Amhrán na bhFiann

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search

<Wikisource:National anthems

Amhrán na bhFiann (as Gaeilge)

Seo dhíbh, a cháirde, duan Ógláigh,
Caithréimeach bríomhar ceolmhar,
Ár dtinte cnámh go buacach táid,
'S an spéir go mín réaltógach,
Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo,
'S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló,
Fé chiúnas chaomh na hoíche ar seol,
Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.


Curfá
Sinne Fianna Fáil,
Atá fé gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua,
Thar toinn do ráinig chugainn,
Fé mhóid bheith saor,
Seantír ár sinsir feasta
Ní fhágfar fén tiorán ná fén tráill,
Anocht a théann sa bhearna bhaoil,
Le gean ar Ghaeil, chun bás nó saol,
Le gunna scréach, fé lámhach na bpiléar,
Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.


Cois bánta réidhe, ar árdaibh sléibhe,
Ba bhuachach ár sinsir romhainn,
Ag lámhach go tréan fén sár-bhrat séin
Tá thuas sa ghaoith go seolta
Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh
Gan iompáil siar ó imirt áir,
'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad
Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann


Curfá


A bhuíon nach fann, d'fhuil Ghaeil is Gall,
Sin breacadh lae na saoirse,
Ta scéimhle 's scanradh i gcroíthe namhád,
Roimh ranna laochra ár dtíre.
Ár dtinte is tréith gan spréach anois,
Sin luisne ghlé san spéir anoir,
'S an bíobha i raon na bpiléar agaibh:
Seo libh, canaídh Amhrán na bh Fiann.


Curfá