An t-Oileánach/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Mé im’ fhear
[ 102 ]

XI
Mé im’ fhear

An cor mór éisc, an bhean bhéal-dorais caillte, an seisear ógbhan.

Ós rud é gur chuir an file siar ó lá an tsaothair mhóir me gan oiread agus portach móna do bhaint, do cheapas lá eile chun a dhéanta. Níor thugas liom aon dinnéar an lá so, mar dubhairt mo mháthair liom go gcuirfeadh sí giarsach ag triall orm le beagán de bhiadh the.

Sin mar bhí. Do phreabas liom an cnoc amach, agus do thána suas le beirt eile go raibh an fuadar céadna fútha. Ar an slí dhúinn chun an tsléibhe, casadh súl dár thug duine aca, cad do chífeadh sé ná ráth éisc fé ár mbun síos i n‑aice na cloiche. “An diabhal,” ar seisean, “féachaidh an t‑iasc go léir a ráithíocht!” B’eo linn abhaile, agus siubhal fúinn. Do cuireadh bád ar snámh, agus buaileadh isteach na líonta innte; agus níor stadamair nó gur bhaineamair amach an áit go raibh an ráth. Bhí sí ar barra fós comh maith agus do bhí riamh. Do chaitheamair amach an líon agus do thánamair timcheall uirthi. Do thógamair lán ár mbáid féin, agus do bhí lán báid eile insa líon fós.

B’éigean fear do chur amach ar an gcloich chun báid eile do theacht ó’n gcalath, chun é thabhairt chun cinn. Is orm féin do deineadh beartú chun dul abhaile, agus lucht an bháid eile do sholáthar, agus, ní ar shon mé féin ’á rádh é, níorbh’ fhuraiste dhuit mo leithéid féin eile d’fhagháil do bhainfeadh barra an [ 103 ]chnuic amach díom. Ar shroichstint an tighe dham, níor mhór na fearaibh do bhí le fagháil, mar do bhí gach nduine aca ’n‑a phost féin. Ní raibh sa Bhlascaod an bhliain seo ach aon bhád amháin saidhne, ach báid bheaga. Is ceann aca san do b’éigean dam a chur i bhfearas; agus beirt eile, sean-daoine, im’ theannta féin an chriú do bhí innti. Seadh, do dheineamair an bheart, mar do bhí an lá ana-bhreagh. Nuair do shroicheamair bád an tsaidhne do líonadh isteach ’on bhád beag an méid dob’ fhéidir léi do thabhairt léi; ach fós do bhí an scéal comh breallach agus do bhí riamh, mar ná raibh an saidhne folamh fós. Do bhí lán báid eile d’iasc ann. Bhí an scéal so docht go maith, toisc fearaibh do bheith gann chun báid eile do chur le chéile.

’Sé seift do deineadh ná an bád beag do bhí lán do chomáint abhaile, agus an t‑iasc do chur aisti, agus í theacht arís. Sin mar bhí. Do buaileadh cheithre mhaide uirthi, agus fear d’á stiúradh. Ní raibh sí i bhfad san am go raibh sí thar n‑ais arís. Do buaileadh isteach fén saidhne í, agus do bhí a lán go smeig ann. B’eo leis an dá bhád i n‑éineacht abhaile, agus iad síos go gunail. Maircréil Bhealtaine do b’eadh iad go raibh faid do láimhe is gach ceann aca. Dubhairt na fir aosta ná feacadar riamh aon chladach éisc ba bhreaghtha ’ná é i n‑aon tsaidhne amháin. Do lean bráca mhaith ’n‑a dhiaidh sin é: é níghe agus salann do chur air, mar ná raibh ceannaidheacht úr air insan am úd. A h‑ocht míle maircréal do bhí insa chlais, mar do bhí an t‑iasc garbh.

Tnáithte go maith do bhíomair tar éis iascaigh an lae, agus do chodlamair an oidhche go maith, ná bíodh eagla ort.


Go moch ar maidin do buaileadh buille ar an ndoras. Bhí iongnadh ar mo mháthair, mar is í oscail é. Cé bhéadh ann ná mac na caillighe, agus é ag soláthar daoine chun an tsagairt do thabhairt chun a mháthar do bhí an-olc ó mheadhon oidhche aréir. Do ghlaoidh mo mháthair orm féin agus me im’ throm-shuan san am san. Do phreabas im’ shuidhe. Ní raibh [ 104 ]gnó agam-sa teip im’ chuid féin de’n scéal gan í fhriotháilt i dtaobh an tsagairt. D’fháisceas suas me féin, agus do bhí sáspan bainne te age m’ mháthair an fhaid do bhíos ’á dhéanamh. Do shloigeas siar é agus cannta aráin, agus amach an doras liom.

Do ráinig liom a bheith ar na chéad fhir do shroich an calath, ach bhí fear ar fhear ag teacht nó go rabhamair le chéile. Bhí an mhaidean breagh bog, ach go raibh sí dorcha. B’eo linn nó gur shroicheamair Dúnchaoin; agus chuaidh mac na mná breóite fé dhéin an tsagairt go Paróiste an Fhirtéaraigh, agus dailtín eile i n‑éineacht leis.

Do bhí an lá ’á mheilt, agus ní raibh cú ná teachtaire ag teacht; ach fé dheire, agus an lá maol, tháinig an sagart agus gan aon phioc de thuairisc na beirte eile aige, ó ghlaodar go luath insa lá air. Chuireamair an bád go dtí an t‑uisce, thógamair an sagart, agus as go bráth linn chun na fairrge go dtí an Blascaod. Níorbh’ fhada ó thalamh do bhíomair san am gur thuit scailp cheóigh ná feicfeá méar do chur id’ shúil, ach do bhíomair ag rámhaidheacht ar feadh i bhfad, ach ní raibh radharc ar thalamh ná ar thigh againn. Do bhíomair comh fada san ag obair gur bhuail tuirse sinn agus do bhí fhios againn go rabhamair amú agus nárbh’ aon mhaith dhúinn a bheith ag obair agus do stadamair suas ar fad. Ansan d’fhiafruigh an sagart dínn an raibh an scéal tabhartha suas againn. Dubhramair leis go raibh, go mbeadh an talamh againn fadó mara mbeadh sinn a bheith amú. Do mhúscail an sagart a leabhar agus insan am san, súil d’ár thug fear éigin, do chonnaic sé cloch nó stocán, agus do b’eo linn fé n‑a dhéin, ach, mo léir, do bhíomair trí mhíle ar seachrán.

Seadh, do thug sé sórt breacadh air féin nó gur bhaineamair an caladh amach, agus do bhí an tráthnóna ann an uair seo. Níor mhór an mhoill do dhein an sagart san am go raibh sé orainn arís, agus do b’eo linn insa tsiubhal arís. Do bhí an chonntráth ann san am go rabhamair amuich. Súil d’ár thug [ 105 ]fear éigin, cad do chífeadh sé ná an dá dhailtín i n‑imeall an chladaigh, agus fuil ’n‑a slaoda ortha, ó bheith ag tuitim agus ag éirghe le barr dighe; ach cad é an tábhacht duine aca ach an fear go raibh a mháthair le béal báis, mac na caillighe? Do chasamair ar an dtigh, agus ní raibh an lá ’n‑a shaoire againn, ach oiread le lá an éisc mhóir.

Seo mar bhíonn saoghal an duine ’á mheilt, agus meiltear a lán de ar bheag tairbhe. Bhí mo sheachtain caithte agam gan móin, an rud do chuireas rómham ’n‑a tosach—ach go raibh dorn maith éisc agam.

Cúpla lá do mhair an bhean liath ’n‑a dhiaidh sin. B’in obair eile arís: dul go dtí an baile mór agus neithe oiriúnacha do thabhairt as chun an tóraimh. Is gnáthach gur b’iad an mhuinntir a thugann an sagart chun cinn, a thugann an tóramh leo. Leis sin, níor imigh an cúrsa i gan fhios domh-sa, dar ndóigh; mar tháinig an mac go béal an dorais. Ní h‑é an t‑eiteach thugas uaim, dar ndóigh. B’eo linn sa tsiubhal, bád mór an tsaidhne againn, hochtar fear againn, cheithre mhaide rámha, beirt ar gach maide de thrí cinn aca, fear aonair ar an maide eile, agus fear ’á stiúradh. Do shroicheamair Dúnchaoin, do sholáthair sé capall ann, agus do b’eo leo chun bóthair, triúr fear sa chairt, beirt ó’n oileán agus fear an chapaill, agus bean ’n‑a dteannta. Sean-nós iseadh bean do bheith i dtreó gach tóraimh.

D’fhanas i nDúnchaoin. Ar a shon ná rabhas ag cainnt, do cheapas ná béadh an capall age baile go h‑obann. Ach do bhí.

Bhí tóramh maith ar an gcailligh comh maith leo. Bhí piúnt leanna duibhe, leis, le fagháil ann, agus gloine ’bhiotáile.

Bhí an lá gur tógadh amach í ana-bhreagh ach go raibh a h‑áit dúthchais achar maith ó bhaile, i dteampall Fionntrágha. Bhí tigh tábhairne insa pharóiste sin, agus ba ghnáth-bhéas age lucht sochraide babhta óil do dhéanamh ann. Do chuaidh ár bhformhór-na, leis, an lá so ann. An fear nár chuaidh, do bhí sé ag baint an tighe amach, agus é déanach go leór san am go raibh sé bainte amach againn. D’fhan an chuid eile insa [ 106 ]pharóiste go dtí lár n‑a mháireach, agus timcheall meán lae do shroicheadar an baile. Do b’é seo an chríoch dheireannach ar an mnaoi léith bhéal-dorais, agus geallaim-se dhuit, marar ráinig liom-sa do bheith saidhbhir féin le linn imeacht di, nárbh’ ise ba chionntach leis, ná raibh faic agam le cur ’n‑a leith.


Seadh, do bhí an méid sin déanta, ach ní chothuigheann an marbh an beo; agus do bhí gach nduine againn ag beartú ar an ngnó ba mheasa gan déanamh. Ó’n uair gurbh’ é am na móna do bhí ann, is fé’n gcnoc do bhí gach nduine ag tabhairt, agus an fear mar bhíodh ullamh is ann a thugadh sé aghaidh. Do bhí mo ramhan féin insa phortach i gcómhnuidhe, agus gur chuma liom dá mbéadh an mhóin bainte agam sara mbéadh an triomach tagaithe. Níor stadas de’n ráib sin nó gur rugas ar fheach na raimhne im’ dhóid.

Bhíos ag déanamh go h‑áluinn ar feadh formhór an lae, agus saothar maith déanta agam, san am gur ghluais chugham fé bhrághaid ba do thiomáint abhaile gach a raibh de mhná óga insan oileán. Do b’eo chugham na mná óga úd, duine aca ag stathadh mo chluaise, duine eile aca ag baint na raimhne as mo láimh, beirt eile ag faire orm chun me chur ar shlait mo dhroma ’on phortach, chun go mbeadh seódh aca orm. An cleas ná béadh machtnaithe age duine aca do bhíodh sé go luath age duine eile.

Is maith do bhí fhios agam go raibh mo chuid móna bainte insa lá san an t‑am go bhfeaca mapa an chéad chinn aca ag teacht im’ sholus. Mar an méid d’óg-mhná do bhí ann an uair sin, ba gheall le pat-fhiain do bhíodar; agus, cé go rabhas bog-chortha go maith rómpa, go fíor is iad so do chuir críochnú ar mo bhrácadh. Níorbh’ iongnadh san: seisear d’óg-mhná do bhí i mbéal a dtugtha amach, lán de theasbach, pé sórt bídh nó díghe do bhí aca. Is fuiriste fuineadh i dteannta na mine, agus dob’ in ionbhadh aca so é; pantalóga tútach’ láidir’ do bhí comh folláin leis an mbreac sa mhuir, gur chuma dhóibh cad do bheadh ar an mbórd aca, agus ba chuma leo é.

[ 107 ]D’á dhéine do chuadar orm, níor chuireadar chun feirge ná chun uilc me, dar ndóigh. Do b’ait an rud dom dá gcuirfidís. Isé mire na h‑óige do bhí ag cur ortha; agus, darnó, nárbh’ é mo cheart-sa an spréach chéadna do bheith ag baint liom féin; mar ba mhó fear óg mar me gurbh’ fhearr leis iad so do bheith ag imirt air ná a raibh de mhóin ar na sléibhte.

Ceann des na laetheannta ’n‑a dhiaidh seo, sé sin, an lá go rabhas chun deire do bheith agam leis an móin go dtí an aith-bhliain, pé mhairfeadh, cad do bhuailfeadh chugham ná an gasra céadna ban óg. Ag tiomáint ba abhaile do bhídís, agus crosa ag baint leo ’n‑a theannta san. Do fuaireadar amach me gan amhras. B’eo chugham láithreach iad, ag caitheamh urchar agus ag déanamh gach cros. Toisc gurbh’ é an clousúr agam féin ar bhaint na móna é, dubhart liom féin go gcaithfinn an chuid eile den tráthnóna ag súgradh leo. Ní raibh aon duine den seisear go sméidfinn uirthi ná go raghadh liom go toilteanach chun buan-cheangal do bheith eadrainn; ach pé duine go raibh mo shúil-se uirthi san am san, níorbh air aenne de’n seisear é. Ba chuma san—níorbh aon urchar millte liom tamall grinn do bheith agam ortha; rud is go raibh, go díreach. Pé tuirse do bhí orm d’imigh sé dhíom, mar do thugadh an seisear féin fé chéile go minic, agus ba chomh-luath ’n‑a seasamh iad nó leagaithe age n‑a chéile agus mise aca.

Is fada do bhí cuimhne ar an dtráthnóna úd agam, agus tá fós. Dubhairt an t‑údar: “Is aicme iad na mná nách fearrde duine bhíonn leo”; agus do b’in ionbhadh agam-sa é, mar do chuireadar ar seachrán óm’ ghnó as san amach me.

Fé mar tá luaidhte agam i dtaobh na n‑óg-bhan so gur baoghalach ná raghadh mo ghnóthaí chun cinn go ceann achair maith d’á ndeascaibh, bhíos fíor; mar, an uair do chonnac de mhuin mairc a chéile an tráthnóna úd iad seadh do buaileadh im’ aigne ná beadh aon ghnó ba thairbhighe dhom ná ceann d’á sórt do shroichstint mar mhnaoi dom féin agus an t‑am agam an uair sin.