An t-Oileánach/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
An naomhóg bheag
[ 188 ]
XIX
AN NAOMHÓG BHEAG

Mo dhritheáir thar n-ais ó Mheirice, iascach ghliomach, long na n-uaisle, an buidéal láidir, gleamaigh istoidhche, “An tSeamróg,” na róinte sa chloich, na cláracha raice.

Tamall ’n-a dhiaidh sin do ghluais mo dhritheáir Paidí anall ó Mheirice chugham. Do bhí iongantas mór orm é theacht anall an tarna h-uair, mar do bhí an bheirt mhac do bhí aige mór groidhe an uair sin; agus dar liom go rabhadar ar muin na muice agus a bheith thall ann. Ar fheiscint mo dhritheár dom tar éis teacht do ní raibh aon imeacht fé, pé duine chaithfeadh tuairim leis, ná gur ’sna coillte chaith sé a chuid blianta thall. Ní raibh éadach air, ní raibh cló ar a phearsain féin, ní raibh pinginn rua ’n-a phóca, agus is beirt dreiféar do do bhí thall do chuir anall é ar a gcostas féin.

Cé nár thug sé aon lá amháin díomhaoin de sna blianta fada do chaith sé leis an mbeirt mhac gach pinginn d’á tháille; agus ní leigfeadh sé ag obair iad; agus aon réal a bhíodh spártha tar éis an chostais a leanadh an triúr aca a ghlanadh, bhí nós aige dul go tigh an tábhairne agus an chuid sin d’ól; agus is dócha gurbh’ é an chaol-chuid do bhiodh aige le n-ól.

Nílim-se chun dul chun faid slí le n-a dtuairisc sa scríbhinn seo ach gnó glan a dhéanamh díobh, agus conus mar thárlaidh dóibh, agus conus mar a dheineadar do’n athair do thuit leis na blianta fada leo ag sileadh alluis i Stáit Mheirice [ 189 ]d’iarraidh fearaibh a dhéanamh díobh, agus gur dhein. Sé críoch agus deire na mbeart é nár chuir aenne de’n mbeirt a thuairisc riamh ó shin.

Do bhí aithne mhaith ar mheon agus ar shlí mo dhritheár agam-sa roim ré ach má bhí féin cad a bhí agam le déanamh? Ní h-amhlaidh a chuirfinn amach an t-aon dritheáir do bhí agam tar éis teacht ó Mheirice dho. Ba dhícheall do a bheith ciallmhar a dhóthain; agus mara mbeadh san do bheith ag baint leis ní bheadh sé i lúib aenne mar dob’ é an fear oibre é dob’ fhearr a bhí le fagháil i n-aon áit gur ghaibh sé. Ach cá bhfuil an saoi gan a locht féin?

Seadh, le linn na h-aimsire sin do bhí sealgaireacht dheas le fagháil timcheall na mBlascaod ar mhairciréil agus gleamaigh agus bhí árd-ghlaodhach ortha agus an uair do chonnac féin go raibh Paidí chun luighe liom do cheapas gurbh’ fhearr seift éigin a chur ar bun go ndéanfadh sé tairbhe éigin.

Sé rud a chuireas ar bun chuige sin ná, seana-naomhóg do bhí agam, teacht agus smut a bhaint di agus í dhéanamh éascaidh do bheirt le cur síos, suas, mar do bhíodh furmhór na naomhóg ar bheirt san am san ag iascach gliomach i rith an tsaosúir. Do bhíodh fiche pota againn sa naomhóig bhig agus ba dheas led’ chroidhe bheith ag féachaint orainn ag comhrac na mara léi agus mise ’á rádh leat go raibh seilg againn ’á dhéanamh, cé ná rabhamair ag dul i bhfad ó’n dtigh. Timcheall Bheiginis do bhíodh gnáth againn ’á dhéanamh, agus ar an slí sin dheinimís freastal ag an dtigh ar thrí bhéilí an lae. Do bhíodh naomhóga eile agus aistear fada ortha ag dul comh fada ó bhaile leis an dTiaracht, Inis Tuaisceart, Inis na Bró agus Inis Mhicileáin—na Blascaeid bheaga.

An dream a théigheadh i n-aistear mar sin do bhíodh ortha lón do bhreith leo gach lá agus fanúint amuich ó dhubh, dubh agus suaidhte go leór do bhídís i ndeire an lae. Do bhí iomadúlacht ar na gleamaigh ins na h-oileáin sin ná raibh sa chomhgar, gan amhras, cé go dtagadh fear an chomhgair suas leo, mar go mbíodh breis chor bainte as na potaí aige.

[ 190 ]Is mó luach púint a dhíolamair leis na h-árthaighe do ghaibheadh ó thuaidh agus adtuaidh trí Bhealach an Bhlascaeid Mhóir. Do bhíodh a seolta bogóideacha báin-chneasacha anáirde aca agus uaireannta ní bhíodh puth gaoithe as an spéir ann. Is minic a chaitheamair ár ndinnéar ionnta agus do bhronnaimís portáin agus éisceanna eile ortha. Do bhíodh tobac agus neithe eile, leis, againn uatha, agus gloine uisce beathadh agam-sa. Ní bhlaiseadh Paidí aon deóir ó fhág sé Meirice mar do bhí ciall cheannaigh fachta aige.


Lá breagh de sna laetheannta san do bhuail chughainn an Bealach andeas long ghail ná raibh ró mhór agus long eile aici ’á tharrac ’n-a diaidh agus gan uirthi sin ach seolta amháin agus gach dath fé’n spéir uirthi. Do bhí cír dhubh le daoine ar luing na seolta agus gach uile dhuine aca ag féachaint níos uaisle ’ná ’chéile, maidir le h-éadach agus banndaí dho. Ní raibh mórán siubhail fé’n dá luing d’fhonn radharc shocair a ghlacadh ar na Blascaodaibh seo.

Do ráinig liom-sa bheith ag tarrac pota i n-athchumairc dóibh insan am gcéadna agus cad a bheadh ann ach gliomach gorm agus piardóg, díreach agus an dá luing ag gabháil tharainn ó thuaidh.

Do thógas anáirde an phiardóg i láimh liom agus an gliomach sa láimh eile agus ní túisce bhí san déanta ná bhí gach lámh a bhí is na longaibh anáirde, idir fhear agus mhnaoi, ag sméideadh amach orainn agus do stopadar suas ar uachtar na mara nó gur shroicheamair iad.

Ní fáiltí go dtí mar bhí roimis an dá sheana-iascaire. Do bhí dosaon gliomach againn agus dhá dhosaon portán agus trí dosaein d’iascaibh eile agus ba chuma leis na h-uaislibh cad é an crot do bhí orainn féin ná ar ár naomhóigín ach an breac úr d’fhagháil uainn.

Do scaoil fear aca bocaod anuas chun na ngliomach do thógaint anáirde agus ar amharc an bhocaeid sin dom cheapas ná cuirfeadh sé aon ghliomach isteach ann ar chúig [ 191 ]phúint, do bhí an t-árus comh greanta san. Do scaoil sé an t-árus anuas arís chun na bportán do bhreith leis, agus arís eile chun an éisc eile.

Nuair a bhí a raibh sa naomhóigín bailithe anáirde aige ní raibh mórán moille insan am gur scaoil sé anuas an bocaod céadna arís agus ar mo leabhar gur cheapas gur smut aráin do bhí i ndeire na naomhóige a bhí uaidh an uair seo. Ní mar cheapas a bhí; mar, an uair a rugas im’ láimh air agus d’fhéachas ann, is airgead do bhí le feiscint agam. Do labhair an fear a scaoil anuas é liom i mBéarla agus dubhairt go raibh scilling sa bhocaod ar gach breac a chuireas anáirde chuige.

Do thairrig mo dhuine uasal an bocaod anáirde arís agus níor mhór an aga go bhfeaca chugham anuas arís é, maol agus cruach air, agus an bhean dob’ uaisle bhí ar bórd ’á leigeant anuas an uair seo, adéarfainn, agus ba bhreaghtha méinn agus scéimh d’á bhfeaca-sa riamh. Do bhí an bocaod lán de gach sórt bidh agus annlain agus ná féadfainn-se ainm a chur ar a leath. Nuair a bhí sé folamh agam i ndeire an bháid, do bhaineas mo bhairréad dem’ cheann agus d’umhluigheas do’n mhnaoi uasail, ag gabháil buidheachais léi.

Níorbh’ fhada gur tháinig fear go dtí bhásta na luinge agus adubhairt an buidéal folamh a bhí insa naomhóig do shíneadh anáirde chuige. Do dheineas san agus i gcionn tamaill tháinig sé agus é lán d’fhíor-uisce aige agus d’fhiafruigh arís a’ raibh buidéal eile sa bhád againn. Ní raibh. D’imigh uaim arís agus nuair a tháinig bhí buidéal suaithinseach aige go raghadh tuairim sé ghloine ann. Do shín anuas é agus dubhairt mórán de’n uisce d’úsáid le beagán dá raibh sa bhuidéal eile.

D’fhágamair slán agus beannacht age n-a chéile annsan. Do bhíomair míle go leith ó thalamh fé’n am so. Níorbh’ fhada an t-achar é sin mar do bhí an lá fabhrach. Ní ró fhada bhíomair casta ó chéile nuair a phrioc an mí-fhoirtiún me féin go bhféachfainn cad a bhí sa bhuidéal úd. Dubhairt an [ 192 ]fear eile go mb’fhearr dhom ciall a bheith agam agus druidiúint leis an dtalamh ar dtúis sara mblaisfinn é, agus go raibh am mo dhóthain agam chuige.

Níorbh’ aon mhaith bheith liom. Dubhart leis ná déanfainn ach é bhlaiseadh féachaint cad é an sórt é. Do cheapas marar nimh ar leithligh é go mbeinn ar an dtaobh sábhálta dhe; ach ar nós gach uile rud eile ní féidir leis an bpeacach déanamh mar is maith dho. Sé an cupán beag adhmaid do bhí ag taoscadh na naomhóige an t-árus do bhí agam agus lán spíonóige mheasas a scaoileas as an mbuidéal. Nuair a chonnaic Paid a laighead a leigeas amach ar seisean—“Ó taoi ag cur chuige cad é an mhaith duit rud gan mhaith?”

“Braith an abha sara dtéighir ’na cuilithe,” arsa mise go fáigiúil; agus dob’ é sin an focal deirinneach a fuair sé uaim go ceann dhá uair a chluig ’n-a dhiaidh sin. Do bhí tuairim míle de’n tslí ciorraithe againn an uair sin agus leath mhíle eile le dul agus, mar bharr ar an ndonas, scailp gaoithe séidthe mar a bheadh saothrú chun brothail geal gléigeal; agus do bhí san feicithe agam sarar ólas an rud a bhí sa chupán agam.

Siar leis. Nóimeat, adubhairt Paidí liom ’n-a dhiaidh sin, do dheineas seasamh tar éis í ól an t-am gur thuiteas ar thóin na naomhóige. Do cheap an fear bocht gur marbh a bhíos agus do thuig gur nimh a bhí insa bhuidéal agus san imithe mar dhearmhad ar na h-uaisle. Do thug mo dhuine bocht stuif agus smior na gcnámh d’iarraidh na talmhan a bhaint amach.

Díreach agus an talamh bainte amach aige agus gan ann ach deire na déithe, é ar linn cuasa go raibh fothain ann i mBeiginis, sin é an t-am gur phreabas-sa as mo shuan gan mhaisle, gan mháchaill.

“B’fhéidir go mb’fhearra dhuit braon beag eile thógaint do!” arsa Paidí liom.

Thuigeas gur le seana-bhlas adubhairt sé an méid sin agus ní dubhart aon ní. Go deimhin do bhí náire mo dhóthain orm [ 193 ]nuair a chonnac an séideán a bhí amuich agus a thuigeas an cruatan a rug air sin d’iarraidh an chuasa bhaint amach leis an naomhóig agus mise im’ ualach ’n-a tóin thíos.

Do bhí an gála fós ann gan aon bhogadh; ach mar sin féin do bhí fothain na talmhan againn anois agus, dar ndóigh! níor bhád gan biadh sinn san am san. Cé gur timcheall Bheiginis a bhíomair, agus gan san i bhfad ó’n dtigh, níor dheineamair aon mhachtnamh ar an gcuas a bhí againn d’fhágaint.

I gcionn tamaill thug sé sórt bogadh air féin insa tslí go ndubhairt Paidí; “B’fhéidir go mbeadh sé ar ár gcumas na potaí tharrac. Tá sánas ó’n ngaoith cois na gcloch so.” Ní raibh fonn orm féin chun san a dhéanamh ach fear dob’ eadh é gur mhaith leis toradh d’fhagháil ar a ghlór agus nuair a thiocfá treasna air do bheadh sé trí lá ’n-a dhiaidh sin gan aon mhaith.

Do chuireamair chun an ghnótha gur bheartuigh sé air. Air féin ba mhó do bhí an bráca mar dob’ é bhí ag rámhaidheacht agus mise ag tarrac na bpotaí. Ní raibh na potaí ach tarraicthe againn gur shéid sé maol, gléigeal ar fad. Do bhaineamair an cuas arís amach. Do bhí dosaon gliomach againn as na potaí.

Do bhí sé ’n-a mheán-oidhche nuair a bhaineamair amach an t-oileán an oidhche sin agus bhí ár muinntir suaidhte go maith ’n-a n-aigne agus iad ag bailiú cabhrach chun dul ar ár lorg mar ba dheimhin leo gur báithte bhíomair.


Ana-bhliain seilge dob’ eadh í sin. Níl aon chor do bhainfá as na potaí ná go mbeadh dosaon gliomach agat agus dob’ shin dosaon scilling; leath-phaca plúir ar an ndosaon scilling sin; leath-phaca mine ar hocht scillinge agus gach uile ní d’á réir. Níor dheacair do’n nduine bocht maireachtaint an uair úd.

Tar éis scarúint na long úd uaim tháinig mí ana-bhreagh ar fad ná raibh luascadh ar aon linn agus dob’ é sin an saghas aimsire dob’ annsa chun an sórt éisc a bhí ar siubhal a [ 194 ]shroichstint; agus rud dob’ fhearr ná san, sciobadh ar an mbreac do bheadh agat. Do bhíos féin agus Paid ag déanamh go maith leis an naomhóig bhig mar do bhí líomatáiste ár ndóthain againn agus gan aenne chughainn ná uainn ann.

Is leis an gconntráth déanach is fearr a théighid gleamaigh ins na potaí. Tráthnóna, bhíomair ana-dhéanach agus bhíodar ag dul ionnta go tiugh.

“Nach mór an náire d’aenne bheith ag dul abhaile oidhche chiúin, chalma, ná fuil fada ná fuar!” arsa Paidí liom-sa, “agus ór le fagháil i bpotaí. Dá mbeadh na daoine atá insan áit seo tamall mar a rabhas-sa do bheadh eolas a thuille aca.”

“Sara mbeam sa bhaile anois beidh an lá ann,” ar seisean. “Tugaimís moill do sna potaí tamall agus beidh oiread céadna arís ionnta agus atá bainte againn asta, agus má bhíonn nach mór an scrupall bheith ’á bhfágaint annsan.”

Mar gur dhuine é, mara dtabharfá cead a shrón do ná beadh sé it’ fhochair chuige amáireach agus call maith do bheith agat leis, bíodh nár thaithin an scéal liom féin ró mhaith, b’éigean dom cur suas leis nó an naomhóigín bheag a bheith d’ionntaoibh liom féin amáireach.

“Téanam,” ar seisean, “tá aga a ndóthain fachta aca. Beimíd ’á mbraith.”

Sin mar bhí. Ar tharrac an chéad phota ní cleataráil go dtí mar bhí istigh ann.

“Is dócha gurb eascú atá ann,” arsa Paidí, a bhí ar na maidí rámha i dtosach na naomhóige.

“Ní dóigh liom gurb eadh.”

Do chuireas mo lámh síos ’on phota agus thugas stúmpa gleamaigh aníos agus ceann eile ’n-a dhiaidh.

“A’ bhfuil dhá ghliomach ann?” arsan fear tosaigh.

“Tá, agus dhá cheann bhreaghtha féin,” arsa mise leis.

“Sin dhá scillin’. A Rí na bhFeart! is mó deóir alluis [ 195 ]nár mhór domh-sa shileadh i Meirice ar dhá scillin’ sochas an pota so a thabhairt ’on bhád dhá fheadh uisce.”

San am go raibh deire na bpotaí tarraicthe againn do bhí dosaon de ghleamaigh bhreaghtha ionnta.

“A Mhuise, nach mó scillin’ bhog sa bhfarraige!” ar seisean, “sochas áiteanna eile go bhfuil allus fola d’iarraidh na scilline a shroichstint. Mo chorp agus m’anam go bhfuil daoine i Meirice, do gheobhadh airgead comh bog so, ná déanfadh codla ná suan ach ’á shíor-tharrac so aníos.”

Do chreideas go feille-mhaith an méid sin uaidh cé go mbíodh a lán scaothaireacht ag baint leis agus gur mall a chreidinn go minic é. Ní rabhas féin comh dall san ná go dtuigfinn cad a bhain le tíortha teo thar lear, obair throm agus saoiste ag faire, nó beirt go minic.

Timcheall uair a chluig moille bhí déanta againn san am gur bhraitheas ag cur na maidí amach arís é. “Ní foláir nach chun suain ar fad a ragham. Ó tá an oidhche againn ’á chaitheamh bíodh rud éigin d’á bharr againn,” ar seisean ag caitheamh téad phota, do bhí ceangailte chun tosaigh, ag coimeád na naomhóige faid a bhíomair ’ár stad, amach i bhfairrge uaidh.

Fé mar dubhart cheana do bhí orm a bheith im’ bhuachaill aige i n-ionad a bheith im’ mháighistir nó ní bheadh crích orainn. Do chuamair i dtosach ár ngnótha arís agus insan am go raibh deire na bpotaí againn do bhí dosaon eile againn. Do chuamair ar leabaidh anncaire arís.

“Is beag an t-iongnadh bochtáin a bheith ar chósta na hÉireann,” arsa Paid, “agus tá leis, agus go raibh a thuille ’ca ann! mar is maith an scéal iad, aon diabhal dream fear atá a’ sranntarnaigh insan am so d’oidhche bhreagh chalma agus ór agus airgead le fagháil ar bheagán duaidh agus alluis.”

Ba dhóigh le duine go raibh smut de’n gceart aige ach is dócha leis ná féadfadh an peacach seasamh de ló agus [ 196 ]d’oidhche. Do stadamair tamall. N’fheadar ná gur thuit tionnfhuar codlata orm féin. Dubhairt seisean gur thuit agus gur bhaineas greas maith as.

“Is dóigh liom go bhfuil fionnóg a’ lae a’ teacht agus go mb’fhearra dhúinn tarrac eile bhaint as na potaí agus beam age baile, agus ní bheidh ’fhios ag aenne conus mar chaitheamair an oidhche,” arsa Paidí ag caitheamh na téide uaidh agus ag cur a mhaidí amach.

Geallaim-sa dhaoibh ná rabhas-sa ró éascaidh san am so—gliocú na maidine fuar, bolg follamh, cnámha túirseacha, súile troma agus mairbhitighe mo dhóthain am’ leanúint, pé cuma go raibh an fear tosaigh. Ach do chrothas suas me féin ó’s rud é go raibh orm é dhéanamh agus san am go raibh na potaí tairricthe agam do bhíos im dhúiseacht go maith agus do bhí dosaon eile gliomach agus dhá cheann againn.


Ar thabhairt ár n-aghaidh chun an tighe dhúinn, cad a bheadh ná árthach ar móráil agus dob’ fhollus dúinn gur stróinséir árthaigh í. Do bhí sí romhainn ar an siúnda agus níorbh aistear linn dul chun cainnte léi. Ar dhul le n-a cliathán dúinn chonnacamair “An tSeamróg” mar ainm uirthi. Do bhí umar i gcomhair gliomach innti agus is ’á lorg san a bhí sí. Do ceistigheadh sinn an mór na gleamaigh a bhí againn agus an mór a bheadh uainn ortha. D’innseamair do ná raibh puinn ar bórd againn ach go raibh oiread eile i bpota stóir do bhí annsan thall againn. Rud eile ná beadh níos mó le n-’éileamh againn air sin ach oiread le h-aon árthach eile. “Glan leat agus tabhair leat a bhfuil insa phota,” ar seisean.

B’eo linn agus ní raibh an pota ró fhada uainn agus do chasamair thar n-ais agus sé dosaein do bhí againn ag teacht go dtí í. Do chóimhrimh ceann ar ceann iad agus do shín chughainn trí shobhairn óir. Seilg lae agus oidhche dob’ eadh é. D’innseas san do’n gcaptaen agus go raibh an oidhche ’nár suidhe againn agus go rabhamair suaithte go maith ach [ 197 ]má bhíomair féin go raibh págh na h-oidhche againn. Thug sé ordú dhúinn láithreach teacht ar bórd. Bhíomair ag fagháil párdúin leis—nárbh fhada uainn a bhí an baile anois. Ní bheadh sé sásta leis sin agus b’éigean dúinn dul ar bórd.

“Tá biadh annso ullamh agus caithidh bhur ndóthain,” ar seisean.

B’éigean dúinn dul i n-éineacht leis. Do chaitheamair ár ndóthain. Bhí sórt náire orm-sa a bheith salach brocach i n-a leithéid d’áit ach níor chuir an fear eile aon tsuim ann ach a bholg a líonadh. An méid náire agus scáinteacht’ a bhí ag baint leis i dtúis a shaoghail d’fhág sé ’n-a dhiaidh insna tíortha iasachta iad agus dubhairt sé liom-sa, leis, dá mbeadh tamall agam féin as baile, gur chuma liom cá mbuailfeadh biadh liom chun é chaitheamh.

Ar theacht ar uachtar na luinge dhom do bhí an captaen ag stádar do féin agus do chrom sé ar bheith ár gceistiú i dtaobh na ngliomach, an raibh a thuille timcheall na h-áite aca. D’innseamair do fé mar bhí. I gcionn tamaill do bhogamair uaidh agus d’fhágamair slán aige. Ar shroichstint dúinn ar an gcalath ’s eadh bhí cuid eile aca ag fágaint an chalaith agus a thuille aca ’n-a gcodladh fós.

An uair a bhí an naomhóg tirm as an uisce againn féin dubhairt Paidí:

“Is fearra dhúinn buidéal bainne agus dosaon ubh a bhreith amach go dtí an t-árthach. Ní bheam i bhfad.”

Ba mhaith liom an chainnt fhearúil sin a theacht uaidh cé gur minic a tháinig cainnt uaidh nár thaithin liom agus do bhuaileas an chloch amach agus d’fhan san mar a raibh aige nó gur chasas thar n-ais agus dhá dhosaon ubh agam agus buidéal bainne. B’eo linn amach arís nó gur shroicheamair an long bheag. Shíneas anáirde an buidéal agus bosca go raibh na h-uibhe ann. Rug fear aca ortha go tapaidh agus thug leis anáirde iad, mar ní bhíonn dul ar uibhe ná ar bhainne aca an uair a bhíd siad ag treabhadh na mara. An uair a tháinig an bosca thar n-ais bhí sé lán go béal aige—brioscaí, tobac, cannta [ 198 ]feola agus mar bharr ar na neithe go léir, ar chuardach an bhosca dhom ’n-a dhiaidh sin, cad a bheadh ann ná leath-phiúnt biotáile. Do bhuaileamair isteach agus do bhaineamair an tigh amach, agus is a chodla a chuamair go h-aimsir dinnéir—b’in nós nua againn.


Tar éis dinnéir dúinn do bhuaileamair amach agus do chromamair ar na potaí do tharrac agus do chur i bhfearas i gcomhair an chonntráth’ mar is sin é an uair is mó go mbíonn na gleamaigh ag dul ins na potaí. Ní maith leo bolg an lae mar bhíonn sé ró gheal. ’S an ghrian ag dul i bhfairrge ’seadh chromamair ar iad a tharrac arís agus do bhí rud maith ionnta. Do chaitheamair an oidhche go maidean amuich agus do bhí dorn breagh gliomach ar maidin againn. Annsan do dheineamair amach gur san oidhche do bhí marbhú ortha. Aon oidhche do bhíodh breagh as san amach do chaithimís amuich é insa tslí go raibh ana-sheilg ag tuitim linn i gan ’fhios.

Isteach insa bhfoghmhar, oidhche ana-bhreagh agus sinn ceangailte ar théid phota, do chualamair an t-amhrán d’á rádh go fada bog binn i meán na h-oidhche siar, tharainn ó thuaidh ar chlocha eile do bhí tuairim is leath mhíle uainn.

Do gheit mo chroidhe féin agus chuas trí n-a chéile go mór.

“A’ gcloiseann tú?” arsa mise leis an bhfear eile.

“Cloisim go maith,” ar seisean.

“Téanam abhaile,” arsa mise leis.

“Dhera, mo thruagh thu, nach róinte iad san!” ar seisean.

“Ní foláir nach róinte go bhfuil glór na ndaoine aca!”

“Iseadh go díreach, mhuise, agus is fuirist aithint nár chualaís riamh roime seo aon cheann aca. Deinid siad san gotha an duine chur ortha féin an uair a bhíonn breis aca tirm i dteannta chéile agus tá scata ’ca tirm ar na clocha thiar anois.”

Thugas sórt géilleadh dho agus bhí ’fhios agam, na daoine théigheann ins na tíortha thar lear, ná cuirid suim i n-aon [ 199 ]rud beo nó marbh. Leis an machtnamh san dob’ éigean dom é chaitheamh anáirde liom féinig.

Níorbh’ fhada gur chuala go fada bog binn aríst agus dar liom gurbh’ é “Éamonn Mágáine” é díreach mar d’fhágfadh sé béal an duine; ach ní raibh agam-sa ach é bhrúghadh ar m’aigne. I dtaobh an fhir eile is amhlaidh do shéid sé féinig amhrán suas. Iad san thiar agus eisean thoir. Ag cur misnigh orm a bhí sé, is dócha.

Seadh, do bhaineamair cor as na potaí agus do bhí dosaon breagh gliomach ionnta.

“A’ bhfuil dosaon agat?” ar seisean.

“Tá gan ceann fé ná thairis.”

“An diabhal gur mairg duit nár chuaidh abhaile ó chrónán na róinte. Do bheadh fuar agat-sa dá mbeifeá ins na tíortha lasmuich,” ar seisean.

Gan amhras do bhí an ceart insa méid sin aige cé go mbíodh sé uaireannta eile lán mí-cheart. Níor stad nó gur chuaidh sé chun anncaire ar an dtéid chéadna arís agus, mar bharr ar an scéal, insan áit ba shoiléire do bhí timcheall chun iad a chlos.

Le linn cur fúinn dúinn ní raibh fead ná glaodh as aon rud; ach níorbh’ fhada do bhí san i gceist san am gur chuireadar a nglam suas i n-éineacht gur chomh-chlos’ gach áit insa timcheall iad.

“N’fheadar cad a chuireann le buile mar seo iad anois agus arís,” arsa mise leis an bhfear eile, “agus iad ’n-a sánas tamall eile?”

“Gach uair a thagann ceann ó’n bhfarraige ortha seadh bhíd siad mar sin. Tá ceann eile tirm anois ar na clocha agus do bhíodar ’n-a gcodladh go dtí san.”

An uair sin níor chualaidh aenne riamh ar mhargadh ná ar aonach oiread amhrán i n-éineacht agus fuaim a lán amhrán ag teacht trí n-a chéile. Do dheineas talamh slán de n-a raibh aige ’á rádh i dtaobh na róinte, mar ba mhór an cur amach a [ 200 ]bhí aige ar an saoghal ’e bhreis orm-sa nár fhág cúinne na luaithe riamh.

“Fan go mbeidh solus a’ lae ann agus is dócha nach fada uainn anois é, go bhfeicfir-se radharc ar róinte tirm ar na clocha san thiar,” ar seisean.

“Ach is minic a chonnac ceann aonair tirm ar chloich,” arsa mise leis.

“Ní h-i dtaoibh leis sin a bheifá dábur ghnáth bhéas leat bheith amuich insan oidhche. Ní chuirfir aon tsuim an chéad oidhche eile ionnta nuair a chloisfir iad, a bhuachaill.”

Do chuas amach go maith air an uair a chríochnuigh sé an abairt dhéanach san: mar ’dheadh ná beadh aon teip orm-sa gan a bheith go fonnmhar ag teacht an chéad oidhche eile! Ní ró fhada go ndubhairt sé go raibh breacarnach an lae ag teacht thoir agus nár chás a bheith ag bogadh na bpotaí arís.

“Fan go ngealfaidh an lá níos fearr agus is lugha a bheam ’á lorg ó pholl go poll,” arsa mise leis.

Dob’ é críoch agus deire na mbeart é go raibh sé geal a dhóthain san am gur bhogamair agus dob’ ’in é an uair díreach a tháinig an conach ar lucht na n-amhrán; gach a raibh ar an saoghal aca ag séideadh suas i n-éineacht.

“Ní ró fhada go mbeidh na leaideanna thiar ag fágaint na cloiche,” arsa Paidí.

Níorbh’ fhada go raibh an lá geal go maith agus go raibh róinte le feiscint go tiugh i ndrom na cloiche, cuid aca agus a gceann anáirde aca, ceann eile aca agus é ag tabhairt snap thall ’s i bhfus ortha, ceann mór groidhe tamall maith os a gcionn anáirde agus gan cor fós as. Dubhairt an fear eile liom gur ’n-a chodladh do bhí san fós agus an uair a dhúiseochadh san gurbh’ eadh bheadh an dul trí ’chéile ar an gcloich. Ba dhóigh leat air gur ’n-a dteannta riamh do bhí sé féin, do bhí oiread san cur amach aige ortha seachas mise.

D’fhanamair ceangailte de phota nó go raibh gach ceann aca beagnach thíos insa pholl i ndiaidh a chéile agus do chuireadar [ 201 ] an méid sin de ghnó na maidine amú orainn. Insa deire do mhúscail an ceann mór as a shuan agus an uair a thóg sé anáirde a cheann ba chomh-chlos ar fuaid na h-áite go léir an scread mhillte do leig sé as. Dob’ é seo an maor a bhí ortha beag agus mór. Níor ró fhada gur thug sé aghaidh le fánaidh.

Tarbh dob’ eadh é comh mór le h-aon tarbh riamh do bhí ar an dtalamh tirm. An rón ba ghiorra dho do bhuail a shrón fé agus do thóg anáirde é aoirde crainn báid agus níor stad sé de’n iarracht san nó gur buaileadh amuich ar an bhfairrge é. B’in é an uair do bhí an cogadh ar an aonach nuair a chonnaic an chuid eile an radharc san! Bhí gach ceann aca ag baint an uisce amach ar a gcroidhe díchill agus an ceann aca do bhíodh mall an uair a thagadh so air do bhuaileadh a choinncinn fé agus do thógadh anáirde insa spéir é riamh agus choidhche gur chuir sé amach ar an bhfairrge gach ceann d’á raibh tirm agus ba mhór é.

D’fhan an fear mór so tamall ’n-a ndiaidh ar an gcloich ag tarrac ’anáile agus ag féachaint an rabhadar ar fad le n-a chéile aige. Annsan thug sé féin fé’n bhfairrge síos agus an tonn d’éirigh mar ar thuit sé dubhairt an bheirt againn le n-a chéile go mbáthfadh sé beag-long. An fhaid a bhí an dul trí ’chéile seo ar siubhal aca ní raibh fead ná glaodh aca, creid me leis.

Do bheadh ár bpotaí go rábach socair suas againn an fhaid a bhí an t-oireachtas so ar siubhal agus do cheapas ná staonfadh an fear eile comh fada, ach do dhein. Is dóigh liom gur chuir na clis a bhí ar siubhal an uair seo aca greannúireacht air comh maith liom-sa. Ní rabhamair i bhfad ag tarrac na bpotaí ’n-a dhiaidh sin mar do bhíodar soiléir le feiscint agus gan puinn uisce ortha. Do bhí seilg mhaith againn ar maidin—glan trí dosaein go h-árd. Deirim-se leat má bhí an naomhóg beag féin againn go raibh an tseilg mór.

Do chaitheamair an saosúr mar seo gach oidhche do bhí breagh. Ní mór a théigheann insna potaí de ló ná d’oidhche [ 202 ]má bhíonn an fhairrge suaithte. Is maith leis an ngliomach an t-uisce do bheith socair ciúin le linn gliúmála dho féin.


Maidin áirithe aca do bhíomair ullamh chun teacht abhaile agus do bhí míobháinín de ghaoith aniar ann agus ar bogadh amach dúinn iseadh do bhí scuilb raice againn le feiscint. Do phriocamair suas iad. I n-áit eile do bhí a thuille le fagháil di. Lán na naomhóige do bhí againn láithreach agus a thuille ag gluaiseacht leis an dtaoide.

B’éigean dúinn casadh ar Bheiginis agus an naomhóg d’fholmhú agus sáth amach arís. Do bhí an raic ag gluaiseacht go tiugh de dhruim poinnte go raibh an taoide ag teacht d’á dhruim. Do bhí cláracha bána, nua glan, ag gluaiseacht. B’éigean dúinn téad a bhaint de phota agus dosaon clár a chur innti agus iad a tharrac ár ndiaidh ⁊ casadh isteach mar a raibh an chuid eile againn agus iad a shábháil. Do bhí sé cinn déag insa tróig seo againn agus amhras ar a thuille faid a bheadh an taoide ar siubhal.

Ní raibh aon rud ag teacht liom anois ach an t-ocras. Obair throm tar éis na h-oidhche, agus suathadh maith dob’ eadh na cláracha do chur le chéile ach do chuireamair romhainn an bheart a dhéanamh comh fada agus do bheadh an ailp ag gluaiseacht. Maidir leis an bPúncán ní bhíodh ocras ná tart ná codladh go deo air.

Do chuireas i n-iúl do go raibh ocras ag teacht orainn agus é i n-am againn. Féachaint cad déarfadh sé seadh bhíos, agus ’á bhraith, mar ’dheadh.

“Dera, ’dhuine! ná fuil a’ sean-fhocal id’ cheann agat ní foláir, ‘mairbh a’ t-iasc an uair a gheobhair é.’ An b’amhlaidh a cheapann tú go mbeidh raic le fagháil gach am is maith leat?” arsa Paidí.

Do bhí amhras agam gurbh’ ’eo mar gheobhainn an freagra agus ’fhios agam féin leis go raibh an ceart ann mar nach i gcomhnaidhe bhíonn rudaí mar seo ag gluaiseacht. Níor dheineamair staonadh an fhaid do sheasaimh an taoide do bhí [ 203 ]’á mbailiú chughainn. Do bhí an t-ocras ag imeacht dínn an uair a chuaidh sé thar am againn an biadh d’fhagháil. Is ag dul chun laige a bhíonn duine as san amach agus is sin mar a bhí againn-ne.

Isteach sa lá do chonnacamair bád agus bád eile thall agus i bhfus ag bailiú na raice ar ár gcuma féin. Insan am san do bhí tuairim trí fichid clár bán sábhálta i mBeiginis leis an naomhóig bhig age beirt againn. Do dhein an stracaire bocht Púncáin árd-obair an lá úd. Is minic a bhíodh bealach maith idir sinn agus an talamh san am go mbíodh dosaon clár curtha agam-sa ’on téid agus ba mhinic gurbh’ é féin a thugadh i dtír iad gan aon chongnamh uaim-sa.

Do bhí an scéal go maith againn-ne ach cad mar gheall ar an muinntir a bhí age baile gur bhaineamair leo—sinn fágaithe an tigh tar éis dinnéir an lá roimis sin agus aimsir dinnéir lár-na-mháireach ann agus gan sinn tagaithe—cad a bhí le rádh ach nár mhaireamair?

Pé naomhóg a bhí timcheall na dtighthe insan am so, ó b’é an chaol-chuid aca a bhí, mar do bhíodar insna h-oileáin bheaga leis na potaí agus an méid aca ná raibh, bhíodar ag lorg raice insan am so. Leis sin ní raibh maide rámha ná naomhóg ar an gcalath chun dul ar ár dtuairisc.

An uair a bhíomair féin tnáithte, cortha agus an taoide athraithe agus an t-adhmad ag dul chun gannachúise thugamair ár n-aghaidh ar an dtigh agus mise ’á rádh leat, a léightheóir, dá mbeadh aon phuth gaoithe ár gcoinne ná sroichfimís é.

Ní raibh aon chainnt ach an méid adhmaid a bhí bailithe i mBeiginis age naomhóg bheag na beirte agus is mó lá ’n-a dhiaidh sin a fuaireamair clár, agus smuit, agus ailpeanna adhmaid. Do dhíolamair timcheall ’s a leath i mBeiginis agus dob’ éigean dúinn an leath eile thabhairt abhaile linn as mar nár fágadh aon smut riamh do bheadh ar sábháilt ann gan goid.