Leabhar na Polainne/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar na Polainne
Aodh de Blácam
TIONNSCNAMH Ó AODH DE BLÁCAM
[ ix ]
TIONNSCNAMH
O AODH DE BLACAM

Leabhar naofa do lucht na náisiúntachta an leabhar seo, cosúil leis an Apocalyptos nó le Irisleabhar Prísúin Sheáin Mhistéil. Baineann sé leis na smaointí is doimhne i gcroidhe an tírghráhóra. Bhí an t-údar ar aon chuideachta leis na laochra is na martair ba mhó do throid is do fhulaing: ar son tíre nó creidimh. Má tá meon Gaeil ag an léitheoir, aithneochaidh sé Eire san "Náisiún Oilithreach" agus glacfaidh sé chuige fhéin an méid a scríobh Mickiewicz chuig a cho-lucht-tíre.

Tá leabhar an-suimeúil le fáil ar bheatha Mhickiewicz,[1] ach bféidir gur doiligh a chuid scríbhinní fháilt, go mórmhór Leabhar na n-Oilithreach. Níor rinneadh aistriú Béarla ar an rí-leabhrán seo ariamh, gí gur h-aistrigheadh i morán teangacha eile é. Tá sé in Eabhrais ag na hIúdaigh, mar taitneann teagasc Mhickiewicz go mór leis an gcineadh díbeartha sin. San Fhrainncis a léigheas an leabhar,[2] agus nuair bhí sé léite agam thall san Museum Breatnach, bhi mo chroidhe fré theine, agus dubhras liom fhéin nach mbeinn sásta go bhfuighinn cóip damh fhéin agus go gcuirfhinn i n-úil do Ghaedhlaibh é. D'aistrigh mé cúpla giotaí agus chuireas i gcló i Saoirse na hEireann iad í mbliain a 1913; agus i mbliain a 1915 scríobhas [ x ]aisde in Nationality ar bheatha agus teagasc Mhickiewicz. Fuaireas dorn maith litreacha gan mhoill ag fiafruighe dhíom cá bhfaghfaí Leabhar na bPolannach agus ag ofráil Gaelig do chur air. Tá sin déanta anois ag Liam O Rinn, agus creidim nach dtiocfadh le duine ar bith é dhéanamh níos fearr. Leanann sé go dlúth don teistimhin Fhrainncise ach níl cuma aistriúcháin ar bith ar an Ghaelig, acht í slachtmhar, aclaidhe, saor, nadúrtha, agus aithris bhreá bhlasta aige ar stíl Bhíoblach an údair.

Goid’ iad anois bun agus brí an leabhráin iongantaigh seo agus cerbh’ é Mickiewicz?

Na daoine a bhfuil eolas aca ar litríocht na Sclábhach, deir siad gurbh é Mickiewicz [rugadh i 1798] an file ba mhó den chineál Pholannach, agus nár rugadh sa Rúis féin sárú Mhickiewicz ar bhinneas ceoil ná ar uaisleacht aignidh ach amháin Púiscín. Bíodh sin mar atá, rí-fhile agus drámadóir críochnuithe a bhí ann, agus ní raibh de adhbhar ealadhan aige ach grá don Phólainn agus mórchlú a thíre dúchais. Ba thrua-mhéileach ar fad stáir na Pólainne san XIX-adh aois. Bhí sí díreach i ndiaidh a roinnte ag trí h-impireachta, agus ní haon uair amháin d’ éirigh na Pólannaigh ach arís agus arís, agus ba iongantach do-innste na fearta cogaidh a rinn an cineadh beag i n-aghaidh na gcomhacht mór. Ach tar éis an éirghe amach i mbliain a 1830, scriosadh agus loiteadh an náisiún, agus glanadh a ainm den léarscáil. Bhain na Cosacaí na páisdí go borb dá máithreacha agus thógadar leo iad go h-áit gan ainm; ní raibh áireamh ar an méid daoine a cuireadh chuig na mianacha i Siberia; agus theich na mílte ón Phólainn go dtí an Fhrainnc, go Sasana agus go h-Amerioca. Díbirt Mhór a bhí ann, [ xi ]cosúil le díbirt na nGaedheal i ndiaidh an Ghorta nó Scaipeadh na nEabhrach i ndiaidh scrios Iarúsalaim. Is annsin a bhí an dubh-aigne agus an diombáidh ar chlainn na Pólainne, agus ba dhóigh le morán, mar ba dhóigh leis an domhan, go ralbh an Phólainn marbh fá dheire go deo na ndeor. San oíche sin an duaircis don náisiún millte, nuair bhí a saoirse is a saibhreas ar lár agus caoineadh is crádh ar fud a críocha, do scríobh Mickiewicz, agus é 'na dheoraidhe i bPáras, an leabhrán aisteach seo dfhonn dóchas an náisiúin a choinneáilt beo, fiú fá scáile an bháis.

Creideamh aisteach, misticeach a lasadh i gcroíthe na ndeoraithe, sin é is adhbhar cainnte do Mhickiewicz ins na leathanaigh seo leanas. Messianaigh a tugtí ar Mhickiewicz agus ar a cháirde, mar isé an creideamh do bhí acu ná é bheith i ndán don náisiún Phólannach bás dfháil ar son na náisiún mbeag, agus eiséirghe do bheith aici i ndiaidh tamaillt le saoirse thabhairt ar ais don domhan,—an Phólainn 'na Messia i measc na gcineadh ar nós Criost i measc daoine. Fé mar a briseadh comhacht an bháis agais neart a namhad ar eiséirghe do Chríost, is amhlaidh sin a brisfear comhacht na dtíoránach agus a scaoilfear daoirse na gcineadh nuair éireochas an Phólainn as an uaigh 'nar cuireadh í ag Impireachtai an t-saoil seo.

Fear fise no fáidh Mickiewicz, agus fís fhírinneach a bhí aige. Do chlaoidh na Pólannaigh lena theagasc;[3] sheasadar guala le gualainn le chéile; níor ghéilleadar riamh ach ag súil i dtólamh le saoirse luath no mall— [ xii ]agus tháinig an eiséirghe. Tá an Phólainn 'na náisiún saor aonta arís; ach ca bhfuil na h-Impireachtaí do chuir chum bháis í? Níl fáidheadóireacht Mhickiewicz cólíonta ar fad go fóill, ámhthach. Ní ar shaoirse na Pólainne amháin a bhíodh a mhachtnamh ach ar shaoirse na hEireann fosta. Bhí dúil mhór aige i nEirinn. Nuair fuair sé bás,[4] fuarthas leabhar ar oscailt ar a bhórd—an rud deireannach do léigh sé—agus goidé bhí ann ach cionn de scríbhinní na "nGaedeal Og." Deir Mickiewicz i Leabhar na nOilithreach go bhfuighidh na cineacha beaga sealbhas an domhain san am ata le teacht agus go gcuirfar na hImpireachtai uilig ar neamhnídh. Ach nil "áit faoi 'n ghréin," mar adeirtear, faighte ag Eirinn fós, agus níl deireadh leis an Impireacht is measa tíoránacht dár chruthaigh an diabhal ariamh. Ach beidh.

Nuair is doirche an oíche is annsin is goirc dhúinn an mhaidean. Nuair bhí an náisiún Iúdach i riocht bháis, agus N. Eoin 'na dheoraidhe ar oileán Phatmos ar nós Mhickiewicz i bPáras, is annsin do taisbeánadh dó árd-fhís na náisiúntachta agus an tírghrá—Iarúsalaim Ur ag teacht anuas ó neamh. Ba h-ionann le sin fís agus dóchas Mhickiewicz, agus is ionann leis an fhís agus an dóchas badh cheart a bheith againne. Tá dorchadas agus daoirse ar Eirinn anois, ach léighmís an méid atá scríobhtha ag na fáidhe do chuaidh romhainn, agus ná biodh eagla orainn, mar "níl bás ann nach bhfuil eiséirghe na dhiaidh, agus is as uaigheannaibh na mairtireach eireochas saoirse Gaedheal." Beidh deire go luath leis an oilithreacht ró-fhada seo ag clanna Gaedheal, agus do b'fhéidir nach fada go [ xiii ]bhfeicfimid Eire Ur ag teacht ar an dtalamh cosúil leis an chathair ionmhuin, fá 'r dhubhairt an naomh:

"Ní riachtanach air an gcathraigh grian ná gealach do shoillsiú innte: óir do shoillsigh glóir Dé í, agus an t-Uan is solas di. Agus ní rachaidh isteach innte ní ar bith neamhghlan ná do ghní gráiniúlacht ná bréag . . . . Agus chuala mé guth mór ag rádh: Feuch! Tabernacuil Dé ag daoinibh, agus glanfaidh Dia gach uile dheor óna súilibh; óir do chuadar na céid-neithe thorainn. Feuch!—doghním na h-uile neithe nua! . . . .

"Amén. Uime sin, tar, a Thiarna!"

AODH DE BLACAM.

References[edit]

  1. Adam Mickiewicz. Le Monica M. Gardner. Lonndain, 1911. Féach leat fosta Poland: A Study in National Idealism, leis an údar chéadna. Lonndain, 1915.
  2. Le Livre de la Nation Polonaise et des Pélerins Polonais. Dhá aistriú ag M. Armand Lévy agus á chur in eagar ag Ladislás Mickiewicz, mac an údair, Páras.
  3. Deirtear go bhfuarathas cóin de Leabhar na bPolannach ar chorp saighdiúra san geoga Seapáineach; rugadh i Siberia é ach ba de bhnnadh Pholannach é; ní fhaca sé tír a aithreacha riamh ach bhí a ndóchas ina chroidhe aige.
  4. I gConstantinópail i mbliain a 1855.

\