Mise Éire
From Wikisource
le Pádraic Mac Piarais (1879–1916)
- Mise Éire:
- Sine mé ná an Chailleach Bhéarra.
- Mór mo ghlóir:
- Mé a rug Cú Chulainn cróga.
- Mór mo náire:
- Mo chlann féin a dhíol a máthair.
- Mór mo phian:
- Bithnaimhde do mo shíorchiapadh.
- Mór mo bhrón:
- D'éag an dream inar chuireas dóchas.
- Mise Éire:
- Uaigní mé ná an Chailleach Bhéarra.
|
|