An t-Oileánach/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
An mhin bhuidhe
[ 220 ]
XXI
AN MHIN BHUIDHE

Captaen smaic an Daingin, an mhin ar bórd, an Gárda Cósta, teacht ’on Oileán ar éigean, ceannach na mbanbh.

Bliain ghorta insan Oileán, agus insa lán áiteanna nach é, dob eadh an bhliain sin agus do ghluais duine uasal ó phríomh-chathair Éireann ag cur tuairisc cá raibh an ganntar, agus do bhain amach an Blascaod. Thug sé ordú chun mine agus plúir go dtí an Daingean. Chuamair-ne ann ’á sholáthar.

Do bhí seana-thráléir insa chuan agus níor dhein sí faic le suim mhór aimsire. Do bhí faid duine d’fheamnaigh ag fás uirthi, miongáin, báirnigh agus iascáin. An seana-chaptaen go raibh maighistríocht aige uirthi do bhí sé féin cosúil le bheith i ndeallramh na luinge. An ribe féasóige d’fhás tríd amach agus é óg, do bhí an ribe sin ó shin i leith, gan aon chor a chur de, síos ar a bhrollach; agus níor dhóigh leat air gur bhuail aon deoir uisce leis féin ó bhliain an droch-shaoghail. Ní raibh aon lá ag teastáil de cheithre fichid bliain uaidh. Do labhair fear maith éigin i nDaingean Uí Chúise dho chun na bpingní a thabhairt le tuilleamh do féin agus d’á sheana-churachán nár bogadh as slab an chuain le cúig bliana roimis sin í.

Síneadh suas leis an gcé í. Ní ró fhada go raibh deire innti. Annsan do ghaibh gárdóir cósta an cé amach agus chuaidh chun cainnte leis an seana-chaptaen. D’fhiafruigh [ 221 ]de cá raibh an chuid eile d’fhuirinn na luinge. Dubhairt an seana-bhuachaill gur suarach an criú ba ghádh dho—é féin agus beirt.

Fear fuinniúil láidir dob’ eadh fear an Rí agus tháinig sórt feirge air chuige.

“Ní tusa is cóir a cháineadh ach na daoine bhac tharsta thu, tu féin agus do sheana-chnobalach diabhail árthaigh; agus ná tabharfainn leath-choróin ar a seans dul choidhche ’on Oileán,” ar seisean. “Bíodh criú fachta agat le linn me chasadh thar n-ais nó mara mbeidh tógfad aisti a bhfuil innti agus cuirfead i n-árthach eile é.”

Sé an fáth go raibh fear an Rí ag labhairt comh mí-chéadfhach mar do bhí beartaithe air féin chun a bheith i n-éineacht leis.

Is beag nár shéid an fear liath fuil shrón. Tháinig dath gorm air i n-ionad a bheith liath. Thug sé seáp reatha an cé amach i ndiaidh an duine eile ach do chuir muinntir an Oileáin cosc leis. An uair a cuireadh stop leis do labhair sé go h-árd mar tharbh buile. “Teir’ i n-ainm puillíní an diabhail! maran agat atá an teideal chun mo bháid-se; nó cé thug duit é?” ar seisean leis an bhfear cósta.

“A’ bhfuil aon fhear agaibh-se annsan ó’n Oileán a chuirfeadh na seolta go barra an chrainn dom agus a raghadh lem’ chois?” ar seisean, agus scéan buile ’n-a dhá shúil.

Cé go raibh an mhin agus an plúr ag teastáil go géar ó sna h-oileánaigh ní ró éascaidh a dheineadar é fhreagairt. Dubhairt duine aca ná raibh eolas ar an ngnó san aca. Ní raibh ach an méid sin ráidhte nuair a ghaibh fear an Rí anuas an cé agus struip siubhail fé, agus beart ’n-a láimh aige fé mar bheadh beatha an lae déanta suas aige do féin. Ní raibh aon amharc ag an bhfear liath air nó gur bhuail sé isteach ar bórd na luinge chuige.

“Bhfuil aon chabhair solártha ó shin agat?” ar seisean.

“Is cuma dhuit-sa insa diabhal agam nó bhuam iad,” arsan máirnéalach aosta.

Ar an am san do bhí beirt phóilíní ’n-a seasamh ar an gcé. [ 222 ]Do fuair an bheirt ordú ó’n ngárdóir cósta an seana-bhuachaill liath a thógaint leo, go raibh déirc na ndaoine mbocht so imithe gan mhaith aige mar go raibh an t-uisce ag teacht isteach cheana go dtí an mhin agus gan aenne i mbun na seana-luinge a phúmpáil ná a thriomú. Rug an bheirt greim ar an seanduine.

Do chuir fear an Rí ceist ar an Rí seo ’gainn-ne an mbeadh leisce air dul ’on tseana-smaic le n-a chois agus fear mait eile i n-éineacht leis. Do ghaibh an Rí leis an scéal, mar ba dhual do an uair a bheadh gnó dho—é ’n-a rí agus ’n-a mháirnéalach an uair ba ghádh é, agus é comh h-oilte céadna ar phrátaí do chur agus chun aoiligh a tharrac ortha. Is minic do ghaibh sé an sean-asal liath-ghlas gearr-eirballach a bhí aige agus gach a mbíodh timcheall na cúirte ’n-a gcodladh. Fuair sé fear eile le dul ’n-a theannta.

Tháinig an Rí chugham féin sarar chuireadar chun fairrge, do theasbáin bosca dom agus do chuir mar chúram orm é. Do chuadar ar bórd agus thug an fear istigh cúram dóibh go tapaidh agus ba ró ghearr go raibh an seana-phota oiriúnach le bogadh ó’n gcé. Annsan do chuir fear an Rí guth go dtí sna póilíní an raibh an seana-chaptaen toilteannach chun teacht i n-éineacht leo anois ach ná faghadh sé aon mháighistríocht ar an luing.

Cé ná raibh an fear liath buidheach bhí fhios aige, mara mbeadh sé ar an luing ná faghadh sé aon phágh. Leis sin do chuaidh sé innti. Ghlaoidh fear an Rí ar shlataire eile ó’n nDaingean do bheadh i n-éineacht leis abhaile. Annsan b’eo leo sa tsiubhal.


B’eo leis an gcuid eile againn annsan ag treabhadh chun an bhóthair. Do bhí a lán mion-rudaí againn agus ní raibh sé ’n-ár gcumas iad a thabhairt ar ár ndrom. Leis sin níor mhór capall a bheith againn. Fuaireamair an capall ar a seacht scillinge. Chuireamair ár gcuid earraí sa trucaill agus chuireas-sa go cúramach ann bosca an Rí agus níor [ 223 ]bhaineas mo shúil de nó gur bhaineamair Dúnchaoin amach. Buidéil a bhí ann agus níorbh’ ionntaoibh aenne ’n-a gcomhgar san. Do bhí bosca an Rí Ceann Sléibhe siar agus gan é féin ach i mbéal Chuain an Daingin, mar a raibh radharc againn ortha.

Ní raibh puinn gaoithe chun aon luinge do bhogadh d’á fheabhas a bheadh sí ach ní rabhamair ach ar bhruach calaith Dhúnchaoin nuair a bhí briota maith ann di. Do bhrostuigheamair ar eagla go mbeadh an seana-chaptaen san Oileán romhainn, ó tháinig an ghaoth air, ach níor ghádh dhúinn an deabhadh. Nuair a thánamair ’on Oileán ní raibh aon radharc ar an árthach againn. Ag druidim leis an oidhche chuaidh daoine chun an chnuic féachaint an raibh sí le feiscint insa bhágh agus do bhí alpachán mar í os coinne bhéal Chuain Fionntrágha, anonn ’s anall di féin.

D’fhan duine as gach tigh insa bhaile ’n-a suidhe go maidean. Nuair a tháinig solas na maidine do bhí an seana-chnobalach luinge le feiscint age Ceann Sléibhe gan luid anairte anáirde uirthi ach tuairim leithead seáil mná ar gach crann léi.

Seadh, ba chuma cad é an gotha do bhí uirthi ó’n uair gur mhaireadar—leigeant di féin bheith ag treabhadh léi. Do chuaidh duine ag caitheamh a chuid bidh, duine thall agus duine i bhfus nó go sroichfeadh sí an calath.

Ach do réir mar bhí an mhaidean ag imeacht ní raibh sí ag teacht aon phioc níos giorra dhúinn. Ní ró fhada gur ghaibh cuid des na fearaibh anuas go bruach an chalaith agus do chuireadar ar bun dul ag triall uirthi le cúpla bád. Cuireadh naomhóg agus bád beag ar snámh de’n iarracht san mar ní raibh aon bháid mhóra ann an uair sin ná le fada roimis.

Nuair a shroicheamair an t-árthach ní raibh aenne ar bórd go raibh a chló féin air tar éis na h-oidhche dábur b’é an Rí féin é. Is amhlaidh a bhí an oidhche tugtha aca ag púmpáil uisce as an seana-thráléir, agus í fós ’n-a ghádh. B’éigean an seol mór a bhaint di ar eagla go scoiltfeadh an seana-bhád [ 224 ] as a chéile agus go raghadh sí fé chois ortha. Obair chruaidh iseadh bheith ag púmpáil luinge.

Do ceangladh dhá théid aisti agus mar do bhí an taoide linn ní ró fhada gur chuireamair ar an leabaidh anncaire í.

Do bhí hocht tunna idir mhin agus plúr innti, fóirithint mhaith do’n mBlascaod san am úd. An uair a chromamair ar é tharrac abhaile ba dhóigh leat gur pruais siongán an calath, gach nduine is a mála féin thiar air.

An uair d’fhág beirt an Oileáin an seana-phota luinge ní raibh de chriú annsan innte ach triúr; tugadh an t-anncaire ar bórd dóibh.

Níorbh’ é dearmhad an Rí gan tuarisc a bhosca a chur orm-sa nuair a chuas ar bórd an árthaigh chuige; agus nuair d’innseas do go raibh sé slán folláin sa bhaile roimis, do bhí sé ana-shásta agus d’imigh cuimhne annróidh na hoidhche dhe.


Seadh, má bhí tighthe an Bhlascaeid ar bheagán lóin roimis seo insa bliain, ní raibh san le rádh an lá san aca ó’n uair gur rith leis an bpota árthaigh í thabhairt chun cinn. Sean-fhocal iseadh é gur giorra cabhair Dé ná an doras. Ní bréag san, leis.

Do bhí an méid sin raghairse tagaithe, gan puinn coinne againn leis, agus dob’ é an chéad mhachtnamh eile a dheineamair ná go mbeadh fuar-bhlas tagaithe ar an earradh sara mbeadh a leath úsáidithe agus go mb’fhearr seift a chur ar bun chun tairbhe do bhaint aisti an fhaid do bheadh sí folláin agus dob’ é seift é ná dul agus banbhaí a cheannach, agus, an uair a bheadh deire na mine caithte, bheith ag cáiseamh arís.

Uair a chluig níor thóg an dlí sin nuair a bhí gach fear bearrtha agus balcaisí glana fáiscithe suas air agus a raibh de naomhóga san oileán ar snámh agus a n-aghaidh ar Dhúnchaoin. Ar shroichstint an chalaith dhúinn amuich bhí a raibh insa pharóiste romhainn ann mar cheapadar gur sochraid a bhí ag teacht agus gurbh ait leo nár chualadar aenne bheith marbh. Dhruid duine [ 225 ]muinnteardha treasna an chladaigh anall nó gur tháinig sé suas liom féin.

“Dhera, ’chroidhe!” ar seisean, “do thug cúram trom éigin amach sibh agus na naomhóga go léir a bheith i n-éineacht?”

“Nach mór an t-iongantas nár rith leat an cheist sin a chur ar aenne go dtáinís chugham-sa,” arsa mise.

“Dhera, ’chroidhe! tá cuid aca-san mion-bhréagach agus sórt rógaireacht ag baint leo agus is olc a chreidfinn cad déarfadh a lán aca.”

“Táimíd ag dul ag ceannach banbh,” arsa mise.

“A Mhuire! nár cheapas go raibh furmhór na h-áite sin agus gan greim aca le cur ’n-a mbéal féin; agus nach mór an obair má’s ag ceannach adhbhar muc atáid siad, ná airgead aca chuige,” ar seisean.

Do spion a chuid cainnte me mar strútach gorta dob’ eadh é nár thaithin a shlí liom.

“Má’s scéal é sin a dheinis-se a chlos ní maith an té do chualaidh é, cé gur mór ded’ ghaolta ann; agus do réir deáraimh níor ghoilleadar ana-mhór ort, ar chlos an scéil duit agus greim agus fiche agat féin agus nár chuais ar a dtuairisc agus ceann de sna greamannaibh a thabhairt go dtí iad.”

“Tá sórt feirge ort agus b’annamh leat é,” ar seisean, agus d’imigh uaim.

Tar éis na naomhóga a chur suas do bhaineamair an Daingean amach de shiubhal cos, deich míle. Do bhí iongantas an domhain ar lucht na tuaithe nuair a chonnacadar feidhre agus trí cinn de bhanbhaí age gach nduine againn ’á cheannach.

“Dhera, ’chroidhe!” arsa seana-bhean gur ceannuigheadh banbhaí uaithe. “Dar ndóigh is fada ó sna prátaí nua fós sibh chun a bheith ag ceannach banbh agus nach éachtach a bhfuil do bhanbhaí ceannaithe indiu aca; agus chuala,” ar sise, “ná fuil aon ghreim le n-ithe age cuid do mhuinntir an Oileáin féin nó cad as go dtáinig an fhóirithint orraibh?”

“Och! nach dall an bhean ar an saoghal tusa! Ná fuil [ 226 ]fhios agat an Té a chuireann ar an gcaol-chuid tamall sinn gurb É a thugann an raghairse tamall eile dhúinn.”

Do h-innseadh di conus mar a thuit amach.

“Ó Mhuire! is fada go bhfaghadh daoine eile an fhóirithint sin,” ar sise.

“Ach ná raibh sé fachta agat sara bhfuaireamair-ne é?” arsa fear againn.

“Conus san?” ar sise.

“Mar thug Dia bhúr ndóthain d’bhúr gcuid féin díbh-se agus chuir Sé sinn-ne ar an gcaol-chuid;” agus d’fhág sé an scéal mar sin age bean na tuaithe.

Tháinig dhá bhanbh agus dachad ’on Bhlascaod de’n scríb sin. Dhá cheann a bhí agam-sa agus geallaim-se dhuit go raibh mo dhóthain ionnta agus an té go raibh na trí cinn aige go mb’fhearr leis go mbeadh an tríú ceann báidhte i ndeire na dála; mar, ó lá na mbanbh a cheannach, do theip an déirc. Do bhí sé ráidhte gur droch-thuairisc a chuaidh amach orainn. Pé scéal é do rith lem’ dhá bhanbh féin go h-álainn agus ní rabhadar ró fhada ar mo láimh san am go bhfuaireas naoi bpúint ortha.

Níl aon uair do bhíodh muca againn chun margaidh ná go mbíodh orainn dhá lá agus trí lá do thabhairt i nDaingean Uí Chúise leo, agus, go minic, seachtain insa dubhluachair. Do bhíos féin agus mo dhá mhuic trí lá, an babhta san, insa Daingean agus trí oidhche, go raibh leath-fhiacha ceann de sna muca caithte agam, is sin é an fáth gur chaitheamair uainn ar fad iad, le breis agus fiche bliain.