Grásta Iontach

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search

Aistriúchán le Uaitéar Stock


A Ghrásta Iontaigh, is binn an fhuaim,
A shaor 's a shabháil mé
Bhíos caillte tráth, táim saor ón gcrá,
Bhíos dall ach chím go glé.

"Sé an Grásta a theagasc faitíos dom,
Bhain Grásta an faitíos díom,
Ba luachmhar glé an uair fuair mé,
An creideamh lena gcloim.

Do gheall an Tiarna maitheas dom,
'Sé a bhriathar mo dhúil 's mo chuan,
Mo sciath 's mo scáth i ngach mí-ádh,
An fhaid a bheas mé buan.

Trí iomaí triail, gaiste 's baol,
Do tháinig mé folláin,
A Ghrásta tréann am'choimeád ón léan,
Am'thabairt abhaile slán.

Nuair a bheimid ann na mílte bliain,
Ag soilsiú lonrach glé,
Ní laghdófar na laethanta líon
Againn chun moladh Dé.