Iníon an Cheannaí
From Wikisource
[edit] Orthographic textIníon an Cheannaí Tá tamall fada anois a bhí fear ina chónaí i mbaile mór Chorcaí. Fear saibhir agus ceannaí farraige dob ea é. Do bhíodh loingeas ag teacht thar lear chuige. Do bhí aon iníon amháin aige gurb é an ainm a bhí uirthi Máire Bhán. Do thuill sí an ainm sin mar ní raibh sa bhaile mhór aon chailín comh deas comh maorga léi. Ní raibh aoinne clainne agna muintir ach í agus do mhéadaigh sin uirrim agus grá na ndaoine don iníon óg so. Ba ghnáthach le captaen óg loinge teacht ar cuaird go tigh an cheannaí go minic agus bhíodh sé an-cheanúil ar Mháire Bhán. Bhí Máire ag titim i ngrá leis gan a fhios di féin. Nuair a imíodh sé ón gcuan bhíodh uaigneas agus díombhá an domhain uirthi, ach ní bhíodh a fhios aici cad é an fáth. Ní raibh aon fhear óg uasal timpeall ná go raibh ag tnúth le Máire Bhán a dh'fháil le pósadh, ach ní raibh aon mhaith d'aoinne bheith á lorg. Ní phósfadh sí aon fhear ach an captaen óg. Níor mhaith lena muintir í a thabhairt le pósadh dósan. Dob fhearr leo í a bheith ina gcóngar féin. D'fhan Máire blianta gan pósadh. Deireadh sí ina haigne féin: "Dá bhfaigheadh m'athair bás, bheadh sé ar mo chumas mo rogha fear a phósadh." Do bhí an scéal go maith agus do tháinig galar éigint ar a hathair agus bhí sé ag dul chun báis. D'fhág sé a thigh is a áit agus a chuid saibhris ag Máire, mar ní raibh aoinne eile muirir air. Nuair a fuair sé bás, má bhí Máire brónach bhí sé sásta d'fhonn is go mbeadh an captaen óg le pósadh aici. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig an long chun cuain agus do tháinig an captaen óg go dtí an tigh; ach ní raibh an ceannaí roimis, ach mara raibh bhí Máire Bhán roimis agus do dh'fháiltigh sí roimis mar ba chóir. Bhí mí aige sa chuan agus dúirt sí lena máthair: "Anois, a mháthair," ar sise, "ó tá m'athair fachta bás agus gur dh'fhág sé mo dhóthain do shaibhreas an tsaoil agamsa, is maith liom mé féin agus an saibhreas san do thabhairt don gcaptaen óg led thoilse." Ní dúirt an mháthair seoid ach: "Tá go maith, a iníon ó." Do pósadh Máire Bhán agus an captaen óg agus bhí pósadh seacht lá agus seacht n-oíche orthu. Fé dheireadh do bhí ar an gcaptaen a sheolta a thógaint suas agus dul go dtí dúthaigh éigint ag triall ar lasc eile. Do bhí brón mór air a bheith ag scarúint lena chailín ach ní raibh leigheas air, chaithfeadh sé imeacht. "Ná bíodh brón ort," arsa Máire, "beadsa im chailín dílis duit nó go dtí go bhfillfir aríst." Bhí an chéad mháta a bhí ar an loing an-mhór leis an gcaptaen. Ní raibh iontu ach aon anam amháin, mar déarfá. Bhíodh an captaen ag maíomh agus ag caint i gcónaí mar gheall ar Mháire Bhán, go raibh sí ina cailín uasal dílis. Rógaire ba ea an máta agus do bhí sé ag faire ar fhaill a dh'fháil ar an gcaptaen. Do bhíodar sé mhí gan filleadh, agus nuair a chonaic Máire an t-árthach ag teach chun cuain, bhí sceitimíní ar a croí le lúcháir agus le háthas, ní nárbh ionadh. Do bhí coighcíos acu i dteannta a chéile go compordach, ach aon tráthnóna amháin ghaibh an captaen amach, agus Máire lena chois. Bhíodar ag siúl, agus casadh an máta orthu. Chuir sé caint ar an gcaptaen. "Is dócha," ar seisean, "ná fuil an fear san beo d'fhéadfadh Máire Bhán a mhealladh uait." "Is dóigh liom ná fuil," arsa an captaen. "Cad é an geall a chuirfeá leis?" arsa an máta. "Is í an t-árthach mo chuid féin," ar seisean, "agus cuirfidh mé an t-árthach i ngeall leat nach féidir é." Do dhaingníodar an geall agus do dh'fhágadar slán agna chéile. D'imigh an máta uathu. Bhí an aimsir caite agus nuair a bhí an t-árthach chun cuain a fhágaint ní raibh an máta ábalta ar dhul ar bord, mar bhí sé breoite, mar ea. Dob éigint don gcaptaen a mhalairt a dh'fháilt. Nuair a bhí an t-árthach imithe, is beag an bhreoiteacht a bhí ar an lúbaire máta, mar do bhí ag cuir a chuid ghliocais ag obair go tiubh. Bhíodh sé timpeall thí Mháire Bhán go minic agus leig sé air a bheith go han-mhór lena mnaoi choimhdeachta. Aon tráthnóna amháin bhí an máta agus an bhean óg so ag siúl. Do labhair an máta léi: "Is mór an obair duit a bheith ag obair mar sin faid a bheadh tigh agat féin le fáil agus fear maith. Pósfadsa tú," ar seisean, "agus beimíd go compordach i dteannta a chéile ar aon choinníoll beag amháin." "Cad é an rud é sin, a dhuine uasail?" ar sise. Chuir sé a lámh ina phóca agus do thairig aníos sparán airgid. "Féach," ar seisean leis an gcailín, "sin sparán óir agus tabharfaidh mé dhuit é, más féidir leat an fáinne pósta atá ar mhéir do mháistreása a thabhairt dom gan a fhios di." Tá sé ráite go scoilteann an bhreab an chloch. Do phrioc sé an cailín seo chun na hoibre a dhéanamh. "Déanfaidh mé mo dhícheall," ar sise. I gceann cúpla oíche do bhí sí ag faire go dian nó go dtí go bhfuair sí Máire Bhán ina codladh agus d'éalaigh sí go socair agus do shleamhnaigh an fáinne amach dá méir, agus do chuir i dtaisce é. Ar maidin nuair a éirigh Máire ní raibh aon phioc don bhfáinne ar a méir agus ní raibh a fhios aici conas a dh'imigh sé no conas a chaill sí é, ach bhí sí go cráite. Ní raibh aon áit ba dhóigh léi gur cheart dó bheith ná gur chuardaigh sí ach níor bhfuair sí é mar ba dheacair de. Do bhí sí cráite clipthe mar bhí a fhios aici ná beadh a fear pósta baoch di nuair a gheobhadh sé amach go raibh an fáinne caillte aici. Do bhí an aimsir ag imeacht agus is beag an t-amhras a bhí aici gur agna cailín seomra a bhí an fáinne goidithe. Do bhí sé mhí imithe anois ach ní raibh an captaen tagtha fós. Bhí mac óg saolaithe di agus is uirthi a bhí an bród agus lúcháir í féin agus a leanbh a bheith go maith nuair a thiocfadh sé abhaile. Bhí san go maith agus ní raibh go holc. D'fhill an captaen agus nuair a tháinig sé chun cuain níor dhein an ropaire máta ach an fáinne a chuir ar a mhéir féin. Comh luath agus tháinig an captaen i dtír, do bhí an máta roimis. Shín sé chuige a lámh chun crochadh a bhaint aisti, ach má shín cad a chífeadh an captaen ach fáinne pósta a mhná féin ar mhéir? Do stad sé ach ní mór ná gur thit sé as a sheasamh. "Cad tá ort, a dhuine uasail?" arsa an máta. "Cá bhfuairis an fáinne sin ar do mhéir?" arsa an captaen. "Ó, a dhuine uasail," arsa an máta, "nár chuiris do long i ngeall liom go raibh do bhean dílis duit? Sin comhartha agat go bhfuileann tú id chucól agam." Do ghlac rabharta feirge an captaen, ach níor leig sé aon ní air. Do bhuail sé an cé isteach agus bhí Máire Bhán agus a leanbhín álainn roimis agus sceitimíní uirthi ag fáiltiú roimis. Ach níor leig sé air go bhfeacfaidh sé í. Do bhuail sé isteach is do shuigh sé ar chathaoir ina sheomra. Do lean sí é. "Féach, a chaptaen," ar sise, "do leanbhín gleoite." "Is cuma liomsa," arsa an captaen, "ach cá bhfuil an fáinne a bhí ar do mhéir?" "Ar m'fhocal duit, a chéile chneasta," ar sise, "ná fuil a fhios agam conas a chailleas é no cár imigh sé uaim." "Beidh a fhios go maith agat nuair a chífidh tú aríst mé," arsa an captaen. D'éirigh sé ón gcathaoir agus do bhuail sé an doras amach gan slán a fhágaint aici. Sin é an uair a bhí an brón agus an briseadh croí ar an gcailín bocht. "Is trua cráite," ar sise, "nár dheineas rud ar m'athair. Dob fhuirist dom buachaill grámhar a dh'fháil le pósadh." Ní fada nuair a bhí sí an méid sin buartha curtha aici di. Do ghlaog sí chúichi buachaill go raibh iontaoibh mhaith aici as. "Ní bheidh tú," ar sise leis, "aon ní chun deireadh leis an méid cúraim atá agam le cuir ort. Tá an captaen imithe le feirg ón dtigh. Imighse agus lean é, agus ná bíodh a fhios aige go bhfuileann tú ag déanamh aon aireacháin ina dhiaidh. Pé áit no pé tír go mbeidh stuidéir air, tair chúmsa le scéala agus is maith é do luach saothair." Do thug sí roinnt airgid don mbuachaill is as go bráth leis. Do lean sé an captaen riamh agus choíche nó gur bhain sé amach baile beag atá beagán slí amach ó Pháras na Fraince. Do luigh sé isteach mar chléireach siopa i dtigh mór cúraim. Nuair chonaic an buachaill go raibh luite isteach chun oibre, d'fhill sé agus do tháinig sé ag triall ar Mháire Bhán. D'inis sé di a chúrsa tríd síos. "Tá go han-mhaith, a bhuachaill," ar sise. "Fan timpeall an tí agus más bean mise a dhíolann, ní bheidh tusa aon ní chun deireadh leis an scéal." Do ghlaog sí chúichi an cailín seomra: "Táimse ag fágaint an tí seo, agus ní móide go dtiocfainn ar n-ais go deo. Mara dtiocfad, bíodh an tigh seo agus an áit agatsa. Tabhair air mhaith dom leanbh agus dom mháthair." Do fuair sí gach ní réidh agus stad níor dhein sí nó go dtí gur bhain sí amach an Fhrainc. Do bhí a ceann bachlach bán bearrtha aici, agus culaith duine uasail uirthi; ba dhóigh leat gur fear í san am san. Bhí sí ag siúl léi nó go dtí gur bhain sí amach an tigh go raibh an captaen ann. Ach, mo mhairg, níor aithnigh sé í. Do bhíodar ag caint le chéile ar fheadh tamaill agus dúirt sé go raibh a fhios aige féin tigh go bhfaigheadh sí obair ann. Do bhídíst ansan gach tráthnóna ag siúl agus ag caitheamh aimsire i dteannta a chéile, fé mar bheadh aon dá bhuachaill. Bhí bliain an-gheairid do bheith caite. Aon tráthnóna amháin bhíodar suite i dteannta a chéile, agus do thosnaigh Máire Bhán ar a bheith ag cuir ceisteanna air: an raibh sé pósta, nó cad é an tír gurb as é, nó cathain a bheadh a laethanta saoire aige. D'inis sé dhi gach a tharlaigh dó ó thúis go deireadh, mar ní raibh a fhios aige ná gur pártaí buachalla a bhí ag caint leis. Nuair a bhí deireadh ráite aige: "Mo náire thú!" arsa Máire. "B'fhéidir go raibh an cailín bocht neamhchiontach." "Níorbh fhéidir di bheith, mar do bhí fáinne a pósta ar a mhéir aige." "Nuair a bheimid ag dul ar ár laethanta saoire abhaile," arsa Máire, "táimse ag dul go hÉirinn, agus an dtiocfá liom ag caitheamh do laethanta saoire?" "Níor mhaith liom," arsa an captaen, "go gcífinn an áit; tá an ghráin agam air." "Ná bac san," arsa Máire. Do bhí sí ag spriogadh fé nó go dtí gur thoiligh léi bheith lena cois. Fuaireadar long réidh agus do thánadar isteach go baile mór Chorcaí: do thógadar a lóistín i dtigh ósta an oíche sin, ach ar maidin amáireach do fuair sí a leithscéal leis an mbuachaill fanacht mar a raibh aige go ceann uaire a chloig nó go dtí go bhfillfeadh sí féin aríst. Chuaigh sí go dtí uncail di a bhí ina shagart san bhaile mhór agus fuair sí uaidh sórt éide agus giúirléidí beaga éigint eile. Nuair a tháinig sí thar n-ais: "Téanam leat ar siúl anois," ar sise, "tamall." Stad níor dhein nó go dtí gur thug sí isteach ina tigh féin é. Nuair a bhí bia caite acu ann (níor leig uirthi gur aithin sí aoinne ná gur aithin aoinne í) dúirt sí leis an gcailín: "Beidh sagart anso gan mhoill," ar sise; "teastaíonn uaidh roinnt cúntais a dh'fháil mar gheall ar an tigh seo agus an muintir a bhí ann." Chuaigh sí isteach i seomra agus do chuir sí an pártaí a bhí lena cois suite. "Suighse ansan go fóill," ar sise. Do thug sí léi an t-éadach so agus chuaigh sí féin in áit fé leith, is do chuir sí uirthi é. Do ghlaog sí ar an gcailín seomra. "Téir ansan ar do ghlúine agus cuir síos do pheacaí dom." Do chuaigh is do bhí an cailín bocht ag insint gach a thit amach riamh uirthi. "Inis an fhírinne," arsa an sagart, "is leatsa an tigh seo agus a bhfuil ann má inseann tú go poblaí an fhírinne domsa." Do thosnaigh an cailín bocht ar insint don tsagart conas mar a ghoid sí an fáinne agus do thug sí don mháta é, súil is go bpósfadh sé í: "D'fhág sé ansan mé," ar sise, "nuair a fuair sé an fáinne. Do chuireas le fán an tsaoil mo mháistir agus mo mháistreás, agus níl fios agam an beo nó marbh iad." Do bhí an captaen ag éisteacht leis an gcailín is nuair a bhí deireadh ráite aici, d'éirigh an sagart agus do chaith sé dhó an t-éadach anoir agus cad a bhí as a chomhair amach ach Máire Bhán ina steillbheathaidh? "Is ea, a chéile chneasta," ar sise, "ó tánn tú agamsa ag baile anois, agus sinn fé mhaise agus ár leanbhín, beidh síochán agus suaineas againn go deireadh ár laetha." Do riug sé lombharróg uirthi agus d'fháisc lena chroí í agus do thug deocha póg di: "Tá an méid sin déanta go han-mhaith agat, a Mháire," ar seisean. Is dócha, do díbríodh an cailín as a dtigh agus is é bhí tuillte aici. |
[edit] Phonetic transcriptionin´i:n ə x´ani: tɑ: tɑməl fɑdə nis´ ə v´i: f´ar nə xo:ni: ə mal´ə muər xorki: | f´ar sev´ər´ ɑgəs k´ani: fɑrəg´ə do b´a e | də v´i:x liŋ´g´əs e t´axt hɑr l´ar xig´ə | də v´i: e:n in´i:n əvɑ:n´ əg´e gɵr b´e nan´əm´ ə v´i: er´hə mɑ:r´ə vɑ:n | də hi:l´ s´i ən an´əm´ s´in´ mɑr n´i rev´ sə val´ə vuər e:n xal´i:n´ ko d´as ko me:rgə l´e: | n´i rev´ e:n´ə klein´ə egənə mi:n´t´ər´ ɑx i: ɑgəs do v´e:adəg´ s´in´ ir´əm´ ɑgəs grɑ: nə ni:n´ə don in´i:n o:g so bo ɣnɑ:həx l´e: kɑpte:n o:g liŋ´g´ə t´axt er kuərd´ go t´ig´ ə x´ani: go m´n´ik´ ɑgəs v´i:x s´e ɑnəx´anu:l´ er vɑ:r´ə vɑ:n | v´i: mɑ:r´ə e t´it´əm ə ŋrɑ: l´es´ gɑn is d´i f´e:n´ | nuer´ ə im´i:x s´e oŋ guən v´i:x ueg´ən´əs ɑgəs d´i:mva: ə daun´ er´hə ɑx n´i: v´i:x is ək´i kɑd e: ən fa:h | n´i rev´ e: n´ar o:g uəsəl t´i:mpəl nɑ: go rev´ e tnu: l´e mɑ:r´ə vɑ:n ə ɣɑ:l´ l´e po:sə ɑx n´i rev´ e:n vah de:n´ə v´eh ɑ: lorəg | n´i: fo:səx s´i e: n´ar ɑx ə kapte:n o:g | n´i:r vah l´enə mi:n´t´ər´ i: hu:rt´ l´e po:sə do:sən | do b´ɑ:r l´o: i: v´eh nə gu:ŋgər f´e:n´ | dɑn mɑ:r´ə b´l´iəntə gan po:sə | d´er´əx s´i nə hag´ən´ə f´e:n´ dɑ: vajəx mɑhər´ bɑ:s v´eax s´e er mo xuməs mo r´au f´ar ə fo:sə də v´i ə sk´i:al go mah ɑgəs də hɑ:n´əg gɑlər e:g´ən´t´ ər ə hɑhər´ ɑgəs v´i: s´e e dɵl xun bɑ:s´ | dɑ:g s´e ə hig´ is ɑ:t´ ɑgəs ə xid´ sev´ər´əs´ eg mɑ:r´ə mɑr n´i rev´ e:n´ el´ə mir´ər´ er´ | nuer´ ə fuer´ s´e bɑ:s mɑ: v´i: mɑ:r´ə bro:nəx v´i s´i sɑ:stə dɑun is go m´eax ə kɑpte:n o:g l´e po:sə k´i: n´i:r vɑdə nə jie s´in´ gɵr hɑ:n´əg´ ə lu:ŋg xin´ kuen´ ɑgəs də hɑ:n´əg´ ə kɑpte:n o:g go d´i: ə t´ig´ ɑx n´i rev´ ə k´ani: rim´əs´ ɑx mɑrə rev´ v´i: mɑ:r´ə vɑ:n rim´əs´ ɑgəs də ɣɑ:l´t´əg´ s´i rim´əs´ mɑr bo xo:r´ | v´i: m´i: əg´e sə xuən ɑgəs du:rt´ s´i l´enə mɑ:hər´ ənis´ ə vɑ:hər´ er s´is´ə o tɑ: mɑhər´ fɑxtə bɑ:s ɑgəs gɵr ɣɑ:g s´e mo ɣo:hən´ də hev´ər´əs ə te:l´ əgɑmsə is mah l´um m´e f´e:n´ ɑgəs ə sev´ər´əs sən ə hu:rt´ dəŋ gɑpte:n o:g l´et hɵl´s´ə n´i du:rt´ ə vɑ:hər´ s´o:d´ ɑx tɑ: go mah in´i:n o: | də po:səx mɑ:r´ə vɑ:n ɑgəs ə kɑpte:n o:g ɑgəs v´i: po:sə s´axt lɑ: əs s´axt ni:h orhə f´e jer´ə də v´i er ə gɑpte:n ə x´o:ltə ə ho:gən´t´ suəs ɑgəs dɵl gə d´i: du:həg´ e:g´ən´t´ e t´r´iəl er lɑsk el´ə | də v´i: bro:n mu:ər er´ ə v´eh e skɑru:n´t´ l´e:nə xal´i:n´ ɑx n´i rev´ l´eis er´ xahəx s´e im´axt | nɑ: b´i:x bro:n ort ersə mɑ:r´ə b´edsə əm xal´i:n´ d´i:l´əs´ dɵt´ nu go d´i go v´i:l´hər´ əri:s´t´ v´i ə x´i:ad vɑ:tə v´i er ə li:ŋ´g´ ɑnəvuər l´es´ ə gɑpte:n | n´i rev´ u:nt ɑx e:n ɑnəm əvɑ:n´ mɑr d´i:arfɑ: | v´i:x ə kɑpte:n e mi:v ɑgəs e kɑin´t´ ə go:ni: mɑr jaul er vɑ:r´ə vɑ:n go rev´ s´i nə kal´i:n´ uəsəl d´i:l´əs´ | ro:gər´ə b´a ə mɑ:tə ɑgəs də v´i s´e e far´ə er ɑil´ ə ɣɑ:l´ er ə gɑpte:n də v´i:dər s´e: v´i: gɑn f´il´ə ɑgəs nuer´ ə xnik´ mɑ:r´ən tɑ:rhəx e t´axt xun kuen´ v´i: sk´et´im´i:n´i: er ə kri: l´e lu:xɑ:r´ ɑgəs l´e hɑ:həs n´i: nɑ:r vu:nə | də v´i kɑik´i:s əku ə d´auntə x´e:l´ə go ku:mpo:rdəx ɑx e:n trɑ:no:nə vɑ:n´ ɣav´ ə kɑpte:n əmɑx ɑgəs mɑ:r´ə l´əna xɵs´ | v´i:dər e s´u:l ɑgəs kɑsəx ə mɑ:t orhə | xɵr s´e kɑin´t´ er ə gɑpte:n | is do:xə er s´is´ən nɑ: fil´ ə f´ar sən b´o: d´i:atəx mɑ:r´ə vɑ:n ə v´alə vuet´ is do: l´um nɑ: fil´ ersə kɑpte:n kad´e ə g´aul ə xir´fɑ: l´es´ ersə mɑ:tə s´i: ə tɑ:rhəx mo xid´ f´e:n´ er s´is´ən ɑgəs kir´hə m´en tɑ:rhəx ə ŋ´aul l´at nɑx f´e:d´ər´ e: də ɣaŋ´g´ən´i:dər ə g´aul ɑgəs də ɣɑ:gədər slɑ:n egə nə x´e:l´ə | d´im´ig´ ə mɑ:t uəhə | v´i ən ɑim´s´ər´ kat´ə ɑgəs nuer´ ə v´in tɑ:rhəx xin´ kuen´ ə ɑ:gən´t´ n´i rev´ ən mɑ:tə ɑ:bəltə er ɣɵl er bo:rd mɑr v´i s´e b´r´o:t´ə mɑr je | do b´e:g´ən´t´ doŋ gɑpte:n ə vɑlərt ə ɣɑ:l´t´ | nuer´ v´i:n tɑ:rhəx im´ihə is b´og ə v´r´o:t´əxt ə v´i er ə lu:bər´ə mɑ:tə mɑr də v´i e kir´ ə xid´ ɣl´ukəs´ eg ober´ go t´uv | v´i:x s´e t´i:mpəl hi: vɑ:r´ə vɑ:n go m´ən´ik ɑgəs l´eg´ s´e er´ ə v´e go hɑnəvuər l´enə mni: xi:n´d´axt e:n trɑ:no:nə vɑ:n´ v´i:n mɑ:tə ɑgəs ə v´an o:g sə eg s´u:l | də laur´ ə mɑ:tə l´e: is muər ən obər´ dɵt´ ə v´eh eg obər´ mɑr s´in´ fad´ ə v´eax t´ig´ əgɑt f´e:n´ l´e fɑ:l´ ɑgəs f´ar mah | po:sədsə tu er s´is´ən ɑgəs b´em´i:d´ go ku:mpo:rdəx ə d´auntə x´e:l´ə er e:n xin´i:l b´og əvɑ:n´ kad´ e ən rɵd e: s´in´ ə ɣin´ uəsəl´ er s´is´ə xɵr s´e ə lɑ:v nə fo:kə ɑgəs do har´əg´ ən´i:s spərɑ:n ar´əg´əd´ | f´i:ax er s´es´ən l´es´ ə gal´i:n´ s´in´ sprɑ:n o:r´ ɑgəs tu:rhə m´e ɣɵt´ e: mɑ:s f´e:d´ər l´at ə fɑ:n´ə po:stə tɑ: er v´e:r´ do vɑ:s´t´r´ɑ:sə hu:rt´ dom ə gɑn is d´i | tɑ: s´e rɑ:t´ə go skɵl´t´ən ə v´r´ab ə xlox | də f´r´uk s´e ə kal´i:n´ s´o xun nə hebərə ə ji:anəv d´i:ənhə m´e mi ji:həl er s´is´ə ə g´aun ku:pl i:hə də v´i s´i e far´ə go d´iən nu go d´i: go vuər s´i mɑ:r´ə vɑ:n nə kolə ɑgəs d´i:aləg´ s´i go sokər´ ɑgəs do x´l´aunəg´ ə fɑ:n´ə əmɑx dɑ: m´e:r´ ɑgəs do xir´ ə das´k´ e: | er mad´ən´ nuer´ eir´əg´ mɑ:r´ə n´i: rev´ e:n f´uk dən va:n´ er ə m´e:r´ ɑgəs n´i rev´ is ək´i knɵs ə jim´əg´ s´e no knɵs ə xɑil´ s´i e: ɑx v´i s´i go krɑ:t´ə | n´i rev´ e:n ɑ:t´ bo ɣo: l´e: gɵr x´art do v´eh nɑ: gɵr xuərdəg´ s´i ɑx n´i:r vuer´ s´i e mɑr bi jakər´ d´e | də v´i s´i krɑ:t´ə k´l´ip´əhə mɑr v´i is ək´i nɑ: b´eax ə f´ar po:stə be:x d´i nuer´ ə jo:x s´e əmɑx go rev´ ə fɑ:n´ə kail´t´ ək´i də v´i: ən ɑim´s´ər´ eg im´axt ɑgəs is b´og ə taurəs ə v´i ək´i gɵr egənə kal´i:n´ s´aumrə ə v´i: ən fɑ:n´ə git´əhə | də v´i: s´e: v´i: im´əhə ənis´ ɑx n´i: rev´ ən kɑpte:n tɑkəhə fo:s | v´i mɑk o:g se:ləhə d´i ɑgəs is er´hə v´i: ə bro:d ɑgəs ə lu:xɑ:r´ i: f´e:n´ ɑgəs ə l´anəv ə v´e go mah nuer´ ə hukəx s´e əval´ə v´i: sən go mah ɑgəs n´i: rev´ go holk | d´i:l´ ə kɑpte:n ɑgəs nuer´ ə hɑn´ə s´e xun kuen´ n´i:r jin´ ən ropər´ə mɑ:tə ɑx ə fɑ:n´ə ə xir´ er ə v´e:r´ f´e:n´ | ko luəh ɑgəs hɑ:n´əg´ ə kɑpte:n ə d´i:r´ də v´i: ən mɑ:tə rim´əs´ | hi:n´ s´e xig´ə lɑ:v xin´ krohə ə vin´t´ as´t´ə ɑx mɑ: hi:n´ kɑd ə x´i:həx ə kɑpte:n ɑx fɑ:n´ə po:stə ə vnɑ: f´e:n´ er ə v´e:r´ | də stɑd s´e ɑx n´i: muər nɑ: gɵr hit´ s´e es ə hasəv kɑd tɑ ort ə ɣin´ uəsəl´ ersə mɑ:tə kɑ: vuer´əs´ ən fɑ:n´ə s´in´ er do v´e:r´ ersən kɑpte:n o ə ɣin´ə uəsəl´ ersən mɑ:tə nɑ:r xir´əs´ do lu:ŋg ə ŋ´aul l´um go rev´ do v´an d´i:ləs´ dɵt´ | s´in´ ko:rhə gɑt go vil´ən tu əd xuko:l əgɑm | də ɣlɑk rɑurtə f´er´əg´ən kɑpte:n ɑx n´i:r l´eg´ s´e e:n´ n´i er´ də vuel´ s´en k´e: əs´t´ax ɑgəs v´i: mɑ:r´ə vɑ:n ɑgəs ə l´anəv´i:n´ ɑ:lən´ rim´əs´ ɑgəs sk´et´im´i:n´i: er´hə e fɑ:l´t´u: rim´əs´ | ɑx n´i:r l´eg´ s´e er´ go v´aki s´e i: | də vuel´ s´e əs´t´ax is də hig´ s´e er xɑhi:r´ nə haumrə | də l´an s´i e: | f´i:ax ə xɑpte:n´ er s´is´ə do l´anəv´i:n´ g´l´o:t´ə is kumə l´umsə ersən kɑpte:n ɑx kɑ: vil´ ən fɑn´ə v´i: er do v´e:r´ er mokəl dɵt´ ə x´e:l´ə x´n´astə er s´is´e nɑ: fil´ is əgɑm konəs ə xal´əs e no kɑ:r im´ig´ s´e uəm b´eg´ is go mah əgɑt nuer´ ə x´i:hə tu əri:s´t´ m´e ersən kɑpte:n | d´eir´i s´e on gɑhi:r´ ɑgəs də vuel´ s´e ən dorəs əmɑx gɑn slɑ:n ɑ:gən´t´ ək´i s´in´ e ən uer´ ə v´i ən bro:n ɑgəs ən b´r´is´ə kri: er ə gal´i:n´ boxt | is truə krɑ:t´ə er s´is´ə nɑ:r jin´əs rɵd er mɑhər´ | do b´r´is´t´ dom buəxəl´ grɑ:vər ə ɣɑ:l´ l´e: po:sə | n´i fɑdə nuer´ ə v´i s´i ən m´e:d´ s´in´ buərhə kɵrhə ək´i d´i | də ɣle:g s´i xu:hə buəxəl´ go rev´ u:nti:v´ vah ək´i ɑs | n´i v´e tu er s´is´ə l´es´ e:n´ n´i: xun d´er´ə l´es´ ən m´e:d´ ku:rəm´ ətɑ: əgɑm l´e kir´ ort | tɑ: ən kɑpte:n im´ihə l´e f´er´əg´ on d´ig´ | im´ig´s´e ɑgəs l´an e ɑgəs nɑ: b´i:x is əg´e go vil´ən tu e d´i:anəv e:n ar´əxɑ:n´ nə jieg´ | p´e ɑ:t´ nu: p´e t´i:r´ go m´eg´ stəd´e:r´ er´ tar´ xu:msə l´e s´k´i:alə ɑgəs is mah e do luəx se:her´ | də hug s´i rɑin´t´ ar´əg´əd´ don muəxəl´ is ɑs go brɑ:h l´es´ | də l´an s´e ən kɑpte:n riəv ɑgəs xi:hə no gɵr vin´ s´e əmɑx bal´ə b´og tɑ: b´ogɑ:n s´l´i: mɑx o fɑ:rəs nə fraŋ´k´ə | də lig´ s´e s´t´ax mɑr x´l´e:r´əx s´upə ə d´ig´ muər ku:rəm´ | nuer´ xnik´ ə buəxəl´ go rev´ lit´ə s´t´ax xun eb´ər´ə d´i:l´ s´e ɑgəs do hɑ:n´ə s´e e t´r´iəl er vɑ:r´ə vɑ:n | d´in´əs´ s´e d´i ə xu:rsə t´r´i:d´ s´i:s | tɑ: go hɑnəvah ə vuəxəl´ er s´is´ə | fɑn t´i:mpəl ə t´i: ɑgəs mɑ:s b´an m´is´ə ji:lən n´i v´e tusə e:n´ n´i xun d´er´ə l´es´ ə s´k´i:al də ɣle:g s´i xu:h ən kal´i:n´ s´o:mrə tɑ:m´s´ə e fɑgən´t´ ə t´i: s´o ɑgəs n´i mo:d´ə go dukən´ er nas´ go d´o: | mɑrə dukəd b´i:x ən´ t´ig´ s´o ɑgəs ən ɑ:t´ əgɑtsə | tu:r´ ar´ə vah dəm l´anəv ɑgəs dəm bɑ:hər´ də fuər s´i gɑx n´i: re:g´ ɑgəs stɑd n´i:r jin´ s´i no go d´i: gɵr vin´ s´i əmɑx ən raiŋ´k´ | də v´i ə k´aun bɑhələx bɑ:n b´ɑ:rhə ək´i ɑgəs klɵh din´ uəsəl´ er´hə bo ɣo: l´at gɵr f´ar i sən ɑum sɑn | v´i: s´i e s´u:l l´e: nu go d´i: gɵr vin´ s´i əmɑx ən t´ig´ go rev´ ə kɑpte:n ɑun | ɑx mo var´əg´ n´i:r an´həg´ s´e i | də v´i:dər e kɑin´t´ l´e x´e:l´ə er ag tɑməl´ ɑgəs du:rt´ s´e go rev´ is əg´e f´e:n´ t´ig´ go vajəx s´i obər´ ɑun | də v´i:d´i:s´t´ ənsɑn gɑx trɑ:nho:n e s´u:l ɑgəs e kahəv ɑim´s´ər´ə ə d´auntə x´e:l´ə f´e: mɑr v´eax e:n dɑ: vuəxəl´ v´i b´l´ien´ ɑnɑjar´əd də v´eh kat´ə | e:n trɑ:nho:nə vɑ:n´ v´i:dər sit´ə d´auntə x´e:l´əg´ [sic] ɑgəs do hosənəg´ mɑ:r´ə vɑ:n er ə v´eh e kir´ k´es´t´ən er´ ən rev´ s´e po:stə nu: kɑd en´ t´i:r´ gɵr bɑs e nu: kɑhən´ ə v´eax ə le:həntə si:r´ə əg´e | d´ən´is´ s´e ji gɑx ə hɑrləg´ do o hu:s´ go d´er´ə mɑr n´i rev´ is əg´e nɑ: gɵr pɑ:rti: buəxələ v´i e kɑin´t´ l´es´ | nuer´ ə v´i d´er´ə rɑ:t´ əg´e mo nɑr´ə hu ersə mɑ:r´ə | b´e:d´ər´ go rev´ ə kal´i:n´ boxt n´ax´u:ntəx n´i:r v´e:d´ər´ d´i v´eh mɑr də v´i fɑ:n´ə po:stə er ə v´e:r´ əg´e nuer´ ə v´em´id´ e dɵl er ɑ:r le:həntə si:r´ə val´ə ersə mɑ:r´ə tɑ:m´s´ə e dɵl go he:r´ən´ ɑgəs ə dukfɑ: l´um e kahəv do le:həntə si:r´ə n´i:r vah l´um ersən kɑpte:n go g´i:hən´ ən ɑ:t´ tɑ: ən ɣrɑ:n´ əgɑm er´ nɑ: bɑk sɑn ersə mɑ:r´ə də v´i: s´i e sp´r´ugə f´e: nu: go d´i: gɵr hɵl´əg´ l´e: v´eh l´e nə kɵs´ | fuer´ədər lu:ŋg re:g´ ɑgəs do hɑ:nədər əs´t´ax go bal´ə muər xorki: də ho:gədər ə lo:s´t´i:n´ ə d´ig´ o:stə ə ni:hə s´in´ ɑx er mad´ən´ əmɑ:r´əx də fuər s´i ə l´as´k´i:al l´es´ ə muəxəl´ fənɑxt mɑr ə rev´ əg´e go k´aun uer´ə xlig´ nu: go d´i: go v´i:l´həx s´i f´e:n´ əri:s´t´ | xue s´i go d´i u:nkəl´ d´i ə v´i: ənə hɑgərt sə val´ə vuər ɑgəs fuer´ s´i ueg´ so:rt e:d´ə ɑgəs g´u:rl´e:d´i: b´og e:g´ən´t´ el´ə | nuər´ ə hɑ:n´ə s´i hɑr nas´ t´i:anəm l´at er s´u:l ənis´ er s´is´ə tɑməl əs´t´ax nə t´ig´ f´e:n´ e: | nuer´ ə v´i b´ie kat´ə ku ɑun n´i:r l´eg´ er´hə gɵr ahən´ s´i e:n´ə nɑ: gɵr ahən´ e:n´ i: du:rt´ s´i l´es´ ə gal´i:n´ b´eg´ sɑgərt ənso gɑn vi:l´ er s´is´ə t´asti:n ueg´ rɑin´t´ ku:ntəs´ ə ɣɑ:l´ mɑr jaul er ən t´ig´ s´o ɑgəs ən mi:n´t´ər´ ə v´i ɑun | xue s´i əs´t´ax ə s´o:mrə ɑgəs də xɵr s´i ən pɑ:rti: ə v´i l´enə kɵs´ sit´ə | sig´s´ə nsɑn go fo:l´ er s´is´ə | də hug s´i l´e: ən´ t´i:adəx so ɑgəs də xueg´ s´i f´e:n´ ə nɑ:t´ f´e l´eh is də xɵr s´i er´hə e: | də ɣle:g s´i er ə gal´i:n´ s´o:mrə | t´e:r´ə ənsɑn er do ɣlu:n´ə ɑgəs kɵr s´i:s do f´aki: dom | də xueg´ is də v´in kal´i:n´ boxt eg i:n´s´ən´t´ gɑx ə hit´ əmɑx riəv er´hə | n´is´ ə ni:r´ən´ə ersən sɑgərt is l´atsən t´ig´ s´o ɑgəs ə vil´ ɑun mɑ: i:n´s´ən tu go pobli: ə ni:r´ən´ə domsə də hosənəg´ ə kal´i:n´ boxt er i:n´s´ən´t´ don tɑgərt knus mɑr ə ɣid´ s´in fɑ:n´ə ɑgəs do hug s´i den vɑ:t e: su:l´ is go bo:səx s´e: i: dɑ:g s´e ənsɑn m´e er s´is´ə nuer´ ə fuər s´e ən fɑ:n´ə | də xir´əs l´e fɑ:n ən te:l´ mo vɑ:s´t´ər´ ɑgəs mo vɑ:s´t´r´ɑ:s ɑgəs n´i:l f´is əgɑm ən b´o: no mɑrəv iəd | də v´i: ən kɑpte:n eg e:s´t´əxt l´es´ əŋ gal´i:n´ is nuer´ ə v´i d´er´ə rɑ:t´ə k´i d´eir´əg´ ə sɑgərt ɑgəs do xah s´e ɣon t´i:adəx ənir´ ɑgəs kɑd ə v´i ɑs ə xo:r´ əmɑx ɑx mɑ:r´ə vɑ:n ənə s´t´el´əv´ahəg´ s´ah ə x´e:l´ə x´n´astə er s´is´ə o tɑ:n tu əgɑmsə egə bal´ə nis´ ɑgəs s´in´ f´e vas´ə ɑgəs ɑ:r l´anəv´i:n´ b´eg´ s´i:xɑ:n ɑgəs suen´əs´ əgin´ go d´er´ə ɑ:r le:hə | də r´ug s´e loməvɑro:g er´hə ɑgəs dɑ:s´k´ l´enə xri: i: ɑgəs do hug d´oxə po:g d´i tɑ:n m´e:d´ s´in´ d´i:antə go hɑnəvah əgɑt ə vɑ:r´ə er s´is´ən | is do:xə də d´i:b´r´i:x ə kal´i:n´ ɑs ə d´ig´ ɑgəs i s´e v´i: ti:l´t´ə k´i |
|
|

