtreó na sráide. Bhí an tslígh síos chun na sráide níba shia ’ná mar a mheasas, agus níba chrosta go mór ’ná mar a mheasas. B’ éigean dom clathacha móra chur díom, agus páirceana treabhtha, agus cumair a bhí lán de sgeachaibh, agus fé dheire, nuair a bhíos ag dul isteach sa tsráid bhí tuitim na h-oídhche ann. Bhí tuitim na h-oídhche ann agus bhí seacht míle, de mhíltibh móra fada idir mé agus Doire na Móna, agus ní raibh aithne agam ar aoinne i Sráid an Mhullinn, ná ag aoinne orm. Thugas aghaidh ar an mbóthar. Shiúbhluigheas soir tríd an sráid go géar; ó-thuaidh go Drisean; go Drochad an Chaoil. Bhíos ag cur an bhóthair díom agus doircheacht na h-oídhche ag méadughadh. Fé dheire do mhothuigheas an tuirse ag teacht orm. Ansan mhothuigheas an tart ag teacht orm. Ansan do mhothuigheas mé féin ag lagughadh leis an ocras. Bhíos gan aon bhlúire bídh a dh’ithe ó fhágas an baile ar maidin. Ach do chomáineas liom. Um an dtaca go rabhas chómh fada soir ó-thuaidh le Doire na Groidhe [ 75 ]bhíos chómh buailte amach san gur shíneas ar bhara chlaidh an bhóthair chun an tuirse chur díom beagán. Bhíos ar mo shuaimhneas ansan ar feadh tamaill. Ar ball do shamhluigheas go rabhas ag tuitim am’ chodla. Le n-a linn sin do mhothuigheas mar a bhéadh codla grífín ag ruith tréam’ ballaibh go léir. Do léimeas suas. Thuigeas láithreach dá dtuiteadh mo chodla i gceart orm ar mhullach an chlaidh sin gur marbh a geófaí ann mé ar maidin. Siúd chun bóthair airís mé. Bhí eólus na slíghe go maith agam. Do shroiseas tigh Thomáis uí Laoghaire ar Doire na Móna. Bhíodar gan dul a chodla nuair a sroiseas an tigh, bíodh go raibh sé abhfad tar éis a dódhéag a’ chlog sa n-oídhche. Bhí dritháir do Thomás sa tigh. Diarmuid ab ainim dó. Bhí sé féin agus mise ana mhór le n-a chéile. B’ é an chéad duine é a chonaic mé ag teacht an dorus isteach chuige. Bhí iongnadh air cad a thug chómh déanach mé. Bhí iongnadh ba mhó ’ná san air nuair a fuair sé gur bh’ ar éigin a bhí ionam labhairt leis. Do tugadh mo dhóithin le n-ithe agus le n-ól dom láithreach. Chuas a chodla, agus go deimhin do chodlas go sámh.

Níor innseas d’aoinne cad a chuir an tuirse go léir orm, ná conus mar ba dhóbair dom fanmhaint i mbara an chlaidh ar thaobh an bhóthair i n-aice shéipéil Dhoire na Groídhe. Níor innseas d’aoinne i n-aon chor riamh ó shin é. Bhí náire orm a thabhairt le rádh d’aoinne go dtabharfainn a leithéid de chúrsa, gan ghádh gan riachtanas.

Tá aon rud amháin, ámhthach, a chuirean cancar mór anois orm agus atá ag cur cancair orm riamh ó sin. Ag machtnamh dom ’n-a dhiaigh san ar ag gcuma ’n-a mbídís ag féachaint orm an oídhche sin, nuair a mheasaidís ná bínn ag féachaint ortha, do buaileadh isteach [ 76 ]am’ aigne gur mheasadar gur bh’ amhlaidh a casadh cuideachta éigin orm i Sráid an Mhuillinn agus gur rugadar isteach i dtigh tabhairne éigin mé—agus gur bh’ é sin a choimeád amuich chómh déanach mé, agus do chuir an tuirse go léir orm agus do bhain mo chaint díom!

Féach gur b’ uiriste éagcóir a dhéanamh ar dhuine! Go mór mór nuair a thugan duine féin an chaoi chuige le beart éigin mhí-chuíbhsach.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.