An t-Oileánach/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
So agus súd
[ 252 ]
XXIV
SO AGUS SÚD

An seanntán amuich, an seanduine fiosrach, an talamh fé’n mBórd, tógáil na dtighthe nua, saoiste gan Ghaoluinn, cúrsaí creidimh, scoláirí na Gaoluinne chugham, an cogadh mór agus an luingeas raice.

Do bhí daoine go moch, maidean, amuich san áit seo agus cad a bheadh le feiscint ná an seanntán mór bán ar bhruach an chalaith amuich i nDúnchaoin. Dob’ ait linn an scéal cé go raibh an tiarna talmhan ag bagairt orainn go minic roimis sin. Dubhairt cuid againn gur báilí do bhí ann agus a thuille againn ’á rádh nárbh ’eadh. Pé bun a bhí leis an dtigh bán amuich ní raibh aon fhonn amach ar aenne ’gainn. Is beag ná go raibh cuid againn ag siollagar ’e cheal rudaí do bhí ag teastáil uainn.

Tháinig lá ana-bhreagh agus do bhí fear meán-aosta go raibh naomhóg aige féin, ná raibh ró mhór, agus dubhairt sé go raghadh sé féin amach dá mbeadh beirt shlatairí i n-éineacht leis. Dubhart leis go mb’fhearr dho fanúint age baile, ná raibh aon rud cóir amuich. Níorbh aon mhaith a bheith leis ó chuaidh sé ’n-a cheann. Fuair sé na slatairí agus do bhuail treasna an Bhealaigh amach. Duine beag tóstalach dob’ eadh é. Tor fé n-a smeigín fé mar bheadh ar cholaphoc gabhair.

Níor stad sé agus níor fhuar nó gur bhain sé amach calath Dhúnchaoin. Níor stad mo dhuine nó gur chuaidh sé i radharc an tseanntáin agus do fuair tuairisc láithreach gur fórsa chun an Bhlascaeid a bhí ann. Ní raibh sé sásta nó go [ 253 ]bhfeicfeadh sé cló an sórt fear a bhí insa tigh bhán. Do chuaidh sé i radharc bhéil an dorais agus do chonnaic sé cúpla gunna.

Do bhí fear mar é féin insa tseanntán, go raibh meigeall eile air, agud d’aithin sé go raibh an fear amuich cabanta ar an sórt gliúcaidheacht a bhí air ag féachaint isteach tríd an ndoras ag tabhairt gach ní fé ndeara. Níor dhein sé faic a bharra ach breith ar an ngunna agus é dhíriú amach air.

Ar fheiscint an fhuadair sin do’n bhfear amuich do chuir sé insa cosa ó’n dtigh bán agus thug aghaidh ar an gcalath go raibh an naomhóigín aige ann. Do lean fear liath an ghunna é chun go mbeadh greann aige air agus do leig sé pléar chun crith-eagla a chur ’n-a chroidhe.

Do ghlaoidh fear an Oileáin leis an dá shlataire go dtí an naomhóg. Do tharraigíodar ’n-a ndiaidh ó bharra taoide go lag tráigh í. Ar dhul ar snámh dóibh níor ró fhada gur bhrath na slatairí an sáile ag teacht go glúine ortha agus do bhéiceadar go rabhadar báidhte!

Cé nach fada ó’n dtalamh a bhíodar ní leigfeadh an fear aosta dhóibh casadh le h-eagla roimis an bhfear liath go raibh an gunna aige. Do chuir sé a bhest sa scoilt go raibh an t-uisce ag teacht agus garsún ’á taoscadh nó gur shroicheadar a gcalath féin.

Do ráinig liom féin a bheith rómpa. Do chuireas cúntas ar an bhfear aosta cad a bhí amuich ach dob’ é an freagradh ciotrúnta do fuaireas uaidh, “gurbh’ ’in iad amuich agam iad agus dul ar a dtuairisc.”

“Dubhart-sa leat gan dul ann,” arsa mise leis, “mar nár dhuine amuich ná istigh thu.” Do thógas mo dhearna agus thugas cnuig i bpoll na cluaise dho.

Tar éis dom deagh-chomhairle thabhairt dom’ dhailtín agus é ag imeacht ar maidin féach gurbh’ é an focal ba mheasa ’n-a phus a thug sé dhom tar éis teacht do. Níorbh’ é seo an chéad uair a thuit an sórt so, leis, amach agus féach gur chuir sé an t-olc chomh mór san orm nár thógas an dorn chun aenne eile an fhaid atáim ar an saoghal ach chuige. Agus do chuir [ 254 ]fear liath an ghunna an oiread san eagla air ná raibh sé insa mhaith chéadna ó shin.

Ar chloisint an scéil seo na mbáilí do sna h-oileánaigh do chuir sé trí n-a chéile go mór sinn. Go lán-bhocht do bhí furmhór a raibh ann insan am san. Do bhíomair teanntaithe mar ná féadfaimís dul i dtír i n-ao’ chor.

Ar chlos an scéil sin do’n sagart paróiste níor thaithin sé leis agus ní bheadh sé sásta nó go mbeadh fhios aige an raibh aon tseift le fagháil a thabharfadh fuascailt orainn. Do bhí Bórd na gCeanntar gCumhang ag tógaint talmhaintí sa dúthaigh le tamall roimis sin. Do chuir an sagart tuairisc amach féachaint arbh’ fhéidir leis an Blascaod a chur fé’n mBórd. Tháinig scéala chuige go mbeidís toilteannach le gabháil fé agus do chuir an sagart tuairisc chughainn a bheith amuich fé n-a bhrághaid gan mhoill mar go mbeadh feadhmanach ó’n mBórd ’n-a theannta insa lá do cheap sé. Do bhí an lá spriocálta ró láidir agus níorbh’ fhéidir dúinn dul sa ghnáth-chalath i dtír ach dul ar Chuas an Reithe. Do bhí an bheirt romhainn ann agus a ndrom le stocán.

Do bhíomair tamall ag cainnt leo agus iad linn nó gur chuireadar ceangailte ionnainn ná beadh an tigh bán aon lá eile le feiscint againn agus tar éis a lán a chur trí n-a chéile d’fhágamair slán age n-a chéile. Níor ró mhaith an lá ar muir againn-ne é agus ar ’shon gurbh’ é an talamh tirm a bhí aca san ní raibh sé le moladh aca le ceathanna sneachtaidh aniar dtuaidh ag baint na súl asta féin agus as an gcapall.

Ar shroichstint an Oileáin dúinn do bhí a raibh ann i bhfianaise an uisce féachaint cad é an tuairisc a bhí againn chúcha. Do bhí tuairisc mhaith agus thugamair dóibh é go sultmhar.

Lár-na-mháireach an lae sin do bhí an tigh bán ar lár agus ní ró fhada go raibh fear agus fear eile ag teacht ar ár dtuairisc ó’n mBórd. Seana-rádh iseadh é “gur giorra cabhair Dé ná an doras” agus “an rud is measa le duine ar domhan ná feadair sé ná gurab é lár a leasa é.” Dob [ 255 ]’in ionbhadh againn-ne i dtaobh an tighe bháin é. D’á mhéid an fuadar a bhíonn fé sna h-uachtaráin go minic cuireann comhacht an Árd-Mháighistir go minic i ndiaidh a gcúil iad.

Níor ró-fhada go dtáinig feadhmánach an Bhúird, do chuir suas a sheanntán agus thug tamall ár dteannta ag tomhas agus ag roinnt na talmhan. Is me féin a bhí i gceann an tslabhraidh aige. Do chuir sé ár n-ainm síos a bheith mar threóntaithe ag an mBórd agus a bheith sásta leis seo agus leis siúd. Thug sé saoiste leis agus a lán fearaistí i dtráléir ó’n nDaingean agus do chuir a lán oibre ar siubhal. An uair a bhí gach ní tairricthe amach aige do’n saoiste d’fhág sé i mbun gach gnótha é ach do thagadh ar cuaird anois agus arís. Thagadh fear airgid a dhíol uair sa choigcíos.

Thug an Bórd bliain go leith ag obair sa Bhlascaod an uair sin agus furmhór an bhaile ag obair gach seachtain agus lá. Dá scilling sa ló an págh do bhí againn—rud maith ag déanamh ár ngnótha féin.

A seacht-déag de scillingí insa mbliain do cuireadh ar an ngabháltas a bhí agam-sa, agus iseadh atá fós air, go raibh deich bpúint ’á dhíol insa tsean-aimsir age m’athair críona ann. Is mór an t-atharú ar an saoghal é sin.

Tógadh chúig cinn de thighthe nua insan Oileán. Is mise agus an saoiste a chuir le n-a chéile gach blúire dhíobh agus do bhíodh árd-obair age lán na beirte againn go minic mar do chaitheadh gárda adhmaid bheith leo i gcomhnaidhe mar is le grean atáid siad tógtha agus táthán tríd agus do bhí orainn iad a choimeád chomh díreach le barraille gunna. Sara rabhadar críochnaithe tháinig glaodhach ar an saoiste sin agus b’éigean do imeacht agus tháinig fear eile ná raibh aon chur amach aige ar thighthe dhéanamh. B’éigean domh-sa na tighthe chríochnú.

I dteannta gach aindise eile ní raibh aon tuiscint ar Ghaoluinn ag an saoiste nua so. Tháinig lá go raibh úrlár le cur isteach i gceann de sna tighthe nua agus do bhí ceathrar [ 256 ]ar an mbórd ag suathadh an mhuirtéil. Theastuigh ó’n saoiste órdú a chur ortha—an oiread san tátháin a chur thríd an oiread san grin. Ní raibh aon Bhéarla age lucht an mhuirtéil agus ní lugha bhí Gaoluinn ag an saoiste agus d’fhág san breallaighe ar an ngnó agus d’éirigh straidhn ortha chun a chéile. Do bhíos féin anáirde fé bhun na slinne ag plástaráil. Ní ró fhada go bhfeaca chugham é agus gan aon deagh-imeacht fé. “Tar annso anuas,” ar seisean, “tá an ceathrar so ar an gclár chomh dall le cheithre cinn d’asail.”

Do bhuaileas anuas dréimire mór fada agus thána go dtí an clár agus fuaireas fios an tranglaim. D’innseas dóibh sin cad a bhí ó’n saoiste dhéanamh. Do bhí an saoiste ag cur as. “Sin iad an ceathrar is daille a chonnac riamh,” ar seisean, “agus caithfead iad a bhriseadh as an obair.”

“Ach sé adeir an ceathrar,” arsa mise, “má’s maith leis an mBórd na tighthe seo a chríochnú go gcaithfear tusa chur as an obair agus duine a chur it’ ionad fhéadfaidh é féin a chur i dtuiscint. Is dall do leithéid annso,” arsa mise leis.

Ní raibh oiread píopaireacht’ ag an saoiste as san amach agus do bhíodh. Is dóigh liom gur chuaidh sé i bhfeidhm air gurbh’ é féin a bhí lochtach.

Do dhein an Bórd maisiúlacht a chur orainn insa tslí go bhfuil aithne a choda féin age gach nduine agus cosaint aige air agus gur féidir leis smut a chur i gcomhnaidhe gach uair is maith leis. Ní raibh an scéal mar sin againn roimis sin. Mara mbeadh an chomharsa chun cur le h-ais leat do bheadh ort stad mar ná féadfá aon chosaint a dhéanamh. Do bhíodh curadóireacht gach nduine ró bheag.

Níor tháinig aon tóir chíosa orainn riamh ó shin ach is baoghal ná beidh san mar sin i gcomhnaidhe. Táimíd ag dul i mbochte gach lá.

An uair do bhí an talamh socair suas ag an mBórd agus a ghort féin age gach nduine, thall agus i bhfus, feiste agus fáscadh ortha, ní raibh a bhac orainn ár ndóthain do chur agus [ 257 ]do chuirimís ár ndóthain agus fuighleach. Roimis an mBórd—an píosa beag do bhíodh curtha féin againn, agus go minic prátaí maithe ionnta—do bhíodh muca againn agus asail gan ceangal amuich insan oidhche agus toisc gan an fáscadh ceart a bheith ar na guirt bheaga againn, ba mhinic a bhíodh an lá luaithrigh tugtha ortha tar éis an bhrácadh go léir. Is mó bliain a chuireas díom gurbh éigean dom bheith im’ fhear mhaith insa ló tar éis a bheith im’ shuidhe insan oidhche, timcheall na Samhan, ag marbhú mhairciréal agus ba lán-mhinic a thugas seachtain as a chéile gan aon chodladh nó go mbíodh mo chuid prátaí i dtaisce agam. Annsan nuair a fuaireamair na garraithe i bhfearas, insa tslí ná raghadh fiadh ná fiolar ionnta, ní choirfeadh Éire sinn ó bheith ag cur agus ag baint.

Insan am san d’éirigh scolárdach suas ’ár measc agus do chuir seisean roimis go mbeadh biadh gan allus aige féin. Do bhuail sé a lámha fé n’ ascala. Ar nós gach aon eile droch-chéirde ní ró fhada go raibh slataire, agus beirt, ag déanamh rud air agus a lán daoine ag dul chun sámhairíochta. Deireadh mac na mí-ghrást so leo gurbh’ é an biadh céadna é agus ná raibh ag obair insa tsaoghal so ach capaill agus amadáin.

Do chuaidh gort ar lár agus bán gan faic a chur ann, agus dhá ghort, agus trí cinn. Do chuaidh an té do chuir an droch-dhlí ar bun, do chuaidh sé go dtí Meirice agus ní bhfuair sé an t-arán ar an gclaidhe ann. Nílimíd comh dícheallach ag cur ó shin agus do bhíomair ar dtúis agus tá fallaí an Bhúird, a bhíodh ag cosaint na ngort, ag tuitim.


Do bhíos lá d’iarraidh ualach móna ar an gcnoc agus cad a chífinn ná tráléir mór ó Dhaingean Uí Chúise ag tarrac aniar laisteas de’n Oileán. Do bhí gach seol do bhain léi anáirde aici agus gaoth láidir adtuaidh ann. Do ghaibh cóch láidir anuas cliathán an chnuic agus do chuala an fhuaim ag teacht orm ach níor chuireas aon tsuim ann.

Ar shroichstint an asail do, do bhí rómham amach, do bhain [ 258 ]sé an ughaim de agus do leag an t-asal agus do leag me féin agus do bhain sé an mheabhair as mo cheann. Ar phreabadh im’ sheasamh dom agus ar fhéachaint timcheall dom ní raibh m’ughaim le fagháil, ach do bhí an t-asal. Súil dár thugas i ndiaidh na h-ughmach do chonnac an tráléir agus is orm a bhí an t-iongantas an uair ná feaca aon tseol anáirde uirthi ach na giobail tar éis na gaoithe ’á shéideadh dhi. Do bhí sí annsúd ’n-a h-óinsigh gan cor aisti.

Ar fhéachaint géar dom cad a chífinn ná m’ughaim amuich ar an bhfairrge móir i ngiorracht fiche slat de’n árthach maol gan seólta!

Do stadas ar feadh tamaill ag machtnamh ar cad a dhéanfainn. Ní raibh fód móna age baile, ná aon rud a bheirbheochadh aon ní, agus mo chléibheanna imithe! Is é seift a rith chugham ná an dá mhála bhí i srathar an asail a thógaint aiste agus an mhóin do chur ionnta, ceann aca ar gach taobh de’n asal.


I gcúrsaí bhaineas le creideamh riamh lem chuimhne do bhíodh duadh an domhain ag gabháil leo. Chun Aifrinn caithtar dul treasna an Bhealaigh isteach trí mhíle móra go Dúnchaoin. Is annamh ar fad sa gheimhreadh a bhíonn an Bealach oiriúnach chuige agus caithtí, agus caithtear fós, fanúint sa bhaile. Is minic a bhímís ráithe gan aon Aifreann. Aon Domhnach ná féadaimís dul amach bhíodh an choróin ar siubhal againn féin le linn an Aifrinn amuich.

I dtaobh faoistine is duine fánach a théigheadh amach go Dúnchaoin an fhaid is cuimhin liom ach, uair sa mbliain, na sagairt a theacht isteach. Do bhíodh bád mór ó Dhúnchaoin ceapaithe ag an Sagart Paróiste chun iad a chur isteach agus do thugadh mar dhíol dóibh an méid airgid a bailightí ag an stáisiún do féin. Sin mar bhíodh aca nó gur chuaidh na báid mhóra so ar lár agus nár fhan ceann istigh ná amuich aca. Is iad naomhóga an Oileáin a bheireann isteach ó shin iad.

Níl leath na suime ’á chur ’sa sagairt anois agus do [ 259 ]bhíodh le linn m’óige. Insan am san agus me im’ gharsún is cuimhin liom go maith ná beadh fáiltiú ceart curtha roimis an sagart ag aenne ná buailfeadh leath-ghlúin leis ar thalamh tar éis an báirréad a bheith scuabtha glan de’n chloigeann. Insa tsaoghal fé láthair má bhíonn cruinniú roim shagart bogfaidh an chuid tosaigh an báirréad, ach b’fhéidir ná bogfaí an báirréad féin as san siar. An bád go mbeadh sagart innti ní bheadh cead ag an bhean dul innti, pé broid nó gádhtar do bheadh uirthi, agus ní thagadh aenne aca i ngoire an chalaith. Ach le tamall níl aon chosc leo má tá lán an bháid ann aca.

Tá feiscint an Easpoig insa Bhlascaod ar an gcuimhne is sia agam. Dar liom gur ceann a thógas de seachas aenne eile, toisc an bhruit fé leith a bhí air, is dócha, mar níorbh’ fhéidir liom bheith mórán blian. Aon duine go bhfuil cúntas cruinn uaidh cá bhfuil cathaoir an Easpoig sa Bhlascaod Mór níorbh’ fhada an mhoill orm mo lámh a bhualadh uirthi. Bhí sé ag siubhal leis ó fhág sé an calath nó gur bhuail lanntán féar-ghlais leis. Do bhí carraig cloiche i lár an lanntáin seo. Do stad an tEaspog agus d’fhéach sé timcheall agus do shuidh ar an gcloich agus do bhailibh a chlócha ’n-a thimcheall. “Tá an áit seo ’riúnach go maith ó tá an lá breagh,” ar seisean.

Ní cuimhin liom aon Easpog a theacht ó shin ann. Uair san tríú bliain a thagann glaodhach ar na h-óga annso le fada dul amach go dtí áit chomhnaithe an tSagairt Paróiste i mBaile an Fhirtéaraigh chun dul fé láimh Easpoig.

Bhíodh tigh ullamh insan Oileán so chun na stáisiún gach bliain nuair a thagaidís; ach an fhaid atá tigh na scoile ann is ann a bhíd.


Is mó duine tháinig fé dhéin an Oileáin le blianta ar lorg na Gaoluinne. Mí a bhíodh age n-a bhfurmór. Do chaithinn tamall a thabhairt do gach nduine aca agus mo chuid oibre féin a dhéanamh ’n-a theannta san.

[ 260 ]Tháinig duine go dtí an t-Oileán so agus is mór mar lean sé dhe ó shin. “Bláithín” an ainm a thugaimíd air. Robin Flower ó Lonndain is é é. Do bhí faisnéis fachta aige ó Charl Marstrander roimis sin gur im’ theannta a bhí sé féin. Ar shroichstint na h-Éireann do’n bhfear maith so níor staon sé nó gur bhain sé amach an Blascaod Mór. Tá sé ag teacht gach bliain ó shin. Do chleachtaimís bheith i bhfochair a chéile ag scríobhadh. Do bhíodh cúpla téarma insa ló againn air. Thug sé tamall gach bliain ó shin im’ theannta chun gach focal d’á raibh scríbhte againn a chur le chéile as bhéal a chéile nó go raibh sé go réidh, socair.

Beidh cur síos insa leabhar san ar gach aindise dár thuit amach timcheall na mBlascaod, beag agus mór; an cruadh-chás do bheir ar chuid de sna daoine, ar an gcuma gur mhair cuid aca insna h-Oileáin bheaga ar feadh tamaill, an crut agus an cló do bhíodh ortha ionnta, an long bháidhte, an glór sidhe agus samhlaithe eile do bhíodh le feiscint go mion, minic, má b’fhíor iad.


An cailín inghine do bhí agam, í siúd a mhair tar éis lae na Trágha Báine, do bhí bean mhuinnteardha dhi sa Dún Mór agus ba mhaith leo í seo a bheith i mbéal an dorais aca. Chuaidh sí agus phós sí sa Dún Mór agus bhí áit mhaith aici.

Do dhein a h-imeacht san easnamh lán-mhór domh-sa. Do bhíos annsan gan aon duine chun aon chrích a chur orm, ach sinn go breallach ag tarrac an tsaoghail ’ár ndiaidh. Do bhíos im’ dhuirc dhubh dhubrónach ar scarúint na h-inghine liom.

Dosaon blian do mhair sí insa Dún Mór ’n-a dhiaidh sin. D’fhan seisear de pháistí óga ’n-a diaidh. D’á olcas do bhí gach scéal agam do bhuaidh scéal na h-uagha ortha ar fad.


Ní ró fhada do bhí an cogadh mór buailte insan am go raibh loingeas d’á shíneadh agus d’á threascairt ar an mór mhuir agus daoine stróinséartha ag teacht i mbáid béal-oscailte ós gach páirt de’n bhfairrge. Ní raibh insa tigh an uair sin [ 261 ]im’ theannta ach dritheáir dom, Paidí, a bhí dhá bhliain déag níosa shine ná me féin. Do bhí an pinsion an uair sin aige.

Níl aon chur síos ar an méid earraidhe a bhí ag imeacht ar uachtar na fairrge le linn an chogaidh sin. Cúpla míle ó’n gcalath annso do bhuail long mhór an chloch ann. An “Quabra” dob’ ainm di. Dubhairt an captaen a bhí uirthi go raibh cuid de gach earradh do bhain le beatha an duine uirthi, ach deoch amháin. Do bhí an fhírinne aige. Do líon an fhairrge de gach sórt do chonnaic súil, agus ná feacaidh súil, riamh insan áit seo. Do sábháladh luach na gcéadta de’n raic agus do dhein na h-oileánaigh mórán airgid di, cé nach é a gceart a fuaireadar.

Ní raibh agam-sa ach bheith ag féachaint ortha, dar ndóigh, mar nach i mbád ná i mbarc a chuas ná puinn ag glaodhach orm.

Le linn an chogaidh mhóir iseadh do bhuail Brian Ó Ceallaigh chugham. Do chaith sé bliain ’ár measc agus is againn a chaith sé an Nodlaig an bhliain sin. Tar éis imeacht do Bhrian do bhíos ag cur cúntais cinn lae chuige ar feadh cúig bhliana. Annsan ní raibh sé sásta nó go mbreacfainn mo bheatha féin agus conus mar do chuireas an saoghal díom.

Mar nár ghnáth liom aon duine riamh d’eiteach do chromas ar an ngnó do chur ar bun. Seo ’á léigheamh agat, a léightheóir, toradh mo shaothair.

Do bhíos ag cur an tsaoghail díom ar an gcuma so ar feadh tamaill eile dem’ shaoghal. Fear ag teacht, beirt, agus triúr; agus do bhíodh a théarma féin age gach nduine aca liom. Bhínn ag iascach ar na clocha agus bhíodh prátaí mo dhóthain gach bliain agam.

Chúig bhliana do bhí Connradh na Gaedhilge ar bun insan am gur chuireas mo cheann innti, agus d’á mhéid bráctha bhíos ag cur díom is i ndéineacht a bhíos ag dul ó bhliain go bliain agus táim indiu níos déine ná riamh ar son teanga na tíre agus na sinnsear.

Tháinig an t-Athair Mac Clúin bliain agus thug sé trí [ 262 ]seachtaine im’ theannta. Deireadh sé an t-Aifreann gach lá dúinn. Tháinig sé thar n-ais agus thugas mí ’n-a theannta. Sinn i gcabhair a chéile ag ceartú a bhfuil insa “Réilthíní Óir.” Do bhíodh hocht n-uaire ’chluig suidhte síos gach aon lá againn; dhá théarma insa ló—cheithre h-uaire ar maidin agus cheithre h-uaire tráthnóna—ar feadh an mhí. Sin é an mí is mó do ghoill riamh orm, ar muir nó ar talamh.

Do bhí mac dom i Meirice ar feadh dá bhliain déag. Tháinig sé abhaile timcheall na h-aimsire sin, é féin agus a bhean agus beirt leanbh. Do bhí sé ar bórd aon luinge leis an Árd-Easpog Mannóg an uair a tógadh as an luing é. Níor fhan sé im’ theannta ach leath-bhliain san am gur thug sé fé anonn arís agus d’fhág annsan me. Ní raibh seilg ná faic ’á dhéanamh le linn dóibh teacht ach aon phúintín d’ár thugadar leo anall ’á chaitheamh aca agus is é rud adubhairt sé má leanfadh an saoghal mar bhí sé aon achar fada gur caithte bheadh pé pinginn a thug sé leis—agus do bhí ’n-a bhóthair ag teacht—agus gurbh’ amhlaidh ná beadh sé thall ná i bhfus aige. Is é mo thuairim go raibh an ceart aige.

D’fhág an seana-phinsinéir de dhritheáir me an uair a thánadar san abhaile. Do glacadh isteach i dtigh i nDúnchaoin é agus tá sé fós ann agus é cheithre fichid bliain.[1]

Tá buachaill eile de mhac dom im’ theannta agus is éigean do fanúint timcheall an tighe mar níl mór-mhaith ionnam-sa ach a bhfuil im’ theangain. Níl bó ná capaill, caora ná uan, naomhóg ná bád againn. Bíonn dorn prátaí agus an teine againn. Táim seacht mbliana fichead ceangailte insa teangain seo agus tá seacht mbliana déag ó casadh an Lochlannach, Marstrander, chugham. Bíonn rud éigin ag teacht im’ threo anois agus arís i mbéal a chéile ná fágann aon mhór-ghanntar orainn. Is mó spreallaire a chloisim ’á rádh ná fuil aon mhaith sa teangain dúthchais; ach ní mar sin a fuaireas-sa í. Mara mbeadh í is ag agall na déirce bheinn-se.

  1. Cailleadh ó shin é—F.E.