Clár Oibre Poblacánaighe

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Wikipedia logo
Wikipedia logo
Look up Democratic Programme in Wikipedia, the free encyclopedia.
Dáil Éireann, 21/1/1919.

Dearbhuighimíd, i mbriathraibh for-fhógra Saorstáit Éireann go bhfuil sé de cheart ag muinntir na hÉireann sealbh na hÉireann do bheith aca agus cinneamhain an náisiúin do bheith fé n-a riar, agus nách féidir an ceart san do bhaint díobh; agus fébh mar dubhairt ár gceud Uachtarán Pádraig Mac Phiarais, dearbhuighimíd gur ceart go mbeadh, ní amháin fir agus mná na hÉireann, acht adhbhar maoine na hÉireann fé riaradh an náisiúin, idir talamh agus gustal na hÉireann, gach sadhas maoine agus gach gléas chun maoin do sholáthairt dá bhfuil san tír; agus athfhógraimíd an rud d'fhógair an Piarsach gur dual go mbéadh tosach ag ceart an phobuil chun leasa an phobuil ar cheart an duine chun seilbhe fé leith.

Dearbhuighmíd gur mian linn an ceart, an tsaoirse agus cothrom do chách a bheith mar bhuntacaí riaghlughadh na tíre, agus ná fuil d'urradhas le buanughadh Riaghaltais ná saorthoiliughadh na ndaoine chuige ach é.

Dearbhuighimíd go bhfuil sé de dhualgas ar gach fear agus gach mnaoi bheith umhal, díleas, freagarthach agus freastalach don Phobalacht; agus go bhfuil sé de dhualgas ar an náisiún feuchaint chuige go mbeidh caoi ag gach duine san tír ar a cheart agus a acfuinn féin do chur i bhfeidhm ar mhaithe le leas an phobuil. Mar chúiteamh ar fhreagra is freastal na ndaoine, dearbhuighimíd i n-ainm an tSaorstáit, gur dual do gach duine a cion féin de thoradh saothair an náisiúin a bheith aige.

Isé an príomhchúram a bheidh ar Riaghaltas an tSaorstáit ná gleusa soláthar chun leas corpordha, leas spioradálta agus leas inntleachta na leanbhaí do chur i n-áirithe dhóibh; feuchaint chuige ná béidh an t-ocras ná an fuacht ag goilleamhaint ar éin leanbh de cheal bídh, eudaigh ná dín tighe; acht go bhfaghaidh siad gach cóir agus gleus is gádh dhóibh chun teagaisc agus taithighe ceart do thabhairt dóibh i gcóir na hoibre a bheidh le deunamh aca mar chomhaltaí den tSaorstát Gaedhealach.

Is follus do Shaorstát Éireann nach foláir an dlighe gránna iasachta a bhainnean le Tighthe na mBocht i nÉirinn agus gach a ngabhann leis de chéimsíos is de náire, do chur ar ceal, agus plean éifeachtach éigin do cheapadh a bheidh oireamhnach don tír chun aire cheart do thabhairt do sheandaoinibh agus do lagaibh an náisiúin, daoine a thuilleann freastal agus buidheachas ón náisiún i n-ionad tarcuisne agus neamhshuime. Na theannta son, beidh sé de chúram ar an Saorstát gach gleus is áis dár ghádh a chur i bhfeidhm chun sláinte an phobuil agus leas corpordha an náisiúin, agus leas anama an náisiúin dá bhárr do chur i n-áirithe dhóibh.

Beidh sé de dhualgas orainn cabhrughadh le meudughadh gustail an náisiúin, an talamh a dheunamh níos torthamhla agus níos iontsaothruighthe; mianach na hÉireann, a portaigh mhóna, a cuid iascaigh, a bealaigh uisce, agus a cuanta do chur chun críche i ceart chun tairbhe muinntire na hÉireann.

Beidh sé de dhualgas ar an Saorstát gach níd is gádh do dheunamh chun ár ndéantúsa d'aithbheóchaint is do neartughadh agus feuchaint chuige go saothróchfar iad do réir "comhar oibre" ar an gcuma is feárr 's is oireamhnaighe 's is mó raghaidh i dtairbhe do chách. Cuirfar feadhmannaigh ó Éirinn go tíortha thar lear d'fhonn ceannuidheacht agus tráchtáil do chur chun cinn idir Éire agus na tíortha úd, a raghaidh i leas don tír seo agus dosna tíortha eile. Nuair a thabharfaidh an Saorstát fé thráchtáil an náisiúin, idir díoluidheacht agus ceannuidheacht, do riarad, beidh sé de dhualgas ar an Saorstát gan biadh ná earraí eile go bhfuil gádh leó do leigint thar lear ó Éirinn go mbiedeh a leórdhóthain fachta ag muinntir na hÉireann, agus a sáith i dtaisce aca i gcóir an ama le teacht.

Beidh sé de chúram ar Riaghaltas an Náisiúin, leis, a iarraidh ar Riaghaltaisí tíortha eile cabhrughadh agus comhoibriughadh ar chomh-chéim leó chun dlighthe i dtaobh gnáthshaoghail agus gnáth-oibre an phobuil do cheapadh a chuirfidh feabhas mór ar an gcórughadh saoghail is saothair a bhíonn le fághail ag lucht oibre.

English official text[edit]

External links[edit]