An t-Oileánach/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Críoch
[ 263 ]
XXV
CRÍOCH

Seadh, táim sleamhnaithe liom go deire mo scéil go dtí so. Níl curtha síos agam ach an fhírinne; níor ghádh dhom aon cheapadóireacht mar bhí an aimsir fada agam agus is mór fós im’ cheann. Is mór a bhíonn bailithe i gceann duine aosta dá mbeadh duine eile ag cur cúntais air agus ’á cheistiú. Mar sin féin, dob’ é an rud ba mhó gur chuireas suim ann a dheineas a bhreacadh. Dheineas breithniú ar chúrsa mo shaoghail agus an rud is mó gur chuireas suim ann is é is túisce tháinig chun mo chuimhne.

Thugas daoine eile isteach im’ scéal seachas me féin. Ní bheadh slacht ann gan san a dhéanamh, ná iomláin’. Ní raibh fuath agam d’aenne riamh díobh agus do chaitheas go dtí so mo shaoghal leo gan sinn féin do chur aon bhárthainn ar a chéile. N’fheadar cad é a dath atá ó’n dtaobh istigh de thigh na cúirte i nDaingean Uí Chúise, d’á fhaid atáim ar an saoghal.

Daoine bochta saonta sinn ag cur an tsaoghail dinn ó lá go lá. B’fhéidir nárbh’ fhearra dhúinn bheith n-ár scannróirí. Bhíomair oilte, toilteannach leis an slí bheathadh do cheap an Máighistir Beannaithe dhúinn a dhéanamh gan leisce, ag treabhadh na mara go mion minic gan súil le dul chun cinn ach ár ndóchas i nDia. Malairt meóin nár dheárthach le chéile agus nár dheárthach le lucht mín-tíre—subháilcí linn féin againn agus ár lochtaí beaga féin ag baint linn comh [ 264 ]maith. Níor cheileas na tréithe fónta ná na lochtaí beaga ach chomh beag agus do cheileas an cruadhtan agus an t-annródh a bheireadh orainn agus gan an tarna dul suas againn ach gabháil tríd.

Carraig í seo i lár na mara móire agus go lán-mhinic tagann an fhairrge cháithteach lastuas di le fóirneart gaoithe ná beadh sé ar do chumas do cheann a chur amach ach oiread le coinín i n-Inis Mhicileáin a fhanann i bpoll an fhaid a bhíonn fearthainn agus sáile amuich. Ba mhinic sinn ag dul chun fairrge ar mhochóirighe na maidine agus an uain oiriúnach a dhóthain agus fé dheire an lae do bhíodh na daoine istigh ’ár gcaoine le droch-chló a bhíodh tagaithe ar an aimsir. Do bhíodh orainn bheith amuich istoidhche agus níl cur síos ar an annródh a leanann an sórt san seilge. Tugaim díogh ar na gnóthaí eile go léir di. Ba lán-mhinic an fhairrge ag gabháil lastuas dinn, gan radharc againn ar thír ná ar thalamh—oidhche mhór fhada fhuar mar seo ag comhrac na mara agus go lán-mhinic ar bheagán fagháltais ach ó uair go h-uaire ag tnúth le cabhair Dé. Do thagadh ár ndóthain de’n tseilg orainn go fada fánach insa tslí go mbíodh orainn na líonta a ghearradh agus iad a scaoileadh leis an muir. Oidhcheannta eile—tar éis brácadh an mharbhaithe, agus na naomhóga bog-lán de, agus ná féadfaí bualadh ar chalath ná ar thír ach tarrac ag dul anáirde go dtí an féar glas, stoirm aniar dtuaidh, na bainnc ag briseadh—chaithimís rith roimis an aimsir, cuid againn go Cuas Cromtha, cuid go Cuan Fionntrágha, cuid go dtí an Daingean.

Fágann na neithe sin nach comórtas sinn le daoine i mbailte móra agus lanntáin míne réidhe. Má bhí lochtaí beaga le cur ’ár leith uaireannta dob’ é an uair do bhíodh aon bhraon dighe eadrainn é. Do ghoilleadh an deoch orainn seachas cách toisc sinn do bheith suaidhte tnáithte do shíor ar an gcuma atá luaidhte agam, ar nós an chapaill, gan aon phioc de’n sánas ná de’n suaineas do shíor.

Bhíodh an saoghal go maith an uair úd. Bhíodh scilling i [ 265 ]láimh a chéile againn; biadh flúirseach agus neithe saor. Bhíodh an deoch saor. Ní le dúil sa digh a bhíodh sainnt orainn dul ’n-a treo ach chun oidhche shúgach a bhaint amach i n-ionad an annróidh a bhíodh fachta againn go minic roimis sin. Do dheineadh braon a thógaint croidhe a chur ionnainn agus do bhíodh lá agus oidhche anois agus arís againn i bhfochair a chéile gach uair a bhíodh cao’ againn air. Tá san imithe agus tá an mór-chroidhe agus an scléip ag dul as an saoghal. Thugaimís ár mbóthar abhaile orainn mar seo go mín macánta tar éis gach raghairne, mar bheadh clann aon mháthar gan díth ná díobhail a dhéanamh d’á chéile.

Do scríobhas go mion-chruinn ar a lán dár gcúrsaí d’fhonn go mbeadh cuimhne i mball éigin ortha agus thugas iarracht ar mheon na ndaoine bhí im’ thimcheall a chur síos chun go mbeadh ár dtuairisc ’ár ndiaidh, mar ná beidh ár leithéidí arís ann.

Táim críona anois. Is mó rud a tháinig treasna orm i rith mo mharthain go dtí so. Tháinig daoine ar an saoghal lem’ linn im’ thimcheall, agus d’imíodar. Níl ach cúigear is sine ná me beo ar an Oileán. Táid sin ar an bpinsion. Níl uaim-se ach cúpla mí, leis, chun an dáit chéadna, dát nach rogha liom. Is ag bagairt chun báis a bhíonn sé, dar liom, cé go bhfuil mór-chuid daoine gurbh’ fhearr leo a bheith críona agus an pinsion aca ná a bheith óg ’á éagmais.

Is cuimhin liom bheith ar bhrollach mo mháthar. Thugadh sí suas ar an gcnoc me i gcliabh do bhíodh ag tarrac mhóna aici. An uair a bhíodh an cliabh lán de’n mhóin is fé n-a h-ascail a bhínn ag teacht aici. Is cuimhin liom bheith im’ gharsún; im’ fhear óg; i mbláth mo mhaitheasa agus mo nirt. Tháinig gorta agus flúirse, rath agus mí-rath, lem’ mharthain go dtí so. Is mór an fhoghluim a thugaid sin ar an nduine a thugann fé ndeara iad.

Beidh an Blascaod lá gan aenne de’n dream atá luaidhte agam sa leabhar so—ná aenne go mbeidh cuimhne aige orainn. Tugaim buidheachas do Dhia a thug cao’ dhom gan an méid de’n [ 266 ]tsaoghal a chonnac féin agus go rabhas ag bruic leis, a dhul amú, agus go mbeidh ’fhios im’ dhiaidh conus mar bhí an saoghal lem’ linn, agus na comharsain do bhí suas lem’ linn. Ó lasadh an chéad teine insan oileán so níor scríobh aenne a bheatha ná a shaoghal ann. Adhbhar maoidhimh domh-sa mo scéal féin agus scéal mo chomharsan a chur síos. ’Neosaidh an scríbhinn seo conus mar bhí na h-oileánaigh ag déanamh sa tsean-aimsir. Théigheadh mo mháthair ag tarrac na móna agus mise hocht mbliana déag d’aois. Dheineadh sí é d’fhonn go bhféadfainn-se dul ar an scoil, mar gur fánach a bhíodh fagháil ar scoil againn. Tá súil le Dia agam go bhfaghaidh sí féin agus m’athair an Ríoghacht Bheannaithe; agus go mbuailfead-sa, agus gach n-aon a léighfidh an leabhar so im’ dhiaidh, leo i nOileán Parrthais.

(CRÍOCH.)

An Blascaod Mór, 1926.