An rí nach raibh le fáil bháis
From Wikisource
A Donegal folk tale published in Irisleabhar na Gaedhilge vol. 6 (1896).
Bhí rí ann i bhfad ó shin agus bhí sé le bheith beo riamh go n-inseodh a mhac féin sean-scéal dó. Bhí sé pósta ar sheisear ban i ndiaidh a chéile, ach mharaigh sé alig an tsaoil iad, ar eagla go mbeadh páistí ar bith acu. Lá amháin bhí sé ag dul thar leis an bhealach mór, agus a thiománaí leis. Chonaic sé cailín ag níochán i sruthán le cois an bhealaigh mhóir agus chuir sé an tiománaí síos ag fiafraí di an bpósfadh sí é. Is é a dúirt sí leis an tiománaí: "Stad do chuid déanamh grinn agus magaidh ormsa." Chuaigh an rí é féin síos ansin agus d'fhiafraigh di an bpósfadh sí é. Dúirt sí go bpósfadh; agus pósadh iad agus thug an rí ina bhaile í. Bliain ina dhiaidh sin, thug an rí fá deara an tromas a bhí ag éirí inti, ach lig sise uirthi gurbh é an bia maith a bhí sí ag fáil a bhí ag cur an bhisigh sin uirthi. Tamall ina dhiaidh sin d'iarr sí cead ar an rí cuairt a thabhairt ar a máthair, agus thug sé an cead sin di.
Chuaigh sí abhaile ansin agus ní raibh sí i bhfad ina dhiaidh sin, nuair a bhí mac óg aici, agus cheil sí é ar an rí, ar eagla go maródh sé é. Chuir sí an páiste ar oiliúint agus chuaigh sí ar ais chun an rí. Nuair a d'fhás an gasúr suas, chuir a mháthair ar scoil é, agus bhíodh sí ag tabhairt airgid dó, gan fhios don rí, le leabhair agus neithe a cheannach dó. Ní raibh fios ar bith aige cia a athair; agus lá amháin bhí sé gan airgead, agus chuala sé iomrá ar an rí seo go raibh sé maith le tabhairt uaidh airgid. Chuaigh sé ionsar an rí agus fuair sé é ar shuíochán sa gharraí, agus d'iarr sé airgead air. "An bhfuil sean-scéal ar bith agat le hinsint dom?" arsa an rí. "Níl," arsa an bhuachaill. "Maise ní thiúrfaidh mise airgead ar bith duit," arsa an rí.
D'imigh an t-ógánach leis mar tháinig sé. Níor shiúl sé i bhfad go bhfaca sé páirc mhór agus mórán eallaí inti, agus thug sé fá deara go raibh na heallaí lom, bocht, gan fheoil, gidh go raibh an féar suas go dtí na hadharca orthu. Nuair a chuaigh sé giofta eile, chonaic sé chuibhreann talún agus scota mór caorach ann, agus bhí siad ramhar, feolmhar, beathaithe, gidh nach raibh an féar ach go han-lom.
Shiúl sé leis arís gur casadh air tobar uisce. Bhí sé bric ag dul thart san uisce, agus ceann amháin i lár báire nach raibh ag corrú. Shiúl sé leis arís, gur casadh air poll mór uisce i lár a chasáin. Bhí planc trasna ar an pholl agus bhí mada mór millteach dubh, ar a raibh slabhra iarainn ceangailte, leath-bhealaigh ar an phlanc. Nuair a chuir an bhuachaill a chos ar an phlanc, le dul thar an pholl, lúb sí síos san uisce, ar mhodh go raibh an t-ógánach ar tí bheith báite, go ndearna sé é féin a choisriceadh, agus ar an mhóimid d'éirigh an phlanc comh daingean le Gaigean, agus léim an mada dubh síos san pholl as a bhealach.
D'imigh sé leis arís, agus casadh air teach pobail, agus chuaigh sé isteach ann. Bhí sagart ar an altóir agus d'fhiafraigh sé an raibh aon duine ansin a dhéanfadh Aifreann a fhritheolamh. Dúirt an t-ógánach go ndéanfadh seisean é a fhritheolamh agus rinne sé sin. Tháinig sé colmáin gheala isteach ar an doras, agus shuigh siad ar philéar go raibh an tAifreann thart, agus ansin chuaigh siad amach ar ais. D'imigh an buachaill amach ar an tigh phobail arís, agus fuair sé é féin i ngarraí álainn breá plúr, agus bhain sé ceann do na plúir agus thug leis é. Dar leis féin ansin "dá mbeinn ar ais ag an rí anois, thiocfadh liom scéalta iontacha insint dó, agus gheobhainn airgead uaidh"; agus mar sin de d'fhill sé ar ais ionsar an rí, agus fuair sé ina shuí sa gharraí é. "Cá bhfuil tú ag dul anois?" arsa an rí. "Nach goirid ó bhí tú anseo roimhe?"
"Tig liom scéalta a insint duit anois," arsa an gasúr.
"Maise inis leat," labhair an rí. D'inis an gasúr dó fán pháirc eallaí a chonaic sé a bhí comh bocht sin agus an méad féir a bhí acu.
"Inseoidh mise duit cad é ba chiall dó sin," arsa an rí; "is é sin daoine a bhí ag troid ar an tsaol seo, agus droch-theacht-le-chéile acu, agus beidh siad sa chruachás sin go dtí lá an bhreithiúnais."
D'inis an t-ógánach dó fá na caoraigh ramhra sa pháirc lom. "Is é sin dea-dhaoine a bhí maith, carthanach le chéile ar an tsaol seo, agus beidh an gléas maith sin orthu go lá an bhreithiúnais."
D'inis an gasúr dó fán tobar uisce ina raibh sé bric ag dul thart agus ceann amháin a lár báire nach raibh ag corrú.
"Sin sé lá na seachtaine a bhí ag dul thart, agus an Domhnach ar socair."
D'inis dó fán pholl mór uisce agus an casán caol thairis, agus an mada dubh ag a choimhéad.
"Sin Ifreann," arsa an rí, "agus is é an Diabhal a bhí sa chasán, agus mura gcoisricfeá thú féin sa mhóimid sin, bheifeá caillte."
D'inis an buachaill dó fán tigh phobail agus fán Aifreann agus na sé colmáin a tháinig ag éisteacht leis.
"Is é sin sé mná a bhí agamsa, agus mharaigh mé alig go léir iad, ar eagla go mbeadh páistí ar bith acu."
D'inis an gasúr dó fán gharraí plúr a chonaic sé, "agus," ar seisean, "ar eagla nach gcreidfí mé, bhain mé ceann de na plúir, agus thug liom é agus sin chugat é."
"Tá eagla orm," dúirt an rí, "go bhfuil mé caillte, óir ba chóir gur mhac dom atá sa phlúr seo." Scairt sé ar a bhean, agus d'fhiafraigh di an raibh riamh mac aici dhó-san.
"Bhí," ar sí; "agus sin é os do choinne ansin." Nuair a chuala an rí seo, ghlac sé támh agus thit sé marbh ar an talamh.
Thug an bhanríon an t-ógánach isteach sa phálás, agus bhí ríocht agus saibhreas an tsean-rí alig aige; agus bhí sé féin agus a mháthair go sona, séanmhar ó shin amach: agus mar raibh siadsan go mbeidh sinne.