An t-Oileánach/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
An tórramh
[ 227 ]

XXII

AN TÓRRAMH

Soláthar do thórramh, tigh an tórraimh, mar caitheadh an oidhche, An File caillte, bean mo thighe caillte, baoghal na fairrge istoidhche, donas eile ar Dhiarmaid.

Do bhíodh margadh gach Satharn insa bhaile mór san am úd agus ní rabhas ach réidh leis na muca agus me díolta agus me ag machtnamh ar bheith ag tarrac ar an dtigh gan puinn moille san am go bhfeaca fear ó Dhúnchaoin ag teacht orm sa tsráid, capall agus cairt aige agus cubhrán bán agus allus a dhóthain ar an gcapall.

Comh luath agus a chonnac ag stad agus ag scur an chapaill é do chuas fé n-a thuairim féachaint cad scéal a bhí aige. D’innis sé dhom gur d’iarraidh tórraimh d’á mháthair a bhí sé, go raibh ar an dtaobh thall ó mheán an lae. Do bhí bean de’n mbaile i n-éineacht leis. Ceann de sna nósaibh é sin atá le sinnsearacht ann. Bean ana-ghairid i ngaol dom féin dob’ eadh an té bhí marbh agus leis sin do chaitheas anáirde liom féin gan aon éileamh a bheith agam ar an Oileán ná ar mo thigh féin a bhaint amach, dar ndóigh.

Dubhairt fear an tórraimh liom go raibh capall eile tagaithe i n-éineacht leis féin agus má ba mhaith liom fanúint ’n-a gcosa go raibh marcaidheacht le fagháil agam ar an gcapall san, ná beadh air ach barraille leanna duibhe agus beagán eile. D’fhanas ’n-a dtreo ó chaithfinn bheith ar an sochraid lár-na-mháireach ar aon tslí.

[ 228 ]D’ólamair deoch nó dho sinn féin agus an fear a bhí chun an mharcaidheacht a thabhairt domh-sa. D’imigh an fear eile annsan féachaint an raibh an chomhra ullamh mar dob shin í a bhí ag cur moille anois ortha. Sin é an uair a chuireas ceist ar an bhfear eile i dtaobh na leanna duibhe a bhí aige le breith leis, anb’ amhlaidh do bhí pósadh agus tórramh le bheith i n-éineacht aca.

“Dhera, ’dhuine, ní h-eadh! nach ar an dtórramh a bheidh an barraille sin.”

“Ach níor chuala riamh, agus n’fheaca, a leithéid ar aon tórramh go dtí so,” ar mise.

“Ó! tá sé ag teacht amach mar nós le tamall agus ó’n uair go bhfuil beidh ceann aige siúd aca gan amhras,” ar seisean.

Tháinig an bheirt orainn gan ró mhoill agus bhí an chomhra ullamh. Siar do bhí ár n-aghaidh annsan. Ní raibh mórán siubhail fúinn mar do bhí rudaí aindise insna cartacha agus, leis sin, bhí sé ’n-a oidhche nuair a bhaineamair tigh an chuirp amach i nDúnchaoin.

Do bhí cuid mhaith daoine bailithe ann insan am san agus crannán na h-oidhche ann. Do tógadh isteach gach ní. Do scuireadh na capaill. Do bhí lampa ar lasadh sa tigh agus cúpla coinneal. Do phreab beirt bhan ’n-a seasamh agus láimhsigheadar na coinnle agus do chuireadar i dtreo ceart iad ar cheann an bhúird.

Is i n-aice an dorais do shuidheas féin ar dhul isteach dom ach ní ró fhada fágadh insa lanntán san me san am go bhfuair fear an tighe amach me agus do dhírigh sé suas a lámh chun cathaoir folamh do bhí insa chúinne agus dubhairt liom í choimeád nó go mbainfeadh duine éigin díom í.

Ní mí-bhuidheach do bhíos féin d’fhear an tighe mar gheall ar an méid sin críche chur orm mar do bhíos ré-shuaithte toisc me bheith laetheannta óm’ thigh féin agus óm’ baile dúthchais. Níorbh’ é an cúinne dorcha, leis, gur ráinig an chathaoir ann agus dob’ fhearr liom ná san an scéal mar do [ 229 ]bhí radharc ar fuaid an tighe agam agus me ag tabhairt gach ní fé ndeara.

Cosa an chuirp do bhí i dtreo na teine agus a ceann chun an dorais agus os coinne an dorais ar an dtaobh eile do bhí an socrú go léir déanta. Ní ró fhada do bhíos insa chúinne san am gur thosnuigh an tigh ar líonadh. Do bhí gríosach mhór theine ann, citeal ar crochadh uirthi, dhá chiteal le h-ais léi agus an t-aonach ag tosnú idir fhear, bean agus páiste síos suas ar fuaid an tighe. Insan am so do bhí ceathrar ag cur éadaigh stróinséartha ar an gcoirp, “éadach i gcomhair an bhóthair anonn,” mar adubhairt ceann de sna mná tar éis an méid sin a bheith críochnaithe aca.

Níor ró fhada tar éis suidhe dóibh seo gur phreab ceathrar de mhnáibh óga ’n-a seasamh agus chuireadar comhla ’n-a luighe idir dhá stól agus níor ró fhada go bhfeaca a raibh d’áraistí insa tigh d’a chur le n-a chéile agus d’á shochrú ar an gcomhla. Níor ró fhada go bhfeaca trí chorcáin té ag teacht go h-imeall na luaithe, dhá cheann age bean aca agus ceann age bean eile. Cuireadh té ortha agus uisce beirbhithe ionnta nó go raibh na trí corcáin lán go smig. Do bhí an bheirt eile ban ag tarrac aráin bháin nó go raibh an chomhla lán.

Súil d’ár thugas i ndiaidh na ngnóthaí seo ’seadh do chonnac fear ag teacht orm aníos ó thóin an tighe agus bocaod mór bán i láimh leis agus é lán go béal de’n lionn dubh agus tuairim muga pínt ’n-a láimh eile folamh. An chéad fhear do bhuail leis tar éis an doras aníos a chur de, do sháidh an muga síos ’on bhocaod, do líon é agus thug do, agus ní dubhairt, “tóg uaim é.”

Is maith a bhí ’fhios agam-sa insa chúinne ná beadh mórán moille ar a raibh sa phiúnt ag cur an ghóilín siar de, mar do bhí aithne mhaith agam ar an té seo do fuair ’n-a láimh é; duine d’ólfadh an sop as an srathar agus rian a chéirde le feiscint air.

Ar amharc mo shúl do bheith ’á choimeád uaim síos ó’n [ 230 ]gcúinne de shíor ortha so do bhí ag riaradh, níor thug aenne druim láimhe leis an mbocaod ná leis an earradh do bhí ann gur shroich sé me féin mar a rabhas. Thugas-sa cúl mo láimhe leis agus do bhí iongantas mór ar fhear a riartha. Ní h-amhlaidh gur mhaith liom acht a bhriseadh, mar nár dheineas riamh, ach nár chuireas suim insa deoch do bhí ar siubhal mar nár mhór gur bhlaiseas riamh é. Leis sin, an té go raibh fios ceart mo mheoin aige—sé sin fear an tighe, do bhí seisean le n-a shála agus a bhuidéal uisce beathadh aige agus gloine agus dubhairt leis an bhfear eile:

“Ná fuil ’fhios agat nach fear leanna duibhe ól é sin?” agus do líon chugham gloine as an mbuidéal agus d’ólas í.

Súil d’ár thugas mar a raibh na coinnle ar lasadh ar cheann an bhúird mar a raibh cosa an chuirp do bhí beirt fhear ann agus dhá chathaoir fútha agus iad go saotharach ag gabháil de thobac agus de phípeanna agus níor ghnó ró thaithneamhach an gnó céadna. Fear aca ’á ghearradh agus ’á bhrúghadh agus an fear eile ’á mhín-mheilt agus ’á chur ins na pípeanna; agus maran mó truagh do bhí agam do’n mbeirt seo, go mór, ná bhí d’fhormad agam leo, ní lugha, mar go lán-mhinic roimis sin do chonnac fear maith ag ceiliúradh ó’n ngnó san.

Níor ró fhada a bhí an machtnamh san déanta agam san am gur tógadh le fear aca anuas de’n chathaoir agus do bhuaileadh d’fhíor-fhleascán a dhroma é ar bheirt sheibinneach bhan a bhí suidhte ar an úrlár go raibh a thuille agus a ndóthain le déanamh aca féin san am gcéadna. Agus dob’é gnó do bhí ar siubhal ag an mbeirt bhan san am san ná dhá ghunnaire pípe bhí dingithe de thobac fhriseáilte agus iad d’iarraidh tútair gail a bhaint asta agus gan de sheift aca chun san a dhéanamh ach cipíní soluis, gur ghnó lae d’inneal a raibh de chipíní caithte i bhásta aca, agus fós gan iad dearg.

Le linn do’n bhfear tuitim ar an mná ní ró mhaith an bheannacht a fuair sé ó lán na beirte aca mar do chnag agus do bhris an dá phíp ’n-a mbéal araon istigh ag an gcois agus iad díreach oiriúnach aca agus brácadh maith fachta aca [ 231 ]uatha, agus le cipín soluis eile do chaitheamh leo iseadh do bheadh barr a sclábhaidheachta aca.

Le linn an fhir seo a thuit a thógaint ar a bhuinn—agus ní fear a thuilleann sé a thabhairt air ach raispín, mar dá mbeadh fear fónta insa phost go raibh sé d’fhágfadh sé an post i bhfad níosa thúisce; ach do bhí so d’iarraidh fir mhaith a dhéanamh de féin, rud ná raibh ’n-a chumas an lá do ghoill tobac air—do bhí sé mar bheadh fanntais air le linn é thógaint. Dubhairt duine braon uisce chur air; dubhairt duine eile blaiseadh biotáile thabhairt do ach dubhart féin leo a dhóthain tobac a thabhairt do go mb’fhéidir gurbh’ é bhí ag teastáil uaidh!

Ní rabhas féin ró bhuidheach de ó’n uair a thugas fé ndeara ar dtúis timcheall an tobac é; agus do bhí fhios agam nach aon duine chuir ’n-a bhun é ach a dhailtínteacht féin; agus dubhart le fear an tighe é chaitheamh síos fé’n dtigh, nárbh’ aon ghalar báis a bhí air. Do tógadh mo réic as an áit go raibh sé agus ní raibh sé ach glan as san am gur chuala ceann de sna mná ag rádh na cainnte seo “gurab ort féin a bheidh an chéad phípeanna agus tobac eile!” ar sise; agus le linn an méid sin a rádh dhi thug sí súil-fhéachaint ar an mnaoi eile a bhí i n-aice léi agus do phrioc í ach níor mhúscail sise agus níor chorruigh.

“De bheirim ’on diabhal thu, maran luath do dhein meig díot!” ar sise, ag crothadh níosa threise; ach dob’ é an scéal céadna aici-se é. Tháinig bean agus bean eile mar a raibh sí. Tháinig cupa de’n bhfíor-uisce. Do cuireadh braon uirthi dhe le spíonóig agus do bhraitheadar ag teacht go mall í.

Do bhí radharc breagh agam ortha, fé mar tá ráidhte cheana agam, as an gcúinne gur cuireadh me; agus rud eile, ba mhaith liom an radharc san mar dob’ é seo an chéad tórramh riamh go rabhas air lasmuich de’n Oileán so.

Do bhí fear i n-aice liom de shíor, fear breagh deagh-chainnteach [ 232 ] agus smuirt ’á bhaint aige as a ghunna breagh bán pípe.

“N’fheadar cad a tháinig le fear a’ tobac a chur ’sa phípeanna?” arsa mise leis, “gur baineadh an truist as ná feicim ó shin é.”

“Tháinig a shuaraidheacht féin leis ar dtúis, mar ná raibh sé i gcumas an ghnótha san a dhéanamh. Rud eile, do bhí buidéal pínt de bhiotáile ólta age féin agus ag an mbeirt bhan thall gur thuit sé anuas ortha agus gur thuit duine aca féin ’n-a dhiaidh.”

“Agus nach mór an seasamh ag an mnaoi thall é má chaith sí cion duine dho’n mbuidéal,” arsa mise leis.

“Sin í do fuair an buidéal ’n-a láimh ó fhear a’ tighe chun é riaradh ar an dtriúr aca agus is dócha go bhfuil a leath ’n-a corp féin.”

“Agus nach mór an díth-úmhaltacht a dheineadar ort-sa agus tu ar an bhfód,” arsa mise.

“Tá chúig bliana déag ó chuaidh aon bhraon im’ chorp do. An diabhal ’á bhreith bhuam!” ar seisean.

Do chonnac an chomhla i lár na cistean ar an bhfeag (feadh) so ach insan am go raibh na daoine créachta so, pé poll gur cuireadh chun suainis iad, socair suas aca, dob’ ’eo an té ar siubhal. Do bhí gach ní ann go rábach agus go flúirseach agus cead tarrac air—arán bán, subh agus té. Ní raibh im ann agus ní gnáthach a bheith i dtigh d’á shórt.

Ní rabhas féin ar an bhfear deire gur cuireadh go dtí an bórd é, mar do ghaibh fear an tighe chugham go luath agus do thóg leis me féin agus mo chathaoir agus do chuir i mbun mo bhirt me agus dubhairt sé—“Ní mar a chéile tusa agus aenne, táid sin age n-a dtighthe féin ach tánn tusa tamall uaidh,” ar seisean.

Do chaitheas scrabhadh dhe ach níor chuas thar mo riocht mar nár mhaith liom ceann a dhéanamh díom féin i n-áit d’á shórt go raibh an fear anoir agus an bhean aniar ann; agus má’s i n-oileán i lár na mara móire féin a cuireadh ’on [ 233 ]chliabhán me níor chas aenne riamh mo bhreallaighe ná mo dhroch-mhúinteacht liom. Do thagadh dream nua go dtí an bórd an uair do bhíodh an chuid eile réidh, nó go raibh a raibh istigh sásta agus cuid bheag cainnte bhíodh ar siubhal aca nó go dtagadh an bocaod timcheall anois agus arís.

Do chaitheamair mar sin cuid mhaith de’n oidhche; tobac ar siubhal go tiugh; cuid aca do chuir a bpíp trí h-uaire go dtí pláta an tobac chun iad d’fhagháil lán thar n-ais; agus san déanta aca sara raibh an lá breac. Timcheall a dó a chlog do shín an fear so do bhí i n-aice liom a mhéar anonn go dtí an taobh eile ’thigh mar a raibh tuighe agus brus agus cad a bheadh le feiscint ann ná a raibh de mhná insa tigh agus míogarnach codlata ortha tar éis gach gíotáil a bheith i leath-taoibh an uair seo aca.

Ar amharc na maidine do bhí biadh eile ar siubhal, ach níor bhac an mhuinntir a bhí i n-aice a dtighthe féin leis. Um meán lae nó a h-aon a chlog do bhí na daoine ar fad bailithe chun na sochraide agus an uair a tháinig an sagart dob’ ’eo leo agus a n-aghaidh chun na cille. Ach ní raibh an t-aistear fada. Is i nDúnchaoin do bhí an teampall dúthchais.

Dob’ é seo an tórramh is mó gur chuireas suim ann. An fáth—toisc deoch do bheith ann agus ná feaca a leithéid roimis sin. Ní mór na torraimh ó shin ná go mbeadh soitheach agus dhá cheann ortha, agus ní mholaim an dlí sin; mar is gnáthach, aon áit go mbíonn an deoch, go leanann beagán de’n rangcás í agus níl san oiriúnach do thigh de’n tsórt san.


Lá Domhnaigh do bhí an tsochraid ann agus an méid ó’n Oileán do bhí i dtir do bhíodar innti agus uim árd an tráthnóna seadh do bhaineamair amach ár dtighthe féin. Ba mhinic a chloisinn na sean-daoine ’á rádh gur mheasa do théigheadh turus ’on bhaile mór dóibh ná seachtain oibre age baile agus do bhí san fíor, ach do bhí seachtain ó’n dtigh againn an turus so toisc na muc a bheith againn, ar a shon [ 234 ]go ndeireadh fear againn go mairfeadh sé féin go deo ann.

Seadh, do bhí críoch curtha ar mhuca min na déirce agus ar na banbhaí a deineadh a cheannach aon lá amháin ar mhargadh Dhaingin Uí Chúise.

“Ba bhun tuiscionna d’aon duine ná leanfadh an sonas ná an rath iad,” arsan file liom, lá.

“Ach is beag an baoghal ná go dtabharfair-se bun led’ chainnt, dar ndóigh,” arsa mise leis.

“Ó, is mise atá deas air,” ar seisean, “le linn na mine seo theacht agus í chur go bun na dtighthe chughainn, agus ’n-a dhiaidh sin gach a raibh de bhanbhaí ar mhargadh an Daingin a cheannach chun í ithe, ba mhór an scéal é,” arsan file.

“Ach níl réidhteach do chainnte ó chiainibh tugaithe amach fós agat,” arsa mise.

“Níl ach taobh do; nár chualais riamh go mbíonn dhá innsint ar scéal. Le linn na mine agus na mbanbh san a theacht go dtí an t-Oileán so ní raibh de cheol i gCiarraighe ach é. Ní raibh fear ar chnoc ná fear i dtráigh, bean ar shráid ná age pobal ná gurbh’ é a n-allagar min agus banbhaí an Oileáin agus níor lean rath ná sonas riamh ar rud a théigheann i mbéal na ndaoine.”

“Is baoghal ná beidh muc ná banbh go deo aríst ann,” arsa mise leis.

“Is é sin an tuairim atá agam,” ar seisean.

Do bhí a thuairim fíor mar ní raibh muc ná banbh insa Bhlascaod ó shin. Dá bhfeicfeadh aos óg an Oileáin muc ná banbh insan áit seo do raghaidís ar gealtaighe.


Ó’s ag trácht ar an bhfile dhom é tá sé comh maith agam scéal a chur annso air.

Tá tuairim trí bliana déag ar fhichid ó cailleadh Seán Ó Duinnshléibhe. San Oileán a fuair sé bás tar éis a bheith [ 235 ]tamall breoite. Níor bhe’ leis an fhaid a bhí sé ar an saoghal so. Mar adubhairt sé féin:

Níl aon rud is measa ná maireachtaint críona
Ní fhanann aon bhinn ag aenne ort.

Do bhí árd-mheón ag an bhfile agus é óg. Ba lán-mhinic a chloisinn mo mháthair ar trácht thairis. Do bhí sí sin suas le n-a linn. Do bhí árd-smuirt agus fuinneamh ann—é ag léimeadh gach claidhe ag dul go dtí Aifreann gach Domhnach; agus é le h-aithint ameasc na bhfear a bhíodh ’n-a threo do shíor ar a ghluaiseacht agus ar a mheon. Do bhí aithne agam féin ar a mheón thar cách eile, cé go raibh sé críona lem’ linn.

Dar liom gur i mBaile na Rátha i nDúnchaoin do bhí an chéad nead aige, sé sin an cliabhán. ’Na cliamhain isteach a’ tháinig sé ’on Oileán so go dtí bean de mhuinntir Mhainnín, bean iongantach. B’í do chuir deire le báilí agus leis na tiománaithe do bhíodh ag teacht go dtí an áit seo i n-aghaidh an lae ag scrios na mbochtán ná raibh aca féin ach an ghorta.

Tháinig an báile i mullach an tighe aici agus do bhí ’á leagadh agus do scaoil plannc de anuas uirthi agus anuas ar a scata leanbh a bhí go lag. Rug sí ar an ndeimheas nua, d’oscail í—beann de amach agus beann de siar. Bean láidir—bean bhuile. Níor bhraith an báile nó gur bhraith sé beann an deimhis ceangailte i n-árd a thóna aici. Níorbh’ é díon an tighe do ghaibh isteach thríd an bpoll an uair seo ach streall d’á chuid fola. B’é siúd an báile deire ó shin.

Do bhí Ó Duinnshléibhe mí-bhuidheach do’n dream do shlad a chaora air, agus ba threise ’á thuilleamh iad, gurbh’ éigean do an t-amhrán millte do cheapadh dhóibh.[1] Do chuir sé tamall d’á shaoghal de go lom dealbh, ar nós a thuille nárbh é. Níor cuireadh luach pingine riamh ’n-a leith ach in’ fhear grinn do shíor. Beannacht Dé leo go léir.


Níor ró fhada tar éis teacht abhaile dom an t-am gur [ 236 ]bhuail m’úncail Diarmaid liom agus ní ró mhaith an cúntas do bhí aige dhom. Do bhí an tarna mac leis ag ceiliúradh air, nár chuaidh sé i bhfeighil aon chodlata araer. “Cad fé ndeara san duit?” arsa mise. “Ó ’chroidhe, é bheith leath as a mheabhair,” ar seisean.

“Ach b’fhéidir gur taom galair atá ag tosnú leis,” arsa mise.

“N’fheadar,” ar seisean, “ach is eagal liom go bhfuil a ghnó déanta!”

“Dhera, a dhuine, tóg bog é. Nach mó rud a thagann ar na daoine agus go gcrothaid díobh é.”

Seadh, do chuir sé cúpla lá eile dhe agus ní raibh sé le feiscint chuige agam. “Ní foláir,” arsa mise liom féin, “nach mór an t-aistear dom dul mar a bhfuil siad agus ’fhios a bheith agam conus mar tá aca, trí n-a chéile, mar ba lán-mhaith an sás é féin lá an ghádhtair.”

Do phreabas as an machtnamh san agus níor stadas d’aon ráib amháin nó gur shroicheas an tigh. Ní raibh an duine bocht ar a shástacht romham. Do chuireas ceist air an i bhfeabhas nó i n-olcas do bhí sé ag dul. “Is ag gríosú air atá,” ar seisean.

Tháinig taise agus truagh agam dom’ shean-úncail bocht mar ba mhinic chugham é ag cur suainis agus staidéir orm insa chruadh-chás dom féin; agus dob’ fhearr liom gurbh’ é an galar báis a bheadh tagaithe ar an mac, agus b’fhearr leis féin é. Rud breagh iseadh an bás seachas neithe eile a bhíonn os cionn an pheacaigh bhoicht.

Do bhuaileas an doras amach ó’n réic bhocht agus ce gur minic an ainm sin agam air insa scríbhinn seo dob’ ainm bhréige í mar nárbh’ eadh é ach a mhalairt. Ach réic aindis dob’ eadh an mhaidean so é agus a chúrsaí aige.

Lár-na-mháireach an lae seo is túisce do bhí an t-úncail faram-sa ná bhíos-sa ’n-a theannta san. Nuair a chonnac é is maith a bhí ’fhios agam nach aon tuairisc chóir a bhí aige.

“Níl aon scéal agam, a chroidhe, ach scéal na h-aindise,” [ 237 ]ar seisean. “Deir na daoine liom dá mbeadh sé insan óispidéal gurbh’ é an áit ab’ fhearr é, go mbeadh an dochtúir ’n-a threo. Ach is dócha,” ar seisean arís, “nach féidir aon chomhthrom a bhaint do insa naomhóig.”

Chun na fírinne a rádh níor thaithin an gnó ró mhaith liom. Ach cad a bhí le déanamh? Nách é lá an ghádhtair an lá go bhfuil ort seasamh.

Do chuamair i ndáil a chéile, ceathrar againn, féachaint connus ba chóir dúinn a dhéanamh agus gan aon tóirtéis ar aenne againn, go mór mór ar an bhfairrge i gcúrsa d’á shórt.

Seadh, an rud a bheadh agat le déanamh tá sé comh maith agat croiceann a chur ort féin chun a dhéanta, nó éirghe as. Chuireamair an naomhóg ab’ fhearr a bhí againn ar snámh agus annsan do chuamair fé bhrághaid an tighe go raibh an fear dona.

Ní mar síltear a bítear go minic agus dob’in ionbhadh aige seo é. Níor dhóigh leat go raibh aon smáilc insa tsaoghal air an fhaid a bhíomair ag cur a chuid éadaigh agus eile i bhfeiste air. Do chuaidh linn go dtí an calath comh maith agus do chuaidh riamh ann. B’eo linn chun cinn. Do bhí ’athair ’n-a theannta i ndeire na naomhóige agus ceathrar againn-ne ar dubh-thiomáint ag ciorrú an bhealaigh amach nó gur shroicheamair calath Dhúnchaoin. Thánamair-ne abhaile aríst.

Do ghluais an t-athair abhaile lár-na-mháireach an uair a bhí an bhuachaill socair suas insan áit a ceapadh do. Dubhairt sé liom nár dhein an garsún bocht aon chrosadh air i rith na slí.


Ní mór an t-achar go raibh orm a thuille de’n aindise do sheasamh mar tar éis na mbeart so do chur díom ’seadh d’éag bean mo thighe féin. D’fhág san bréagach, breallach me, cé go raibh beirt de chailíní beaga ag coinnlíocht ’n-a diaidh agam ach ná bíonn an éifeacht le n-a leithéidí; agus dá [ 238 ]mbeadh féin, an lá a scarann páirtidhe leis an bpáirtidhe eile go lán mhinic bíonn breall ar an nduine aca fhanann; agus do b’in ionbhadh agam-sa, leis, é. Do bhíodh orm cluas a thabhairt do gach ní agus lasmuich dem’ dhícheall do bhíodh breall ar mo ghnó go minic.

Níor scar an dubrón go h-obann liom an babhta san cé go mbínn d’iarraidh é chrothadh dhíom i n-aghaidh gach lae agus dar ndóigh, do bhí fuar agam. Thagadh rud éigin treasna i gcomhnaidhe a bhíodh ag gríosú an chathaithe orm.


Aimsir mairciréal a mharbhú dob’ eadh an bhiaiste a bhí chughainn, sinn amuich insan oidhche agus sinn d’iarraidh bheith ag obair sa ló. Aon oidhche amháin do bhíomair amuich. Oidhche thar oidhcheannta dob’ eadh í. Do bhí droich-dheáramh ’n-a theannta san ag teacht uirthi agus dob’ éigean dúinn dul i scáth talmhan. Níorbh’ fhada do bhíomair mar sin san am gur tháinig naomhóg eile orainn agus foisceallach éisc ’s na líonta aici—comharthaí go raibh iasc le fagháil ach olcas na h-oidhche chun a mharbhaithe.

I gcionn tamaill tháinig sánas ar an sín dar linn agus dob’ ’eo chun siubhail cheithre naomhóga againn. Ar shroichstint na h-áite dhúinn gur bhraith an dream eile an t-iasc ann do chaitheamair amach na líonta agus ní raibh ach an mogal deireannach as an naomhóig de san am gur tháinig clagarnach agus splanncacha agus tóirneacha ná feicfá soir seachas siar.

Dubhart liom féin go mb’fhearr iad a tharrac arís agus ní dubhairt aenne im’ choinnibh. Is me ráinig i ndeire na naomhóige agus do phreabas agus do rugas ar an dtéid. Do thairrigíos liom nó go raibh an líon agam agus dob’ ’in le beirt againn annsan ag tarrac an lín, fear againn ar an gcorc agus fear eile ar an mbonn.

Is fánach riamh a rug brácadh ba mhó ná an líon a thabhairt ar bórd ar aon bheirt le gála gaoithe agus fairrge ag gabháil lastuas dinn agus tar éis dúinn an chuid deire bheith istigh [ 239 ]de ní raibh aon amharc ar aon pháirt de’n domhan againn le fearthainn agus gaoth.

Do chuireamair ár maidí i bhfearas agus dob’ ’eo le chéile sinn agus gan faic againn le déanamh toisc go raibh ár gceann fúinn agus sinn ag tarrac an lín, ach rud a dhéanamh ar an bhfear tosaigh i gcomhnaidhe. Do bhí a cheann san anáirde d’iarraidh radharc a choimeád ar an dtalamh, cé go raibh sé féin comh dall linn-ne sa deire ach ag dul ar amhras.

Fé dheire bhaineamair amach an áit d’fhágamair agus do bhí ceann de sna naomhóga eile romhainn ann. Sí seo a thug air sinn go raibh an t-iasc braithte aici. Do ghearruigh sí sin na líonta agus ní raibh ar a bórd ach a leath, san am so, agus gan puinn de thinneas na coda eile ortha ach iad buidheach go dtánadar slán. Ní raibh, ar feadh tamaill, aon tuairisc againn ar an dá naomhóig eile ach bhaineadar san, leis, amach sinn fé dheire.

Is é sin an chéad scannradh do rug orm riamh ar an bhfairrge ach níorbh’ é an ceann deire fós é. Is cuma, leis, mar gheall ar dhuine nó beirt mar do bheadh eagla go minic ar a leithéidí agus gan é bheith ar an méid do bheadh ’n-a dtreo; ach thug gach nduine d’á raibh isna naomhóga suas do’n oidhche sin é thar ar chuireadar riamh díobh le h-olcas.

Seadh, tar éis teacht ar an gcalath dhúinn do bhí bogadh mór ar an scríb agus dheineamair comhairle go mb’fhéidir go mbeadh deire na h-oidhche breagh agus ó bhí gnáth ag an iasc rith ar bharra an uisce go mb’fhéidir go mbuailfeadh foiscealach linn a thabharfadh díolaidheacht i n-ár mór-annródh dhúinn.

Sin mar bhí. Do chuireamair an rún san i bhfeidhm agus d’fhágamair na naomhóga agus gan iad ach saor ó’n uisce agus dob’ ’eo abhaile le gach nduine agus chaitheamair biadh i lár na h-oidhche. Do bhí an oidhche ag teacht anuas go h-álainn. An uair a bhíos féin réidh leis an mbiadh do bhuaileas amach fé dhéin an chalaith agus do bhí fear agus fear ag teacht as [ 240 ]na tighthe agus ag gluaiseacht chun na naomhóg. Do bhí iascairí eile an Oileáin ’n-a gcnap suain ó thosach na h-oidhche.

Dob’ ’eo leis na cheithre naomhóga againn agus níor stadamair nó gur bhaineamair amach an lanntán de’n bhfairrge go raibh an t-iasc braithte againn roimis sin insa scríb. Do chaitheamair amach na líonta agus ní ró fhada do bhíodar amuich an uair a cloisfá clagairt ag iasc ag dul isna líonta, chun cinn siar.

An naomhóg ná raibh a lán ’n-a líonta féin do bhí oiread le fagháil ó naomhóig eile aici agus ná tabharfadh sí léi agus tar éis gach beart dob’ éigean cuid de’n iasc a scaoileadh leis an muir, agus cuid de sna líonta. Do bhí an mhaidean i n-aice linn agus tháinig na cheithre cinn de naomhóga isteach go dtí an calath lán go bruach faid a bhí sé ’n-a gcumas aon mhairciréal amháin a thabhairt leo. Do bhí an mhaidean go h-álainn ciúin agus thug na cheithre cinn de naomhóga againn fé Dhaingean Uí Chúise, d’fhairrge mar do bhíodh scilling bhreise le fagháil insa chéad air annsan agus toisc na breise bheith againn de dubhramair go dtiocfadh sé chun suimiúlachta dhúinn seachas é thabhairt go Dúnchaoin agus díol le capaill.

Do bhuaileamair anáirde na seolta agus do bhí bolath maith na gaoithe ’ár ndiaidh—rud d’oir go maith dúinn mar do bhí na naomhóga síos go slait. Do shroicheamair an cé fé dheire gan mórán ar fad aimsire a thógaint leis agus do cheannuigh aon cheannathóir amháin gach a raibh sa cheithre naomhóga ar a cúig déag an céad.

Sean-fhocal iseadh é “nach gnáthach iasc age liairní díomhaoine.” Do bhí iasc againn-ne mar nár liairní sinn; ach an muinntir a bhí amhlaidh, agus ’n-a gcodladh, ní raibh iasc aca.

Do bhí sparáin airgid againn-ne insan am so. Do bhí os cionn trí mhíle is gach naomhóig againn. Chuamair ’on phroinn-teach ar dtúis agus ’n-a dhiaidh sin ’on tábhairne. Do bhí leath-dosaon amhrán leis againn. Níorbh’ iongnadh san; má bhí bochtáin féin ar ár gcine ní sinn-ne iad insan am san. [ 241 ]Do bhí ár ndóthain bídh agus ár ndóthain dighe caithte againn agus, fós, glór an airgid flaithiúil ’ár bpócaí.

Sarar fhágamair an baile mór do bhí tuairisc tagaithe chughainn go raibh buachaill an Oileáin go maith, agus a rádh le n-’athair teacht ’á iarraidh; agus cé go raibh sé siar go maith san oidhche an uair a shroicheamair an baile ní a chodladh a chuas gan dul lem’ dheagh-thuairisc go dtí m’shean-úncail, dar ndóigh.


Do bhí an Domhnach amáireach ann agus cheapas go mbeadh orm féin a bheith ar siubhal arís leis an úncail toisc gan an oidhche do bheith chun iascaigh ach do bhí tuiscint aige dhom agus níor bhac sé liom.

Seadh, do shroich an buachaill an áit fhág sé go déanach Dia Domhnaigh, agus do chuaidh a raibh insa bhaile ar a thuairisc, dar ndóigh. Ní raibh faic sa tsaoghal le braithstint ná le feiscint air ach oiread le h-aon lá riamh agus dubhairt gach nduine go raibh deire le n-a ghalar aige.

Ní raibh insa chainnt seo ach amhras agus bíonn an t-amhras amú uaireannta. Timcheall ráithe ’n-a dhiaidh sin do bhí daoine ’á bhrath air ná raibh sé ag fanúint staidéartha agus do bhí súil amuich age n-a mhuinntir ’n-a dhiaidh. Aon oidhche amháin agus gach a raibh sa tigh ’n-a gcodladh d’éaluigh sé amach agus ní raibh sé le fagháil ar maidin.

Is moch do bhí an t-úncail bocht chugham ar maidin agus níorbh’ é cuma fhir an ghrinn a bhí air. Do chuaidh gach nduine insa bhaile ’á lorg ach ní raibh sé le fagháil beo ná marbh, slán beo sinn! agus dob’ éigean an cluiche thabhairt suas.

Trí mhíle insa tsean-áireamh atá ar faid insan Oileán agus is é an Ceann Dubh is ainm de’n gceann is sia siar ó sna tighthe. Pé gnó a thug beirt fhear, lá, siar insan áit seo—ag fiadhach is dóigh liom a bhíodar—do bhí madraí aca. Do chuaidh na madraí isteach uatha fé chloich mhóir a bhí ann, do leigeadar fead agus trí fhead ach ní rabhadar ag teacht. Do phreab an bheirt le fánaidh agus ar fhéachaint isteach fé’n [ 242 ]lic cad a bheadh ann ná éadach agus bróga an té ná raibh le fagháil. Tháinig greannúireacht ortha agus bhogadar an bóthar abhaile gan a thuille fiadhaigh.

Ar shroichstint na dtighthe dhóibh níor mhaith leo an tuairisc chruinn a thabhairt do’n athair ach do bhí cara dhomh-sa ar na buachaillí agus is é comhairle dheineadar ná teacht agus é innsint chun tosaigh dom agus leigeant domh-sa é chur i n-iúl d’á mhuinntir.

Ní mór ná gur chuaidh sé chomh h-olc domh-sa leo-san. Pé scéal é an uair do bhuail Diarmaid bocht liom go h-obann thugas cogar do agus dubhart leis: “Tá san imithe agus é caointe go maith cheana agat agus tá sé comh maith agat an méid seo d’á thuairisc do thógaint bog,” arsa mise leis.

“Déanfad,” ar seisean.

D’innseas do.

Trí seachtaine ’n-a dhiaidh sin do ghaibh a chorp timcheall leis an bhfairrge mhóir agus do bhuail naomhóg ó’n Oileán leis agus thugadar chun cinn é agus tá sé curtha i Rinn an Chaisleáin insa Bhlascaod Mór. Beannacht na nGrást le n’anam!

  1. “An Chaora Odhar,” amhrán aoir do dhein an file ar dhaoine a ghoid caora uaidh.