Bunreacht Dála Éireann

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
The Constitution of Dáil Éireann, more commonly known simply as the Dáil Constitution, was the short, provisional constitution of the self-proclaimed Irish Republic. It was adopted by Dáil Éireann, the parliament of the Republic, at its first meeting in the Mansion House, Dublin, on 21st January, 1919.

AN CHEUD ALT.

Beidh iomlán comhachta chun dlighthe dheunamh ag Dáil Éireann agus isé bheidh san Dáil ná teachtaí toghtha ag muintir na hÉireann ó sna dáilcheanntair atá san tír fé láthair.

AN DARA hALT.

1. Beidh iomlán comhachta gnímh éan tráth aca so a bheidh I bhfeadhmannus san Aireacht an tráth soin.

2. Isé bheidh san Aireacht ná Príomh-aireach, toghtha ag Dáil Éireann, agus ceathrar Aireach eile, eadhon:

Aireach Airgid.
Aireach Gnóthaí Dúthchais.
Aireach Gnóthaí Coigcríoch.
Aireach Cosanta

Isé an Príomh-Aireach ainmneochaidh an ceathrar Aireach eile, agus beidh de chomhacht aige iad do chur as feadhmannus.

3. Is éigean do gach Aireach bheith n-a Theachta san Dáil agus beidh sé freagarthach I gcomhnuidhe don Dáil.

4. Is éigean ainmneacha na nAireach do chur fé bhrághaid na Dála ag an gceud thionól taréis don Phríomh-Aireach a n-ainmniughadh, I gcóir a ndeimhnighthe.

5. Beidh an príomh-Aireach I bhfeadhmannus chomh luath is a thoghfar é, agus beidh na hAirigh eile I bhfeadhmannus chomh luath agus a dheimhneóchaidh an Dáil a n-ainmneacha.

6. Is féidir don Dáil an Aireacht nó éan duine desna hAirigh do chur as feadhmhannus le neart bhótaí má chuirtear foláramh rúin fé scríbhinn d'éan toisc chuige sin isteach seacht lá roimh ré.

AN TRÍOMHADH ALT.

Ceann Comhairle toghtha ag an Dáil I naghaidh na bliadhna, nó Ceann Ionaid toghtha I naghaidh na bliadhna, muna mbíonn an Ceann Comhailre I láthair, a bheidh I gceannas gach tionóil den Dáil. Ní bheidh I gceannas infheadhma I gcóir na n-ionad so acht Teachtaí de'n Dáil. Má bhíonn an Ceann Comhairle agus an Ceann Ionaid as láthair, ceapfaidh an Dáil lucht ionaid nó toghfaidh siad Ceann Comhairle sealadach.

AN CEATHRAMHADH ALT.

Gheobhaidh an tAireach pé airgead bheidh uaidh de bhárr bhóta na Dála. Beidh an tAireach freagarthach don Dáil san airgead a gheobhfar mar sin agus leagfaidh sé cúntaisí mionscrúduighthe ar chaitheamh an airgid fé bhrághaid na Dála dhá uair sa bhliadhain - um Shamhain is um Bealtaine. Scrúdaidhe nó Scrúdaidhthe toghtha ag an Dáil a dheunfaidh an mionscrúdadh. Ní féidir éin Teachta den Dáil do thoghadh mar Scrúdaidhe.

AN CÚIGMHADH ALT.

Bunreacht sealadach é seo agus is féidir é d'atharughadh ach foláramh fé scríbhinn do thabhairt d'éan toisc chuige sin, seacht lá roimh ré.

Leagan Bearla[edit]

External links[edit]